Osclóidh seo an príomhroghchlár
Brat an Uachtaráin a thógadh isteach sa bhliain 1945

Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.

Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.

Clár ábhair

ToghadhCuir in Eagar

De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.

DualgaisCuir in Eagar

Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.

CumhachtaíCuir in Eagar

I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:

  • Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
  • An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
  • An tOireachtas a chomóradh
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
  • Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
  • Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)


Uachtaráin na hÉireann 1938-Cuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar