Ivana Bacik
Is polaiteoir, abhcóide agus bean léinn Éireannach í Ivana Catherine Bacik (a rugadh ar 25 Bealtaine 1968). Is Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í ón mbliain 1996, Seandóir ó 2007 agus Teachta Dála ó 2021.
(2014) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Bealtaine 1968 56 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Teachta Dála | |
9 Iúil 2021 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas Toghadh i: fothoghchán | |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016 Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Seanadóir na hÉireann | |
23 Meán Fómhair 2009 – 25 Aibreán 2011 Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath London School of Economics Coláiste Alexandra |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | ivanabacik.com |
Is í Bacik an ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ó Márta 2022. Tháinig i gcomharbacht ar Alan Kelly.[1]
Saol acadúil
cuir in eagarBhain Bacik céim dlí, LL. B., amach ó Choláiste na Tríonóide agus bhain sí céim LL. M. amach ón London School of Economics. Oibríonn sí mar abhcóide agus múineann sí cúrsaí sa Dlí Coiriúil, sa Choireolaíocht agus Phíonóseolaíocht, agus i dTeoiric an Fheimineachais agus an Dlí.
Déanann sí taighde sa Dlí Coiriúil agus Coireolaíocht, sa Dlí Bunreachtúil, i dteoiricí an fheimineachais agus an dlí, i gCearta Daonna agus i gceisteanna cothromaíochta sa dlí.
Rinneadh Comhalta de Choláiste na Tríonóide í sa bhliain 2005.
Ní annamh a luaitear Ivana in aon abairt le Mary Robinson agus Mary McAleese. Bhí an bheirt Mháire ina nOllúna Reid i gColáiste na Tríonóide agus, ar ndóigh, bhaineadar beirt araon oifig Uachtarán na hÉireann amach. Is minic a dhéantar trácht ar Ivana féin mar ábhar uachtaráin.[2]
Polaitíocht
cuir in eagarTá seasamh láidir tógtha aici i leith ceisteanna áirithe ('ar son rogha' go háirithe).[3] Bean í nár chúlaigh ón chonspóid riamh ina saol.[2] Is beag seachtain a rachas thart gan í a bheith ar an raidió nó an teilifís, nó alt dá cuid ar na nuachtáin.
1990idí
cuir in eagarIs duine iomráiteach í ó na 1990í nuair a bhí sí i mbun feachtais chun go mbeadh an ginmhilleadh ar fáil mar rogha do mhná.
I dtoghcháin na bliana 1997 níor éirigh le Bacik suíochán a fháil sa Seanad mar iarrthóir neamhspleách i dtoghcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath. An toradh céanna a bhí ar an iarracht chéanna i 2002. Ní raibh an t-ádh léi mar iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar shuíochán sa Pharlaimint Eorpach i 2004.
Seanadóir
cuir in eagarBhain Bacik suíochán amach i Seanad Éireann sa bhliain 2007 i ndáilcheantar Choláiste na Tríonóide.
Ainmníodh Bacik í mí Bealtaine 2009 mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre don fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lár ar an 5 Meitheamh 2009. Níor toghadh í. Fuair sí 4926 vóta ar an gcéad comhaireamh (17%). Bhí sí curtha ar aghaidh mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre ar an suíochán a d’fhág Tony Gregory ina dhiaidh nuair a fuair sé bás mí Eanáir 2009.[2]
T.D.
cuir in eagarI mí Iúil 2021, bhuaigh sí fothoghchán Dála Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre. Fuair Ivana Bacik 8,131 den 26,882 vóta céadrogha. 7,052 a fuair an té ba ghaire di, James Geoghegan ó Fhine Gael.[4] Bhain an bua seo croitheadh as an lucht ceannais i ngach páirtí sa rialtas ag an am.[5]
Pearsanta
cuir in eagarTá cónaí ar Bacik i bPortobello ina Dáilcheantar lena páirtí agus lena beirt iníonacha.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2022-03-24). "Ivana Bacik an ceannaire nua ar pháirtí an Lucht Oibre" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Alan Desmond (2009). "Ivana Bacik" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-10.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2021). "An bhféadfadh Lynn Boylan an chreach a bhaint d’Fhine Gael?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-07-09). "Bacik chun tosaigh tar éis an chéad chomhairimh" (as ga).
- ↑ Cathal Mac Coille (2021). "Ábhar machnaimh do na páirtithe i dtoradh an fhothoghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-10.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (2021). "Bacik ag brath ar aistriúcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-10.