Na taoidí
An Ghealach is mó is cúis leis na taoidí i bhfarraigí an Domhain, agus iarmhairt lag ag an nGrian orthu freisin.
Aomann imtharraingt na Gealaí an t-uisce atá ar thaobh an Domhain gar don Ghealach i dtreo na Gealaí, agus aomann sé an Domhan soladach amach ón uisce ar an taobh urchomhaireach den Domhan. Bíonn lán mara ag an dá áit urchomhaireacha sin, agus lag trá ag an dá áit atá ar trastomhas atá ingearach leis an trastomhas trí na háiteanna lán mara. Le rothlú an Domhain ar a ais, tarlaíonn dhá thaoide lán mara is dhá thaoide lag trá gach lá. Feidhmíonn imtharraingt na Gréine ar an mbealach céanna, ach de bhrí go bhfuil an Ghrian chomh fada sin amach ón Domhan, is lú ar fad a hiarmhairt ná iarmhairt na Gealaí bíodh is gur mó i bhfad a mais. Mar sin féin tarlaíonn rabharta, leis an taoide ag a huasairde, nuair a bhíonn an Ghealach, an Domhan is an Ghrian ar aon líne agus an dá imtharraingt ag feidhmiú as lámha a chéile. Nuair a bhíonn an Ghealach ina dara is a 4ú ceathrú a tharlaíonn sé seo. Ansin tarlaíonn mallmhuir leis an taoide ag a híosairde nuair a bhíonn an Ghealach is an Ghrian ar threonna ingearacha ón Domhan. Tarlaíonn sin nuair a bhíonn an Ghealach ina céad is a 3ú ceathrú.
De bhrí gur féidir iarmhairtí seo na Gealaí is na Gréine a ríomh, is féidir am is airde na taoide a ríomh i gcomhair aon áite is dáta is mian. Foilsítear an t-eolas seo i dtáblaí taoidí.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Taoide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Taoide laethúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |