Seán F. Lemass
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) idir 1959 agus 1966.
SaolCuir in Eagar
Rugadh Seán Francis Lemass i mBaile Breac sa bhliain 1899 i mBaile Átha Cliath. An t-ainm a baisteadh air ná John Francis Lemass. Aach thosaigh sé ag tabhairt Seán air féin agus é in ógánach tar éis páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aoise.
Leis na mBráithre Críostaí sa chathair a fuair sé a chuid oideachais, áit ina raibh sé in aon rang leis an bhfuirseoir mór le rá Jimmy O'Dea.
Tragóid mhillteanachCuir in Eagar
Scaoileadh marbh a dheartháir is óige de thaisme ina bhaile féin sa bhliain 1916; b’shin Seán féin a lámhachadh é![1]
PolaitíochtCuir in Eagar
Bhí Lemass gníomhach i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922.
Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 agus bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959).
TaoiseachCuir in Eagar
Sa bhliain 1959 toghadh Lemass mar Thaoiseach. Sna blianta sin, bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus bhí an geilleagar ag fás níos gasta .
Thug Lemass cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán.
D'éirigh sé as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966.
Bhí Lemass trom ar an tobac[2] agus chuaigh a shláinte in olcas agus é ag dul anonn in aois. Níorbh fholáir é a chur san ospidéal Mater i feabhra 1971 agus d'éag sé fá cheann trí mhí.[3]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Eunan O'Halpin. "Seán Lemass’s silent anguish" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-05-11.
- ↑ Maurice Curtis (2019-04-05). "The Little Book of Rathmines" (in en). History Press.
- ↑ "Death of Seán Lemass" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-05-12.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |