Is pairtí polaitiúil é Fianna Fáil i bPoblacht na hÉireann. Faoi láthair, is é Fianna Fáil an dara páirtí is mó i nDáil Éireann, agus iad ag tacú leis an rialtas trí chonradh muinín-agus-soláthar (en). Fuair an páirtí 24.3% de na vótaí céad-rogha agus 44 suíochán dála in Olltoghchán 2016.

Fianna Fáil
Fiannafail.jpg
Ceannasaíocht Mícheál Ó Máirtín
Bunaithe 23 Márta, 1926
Ceanncheathrú 65-66 Sráid an Mhóta Íochtarach
BÁC 2
Idé-eolaíocht Lárnachas
Poblachtánachas Éireannach
Pobalachas
Dáil Éireann
44 / 158
Seanad Éireann
13 / 60
Rialtas Áitiúil na hÉireann
262 / 949
Parlaimint na hEorpa
(Poblacht na hÉireann)
1 / 11
Cleamhnas Alliance of Liberals and Democrats for Europe
Dathanna Teimpléad:Colourbox Glas
Teimpléad:Colourbox Bán
Gréasáin www.fiannafail.ie

Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhianna Fáil mar páirtí atá ar an eite lár-dheis ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú le cáineacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnóthaí, ach ag tacú le caitheamh níos airde ar na seirbhísí poiblí, ar an tithíocht, agus ar an chosaint shóisialta ná mar atá ag iarraidh ó pháirtí is mó na hÉireann, Fine Gael. Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fianna Fáil sách coimeádach, agus an chuid is mó de Théachtaí Dála an pháirtí, mar shampla, ag tacú le vóta 'Níl' sa reifreann ar aisghairm an 8ú leasú (en). Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus tá siad páirteach ins an ghrúpa 'Athnualaigh', grúpa láir agus liobrálach, i bParlaimint na hEorpa

An páirtíCuir in Eagar

Bunaíodh an páirtí le trí bhunaidhm -

srl

Bhí an páirtí i gcumhacht i 23 Dáil as an 29 a bhí ann roimh 2009. Ba rialtas Fhianna Fáil é an rialtas is faide, ó 1932-1948, nuair a tháinig comhrialtas i gcomharba orthu, a thit ceithre bliain níos déanaí nuair a bhuaigh Fianna Fáil olltoghchán eile faoi Eamon de Valera.

AinmCuir in Eagar

Tagann an t-ainm ón seanchas mar ba bhuíon laochra iad na Fianna faoi cheannas Fhinn Mhic Cumhaill. B'ainm "Inis Fáil" a glacadh mar ainm eile ar Éirinn.

Is ar an 2 Aibreán 1926]] a rinne an páirtí cinneadh ar a ainm. Bhí Seán Lemass i bhfabhar an ainm 'The Republican Party', ach is Éamon De Valera, ceannaire an páirtí a rinne an cinneadh, agus is é an t-ainm 'Fianna Fáil' a phioc sé.

Is minic An Páirtí PoblachtachThe Republican Party mar fhotheideal ar ainm an pháirtí.

StairCuir in Eagar

CúlraCuir in Eagar

Bhí scoilt i Sinn Féin tar éis an conradh i 1922 idir Éirinn is an Bhreatain Mhór a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. D'fhág Eamon de Valera Sinn Féin i 1925 mar níor mhaith leis an bpáirtí a suíocháin a ghlacadh sa Dháil mar gheall ar an mionn dílseachta do na Breataine. Ag an am sin, dúirt Seán Lemass gur 'páirtí leath-bhunreachtúil' ab ea an páirtí mar ní raibh siad ach ag féachaint cad ab fhéidir leo a fháil trí mheáin pholaitiúla agus dá mbeadh gá ann, d'fhillfidís arís ar an bhforéigean.

BunúCuir in Eagar

Bunaíodh an páirtí ar an 23 Márta 1926. Ar an 16 Bealtaine 1926, reáchtáladh an chéad cruinniú an páirtí san amharclann 'La Scala' i mBaile Átha Cliath.

I gCumhachtCuir in Eagar

Bhunaigh an páirtí a gcéad rialtas i Mí na Márta 1932 le cabhair ón Lucht Oibre. Ghéill rialtas Chumann na nGaedhael riarachán na tíre dóibh agus ba chéim mhór í seo do dhaonlathas na hÉireann mar bhí na daoine céanna á marú i gCogadh Cathartha cúpla bliain roimhe sin. I mí Eanáir 1933 d'fhógair de Valera toghchán agus bhuaigh an páirtí móramh sa Dáil.

1960idíCuir in Eagar

Tháinig a lán scannal chuig Fianna Fáil trína bliana. An Triail na nArm sa seachtóidí, nuair a cúisíodh Cathal Ó hEochaidh agus aire eile ó bheith ag tabhairt airm don tIRA, agus díbríodh iad ón gcaibinéid. Fuair an triail amach nach raibh baint acu le airm soláthar agus d'éirigh leis an Eochaigh a bheith ina Thaoiseach níos déanaí. Sna nóchaidí, bhí cúpla scannal faoi thabhairt conradh pleanála. Mar thoradh, chuaigh daoine chuig príosún agus chuir an rialtas a lán binse fiosrúcháin ar bhun.

Géarchéim, 2007-2016Cuir in Eagar

I mí Meitheamh 2009 chaill Fianna Fáil a lán suíocháin sna toghcháin áitiúla.

Fianna Fáil i dTuaisceart ÉireannCuir in Eagar

Ainmníodh Sorcha McAnespy mar an gcéad iarrthóir don pháirtí in iomaíocht sna toghcháin áitiúla 2019.

CeannairíCuir in Eagar

Is é Eamon de Valera an ceannaire a mhair an t-am is faide.

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar