Fine Gael

páirtí polaitíochta Éireannach

Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann is ea Fine Gael. Tá sé ar an dara páirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus tá ceannaire an pháirtí, Leo Varadkar, ina Thaoiseach i láthair na huaire. Fuair an páirtí 20.9% de na vótaí céad-rogha agus 35 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, á chur ar an tríú páirtí is mó sa Dáil.

Bosca Sonraí EagraíochtaFine Gael
Sonraí
Ainm gearrFG Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas Críostaí
Eorpachas
coimeádachas liobrálach
liobrálachas eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh8 Meán Fómhair 1933
Bunaitheoir(í)Liam Tomás Mac Cosgair, Frank MacDermot agus Eoin Ó Dubhthaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePáirtí Phobal na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht21,000 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtMartin Heydon
Leo Varadkar (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfinegael.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: FineGael Flickr: fine_gael Cuir in eagar ar Wikidata

De réir mar a maíonn an páirtí féin, tá timpeall ar 30,000 duine ina mbaill d'Fhine Gael.[1] Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhine Gael mar an páirtí is faide ar an eite dheis de na páirtithe a bhfuil ionadaíocht acu i nDáil Éireann ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú go mór le cánacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnólachtaí.[2] Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fine Gael níos liobrálaí ná príomh-pháirtí traidisiúnta eile na hÉireann, Fianna Fáil, ach níos coimeádaí ná an chuid is mó de pháirtithe eite chlé na hÉireann.[2] Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus é ag cur in aghaidh Phoblachtánachas na láimhe láidre go tréan.

Tá siad ina mball de Pháirtí Eorpach an Phobail i bParlaimint na hEorpa, agus is iad na páirtithe Críost-daonlathacha, a bhíonn go ginearálta ins an ghrúpa seo chomh maith, na páirtithe is cosúla le Fine Gael i mór-roinn na hEorpa.

Stair cuir in eagar

 
Taoiseach Liam Cosgrave, 1976

Téann stair Fhine Gael siar go dtí laethanta an Chogaidh Chathartha. Ach níor tháinig an páirtí ar an bhfód roimh an mbliain 1933, nuair a tháinig an Lár-Pháirtí Náisiúnta, Cumann na nGaedheal agus an Garda Náisiúnta (nó "Na Léinte Gorma" tráth dá raibh) le chéile.

Polasaí i dtaobh na Gaeilge cuir in eagar

Bhí baint áirithe ag Fine Gael leis an Language Freedom Movement nuair a bhí an ghluaiseacht sin ag cur in aghaidh na "Gaeilge éigeantaí" sna 1960idí/1970idí, rud a tharraing míchlú áirithe frith-Ghaeilgeoireachta ar an bpáirtí ag an am.

In Earrach na bliana 2006, d'éiligh Éanna Ó Cionnaith, ceannaire an pháirtí, go maolófaí ar stádas na Gaeilge sna scoileanna. Is í an chiall a bhain gluaiseacht na Gaeilge as an gcineál sin cainte ná gurbh é seandúchas an pháirtí ó laethanta an LFM a tháinig chun solais arís.

Leanadh den pholasaí seo go dtí an bhliain 2011, ainneoin gan tacaíocht aon fhianaise a bheith ag an impleachtaí an pholasaí dar leo. Mar sin féin is beag cainte a rinneadh faoi tar éis allagar an toghcháin agus tuigeadh go raibh Páirtí an Lucht Oibre tar éis cur ina choinne mar pholasaí.

 
Taoiseach Seán de Briotún, 2011
 
Leo Varadkar, ceannaire láithreach an pháirtí, ag labhairt i 2011

Ceannairí an pháirtí cuir in eagar

Ceannaire Blianta Toghcheantar
Eoin Ó Dubhthaigh 1933–34 Ceann ar bith.
L. T. Mac Cosgair 1934–44 Ceatharlach-Cill Chainnigh
Risteard Ó Maolchatha 1944–59 Tiobraid Árann
Séamas Diolún 1959–65 Muineachán
Liam Mac Cosgair 1965–77 Dún Laoghaire
Gearóid Mac Gearailt 1977–87 Átha Cliath Theas Thoir
Ailéin de Diúc 1987–90 Cill Dara
Seán de Briotún 1990–2001 An Mhí
Micheál Ó Nuanáin 2001–02 Luimneach Thoir
Éanna Ó Cionnaith 2002–17 Maigh Eo
Leo Varadkar 2017– Bhaile Átha Cliath Thiar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Join Fine Gael". Fine Gael. Dáta rochtana: 2019-12-25.
  2. 2.0 2.1 "Fine Gael vs Fianna Fáil: what's the difference?" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-25. Dáta rochtana: 2019-12-25.