Baile Átha Cliath Theas-Lár (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Baile Átha Cliath Lár-Dheisceart.
Baile Átha Cliath Theas-Lár | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1948 |
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Catherine Byrne (Fine Gael), Bríd Smith (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Joan Collins (Independents 4 Change nó Right to Change). Theip ar Eric Byrne (LO) agus Catherine Ardagh (FF).
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Patrick Costello (CG), Bríd Smith (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Joan Collins (Independents 4 Change). Bhí Aengus Ó Snodaigh (SF), urlabhraí Gaeilge a pháirtí, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 17,015 vóta, beagnach dhá chuóta, ach ní raibh ag Sinn Féin ach an t-aon iarrthóir amháin, bainistiú mí-éifeachtach ag an am. Bríd Smith (PsB) agus Joan Collins (R2Ch) is mó a fuair vótaí aistrithe uaidh agus toghadh an bheirt acu, a bhuíochas do Shinn Féin. Theip ar Catherine Ardagh (FF) aon uair amháin eile.[1]
Sna toghcháin áitiúla 2024 ní mórán tacaíochta a bhí ag iarrthóirí Fhianna Fáil (8%) ná ag iarrthóirí Fhine Gael (4%) sa gceantar i gcomparáid le 18% ag iarrthóirí ó Shinn Féin; 5% araon ag an Lucht Oibre agus 8% ag an gComhaontas Glas. Bhí 22% ag iarrthóirí eile ar an eite chlé.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, sheas ochtar déag iarrthóirí, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Aengus Ó Snodaigh (SF), Joan Collins (R2Ch) agus Patrick Costello (CG). D'éirigh Bríd Smith (PsB) as: ina háit bhí Hazel de Nortúin[2] (PsB agjs cainteoir Gaeilge).[1]
Toghadh Catherine Ardagh (FF) ar dtús in 2024. Ansin toghadh Ó Snodaigh, a chomhghleacaí ó Shinn Féin Máire Devine, agus Jen Cummins ó na Daonlathaithe Sóisialta ar an 15ú comhaireamh gan an cuóta a bhaint amach.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Beirt chainteoirí Gaeilge le suíochán a fháil I ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh aire na Gaeltachta na cosa léi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.
- ↑ Fuair 1,304 vóta sna toghcháin áitiúla 2024 i mBaile Formaid-Droimeanach. Is cainteoir líofa Gaeilge í Hazel de Nortúin a chloistear ar Raidió na Gaeltachta anois is arís. Bhí sí gníomhach i bhfeachtas le Gaelscoil nua a bhunú i mBaile Formaid.
- ↑ "TUAIRISC BHEO: Fine Gael fágtha ar an trá fholamh i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-01). Dáta rochtana: 2024-12-01.