Páirtí an Lucht Oibre (Éire)

páirtí polaitíochta in Éirinn

Is páirtí polaitiúil Éireannach é Páirtí an Lucht Oibre (Béarla: The Labour Party ).

Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí an Lucht Oibre

AintiúnThe Red Flag Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrLab Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1912
Bunaitheoir(í)Séamus Ó Conghaile Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePáirtí na Sóisialaithe Eorpach
An tAontas Forásach
Idirnáisiúntas Sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtAlan Kelly (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáil Éireann
Seanad Éireann
rialtas áitiúil i bPoblacht na hÉireann
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlabour.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: labour Flickr: 32586689@N00 Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh é sa bhliain 1912. Ba iad Séamas Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus William O'Brien a bhí i mbun a bhunaithe agus a bhí chun tosaigh i stair luath an pháirtí.

De réir Bhunreacht an Pháirtí, is páirtí sóisialach daonlathach é Páirtí an Lucht Oibre. Seasann siad ar son "saoirse, comhphobal, ionnanas agus daonlathas". Meastar gurb ar an eite chlé atá an páirtí, agus iad ag tacú le cearta lucht oibre níos láidre, dáileadh níos cothroime den tsaibhreas, agus leibhéalta níos airde de chaitheamh poiblí. Meastar chomh maith gur páirtí liobrálach é i dtaobh na gceisteanna sóisialta, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú sa reifreann a ritheadh i bPoblacht na hÉireann i 2018.[1]

Is é an páirtí is sine i bPoblacht na hÉireann. Bhí sé sa rialtas seacht n-uaire ó bunaíodh é - gach uair mar bhall sóisearach de chomhrialtas. Bhí Pádraic Ó Coinín ina cheannaire ar an pháirtí idir 2002 agus 2007.

Faoi láthair, tá 7 suíochán acu i nDáil Éireann (6 ón olltoghchán agus ceann amháin buaite i bhfothoghchán), agus 5 i Seanad Éireann.

San Eoraip, tá siad ailínithe le Páirtí Sóisalach na hEorpa.

Stair cuir in eagar

I dTús an 20ú hAois cuir in eagar

Cé go raibh tacaíocht áirithe ag an bpáirtí seo thuaidh agus theas, níor toghadh aon bhall dá chuid sna Sé Chontae. Chinn siad gan seasamh in éadan Shinn Féin sna toghcháin i 1918 agus i 1921 i dTuaisceart Éireann agus d'fhág sin nach raibh aon duine acu sa Dáil[2]. Is soiléir anois go raibh an polasaí ina chonstaic mhór ar pháirtí nua a thosú.

Toghchán ceannaireachta, 2014 cuir in eagar

Ar 26 Bealtaine 2014, d'éirigh Mac Giollamóir mar cheannaire an pháirtí.

Iarrthóirí cuir in eagar

Ceannasaíocht
Leas-Cheannaire

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Labour vs Sinn Féin: what's the difference?" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Dáta rochtana: 2020-01-01.
  2. Cowman, Des (1991). Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach. (An Gúm).

Ceannairí cuir in eagar

Leas-Cheannairí* cuir in eagar


Bhí an ról tréighte i 2017 ag an gComhdháil Náisiúnta.

Sa Rialtas cuir in eagar

Suíomh Idirlín cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar