Ba é Seán Ó Loingsigh (John "Jack" Mary Lynch, as Béarla) (15 Lúnasa 191720 Deireadh Fómhair 1999) an 4ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann). Bhí dhá théarma aige in oifig idir 1966-1973 agus 1977-1979.

Infotaula de personaSeán Ó Loingsigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Lúnasa 1917
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Deireadh Fómhair 1999
82 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar ceirbreashoithíoch
Áit adhlacthaReilig Fhionnbhairr Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil

Toghcheantar: Cathair Chorcaí

Taoiseach
5 Iúil 1977 – 11 Nollaig 1979
← Liam Mac CosgairCathal Ó hEochaidh →
Ceannaire an Fhreasúra
14 Márta 1973 – 5 Iúil 1977
← Liam Mac CosgairGearóid Mac Gearailt →
Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil


Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


An tAire Oideachais agus Scileanna
10 Márta 1968 – 26 Márta 1968
← Donnchadha Ó MáilleBrian Pádraig Ó Luineacháin →
Taoiseach
10 Samhain 1966 – 14 Márta 1973
← Seán F. LemassLiam Mac Cosgair →
Ceannaire Fhianna Fáil
10 Samhain 1966 – 7 Nollaig 1979
← Seán F. LemassCathal Ó hEochaidh →
An tAire Airgeadais
21 Aibreán 1965 – 10 Samhain 1966
← James RyanCathal Ó hEochaidh →
Teachta Dála
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 18ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh

Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
23 Meitheamh 1959 – 21 Aibreán 1965
← Seán F. LemassPádraig Ó hIrighile →
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

28 Aibreán 1958 – 14 Meán Fómhair 1959
Teachta Dála
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh

An tAire Oideachais agus Scileanna
20 Márta 1957 – 23 Meitheamh 1959
← Risteárd Ó MaolchathaPádraig Ó hIrighile →
Teachta Dála
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 15ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh

Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh

Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, iománaí, imreoir peile Gaelaí, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Cork county football team (en) Aistrigh
- Foireann Sinsir Iomána Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMáirín Lynch Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 16163172 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Bhí an Loingseach ar thús cadhnaíochta na gcluichí Gaelacha; peileadóir agus iománaí mór le rá le foirne peile agus iomána Chorcaí a bhí ann, sula gcrom sé ar an bpolaitíocht. Bhí cúig cinn de chraobhacha na hÉireann buaite aige mar iománaí agus ceann amháin mar pheileadóir.

Spreagadh a shuim sa dlí agus é a bheith ina chléireach sa Chúirt Chuarda nuair a bhí sé óg. Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus in Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1945.

Polaitíocht cuir in eagar

Chuaigh an Loingseach leis an bpolaitíocht go gairid ina dhiaidh sin.[1][2] Toghadh é do Dháil Éireann don chéad uair mar ionadaí Chorcaí sa bhliain 1948, agus atoghadh é ag gach olltoghchán go dtí lá a scoir sa bhliain 1981.

 
1972, nuair a d'oscail Ollscoil Luimnigh (NIHE)

Le linn a ghairme, bhí sé mar Aire Airgeadais (1965-1966), Aire Tionscoil agus Tráchtála (1959-1965), Aire Oideachais (1957-1959), Aire Gaeltachta (1957) agus mar Rúnaí Parlaiminte.

Bhí an Loingseach ar an 3ú ceannaire ar Fhianna Fáil idir 1966 agus 1979. Ghlac sé áit Seán Lemass mar Thaoiseach sa bhliain 1966. Chuir an foréigean a bhris amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 isteach go mór ar rialtas agus ar phobal na Sé Chontae Fichead. Bhris Ó Loingsigh beirt aire as a gcuid postanna mar nár thacaigh siad go hiomlán le polasaí an rialtais ar Thuaisceart Éireann, dar le Ó Loingsigh.[3]

Ghlac Seán Ó Loingsigh áit Seán Lemass mar Thaoiseach sa bhliain 1966. Chuir an foréigean a bhris amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 isteach go mór ar rialtas agus ar phobal na Sé Chontae Fichead. Bhris Ó Loingsigh beirt aire, Charles Haughey agus Niall Blayney, as a gcuid postanna mar nár thacaigh siad go hiomlán le polasaí an rialtais ar Thuaisceart Éireann, dar le Ó Loingsigh.[4]

D’éirigh go hiontach le Fianna Fáil in olltoghchán 1977 agus bhí Seán Ó Loingsigh ar ais mar Thaoiseach arís. Ach d’éirigh sé as dhá bhliain ina dhiaidh sin agus tháinig Cathal Ó hEochaidh isteach ina áit. Ba é Ó Loingsigh ceannasaí deireanach Fhianna Fáil chun tromlach foriomlán a fháil sa Dáil.

Saol pearsanta cuir in eagar

 
saintréith an Loingseach

Bhí píopa i mbéal an Loingsigh go minic, mar ghobán b'fhéidir, san fhaisean an tráth úd. Bhuail stróc é i 1993[5], in aois 76 dó agus.d'éag sé ar an 20 Deireadh Fómhair 1999.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Jack Lynch: A Biography | Reviews in History". reviews.history.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-10-20.
  2. "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". dib.cambridge.org. Dáta rochtana: 2020-10-20.
  3. COGG. "Ó Chlochaois go Spásrás". Dáta rochtana: 2020.
  4. Derek Owens. "History of Irish Taoisigh" (en). www.derekpowens.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-13. Dáta rochtana: 2020-10-20.
  5. "Ireland mourns as ex-PM Jack Lynch dies at 82" (en). the Guardian (1999-10-21). Dáta rochtana: 2020-10-20.



Foireann Iománaíochta na Mílaoise (2000)
 

1 Antóin Ó Roideacháin | 2 Seán Ó Dúghaill | 3 Nioclás Ó Domhnaill | 4 Roibeard Mac Riocaird | 5 Pádraig Ó Faoláin | 6 Seán Ó Céin | 7 Brian Ó Faoileacháin | 8 Seán Ó Loingsigh | 9 Lory Ó Meachair | 10 Criostóir Ó Rinn | 11 Mícheál Mac Aodha | 12 Séamas Langtún | 13 Éadbhard Ó Cathaoir | 14 Réamann Ó Coimín | 15 Séamas Ó Dúghaill |