Cogadh na Saoirse (Éire)

Cogadh na Saoirse
Cogadh na Saoirse

Dealbh cuimhneacháin Chogadh na Saoirse

Dáta: 21 Eanáir 191911 Iúil 1921
Áit: Éire
Toradh: Conradh Angla-Éireannach
Céilí comhraic
Poblacht na hÉireann An Ríocht Aontaithe
Ceannasaithe
Mícheál Ó Coileáin
Risteard Ó Maolchatha
Cathal Brugha
David Lloyd George
Henry Hugh Tudor
Winston Churchill
Slua
IRA: ~15,000 Arm na Breataine: ~20,000
RIC: ~9,700
Dúchrónaigh: ~7,000
ADRIC: ~1,400
USC: ~4,000
Taismigh
Básanna: ~550 Básanna: 714

Tugtar Cogadh na Saoirse (nó an Cogadh Angla-Éireannach), 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí.

Tús an Chogaidh cuir in eagar

Thosaigh an cogadh nuair a mharaigh cathlán de chuid an IRA beirt oifigeach de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann ar an 21 Eanáir 1919. Breathnaítear ar an ionsaí mar thús oifigiúil le Cogadh Saoirse na hÉireann.

Tháinig an chéad Dáil le chéile ar an lá céanna trí sheans. I dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath, tháinig ionadaithe tofa Shinn Féin le chéile leis an gCéad Dáil a chur ar siúl. I seisiún a reáchtáiltear as Gaeilge, daingníonn an Dáil a Bhunreacht féin agus ritear “Clár Oibre Poblacánaighe”[1]. Agus Éamon de Valera i bpríosún, toghtar Cathal Brugha ina Uachtarán sealadach ar an Dáil. Ansin ghlac siad le Forógra na Cásca ó 1916. Ar an ócáid chéanna, thug siad foláireamh do na fórsaí Gallda a bhí ar garastún in Éirinn imeacht as an tír. Thairis sin, d'iarr siad ar thíortha saora an domhain aitheantas a thabhairt don Phoblacht úrbhunaithe.

Dhá lá ina dhiaidh sin (23 Eanáir 1919), d'fhógair rialtas na Breataine gur limistéar míleata speisialta é Tiobráid Árann Theas agus cuirtear faoi choimirce an Achta um Chosaint na Ríochta[2] é.

I dtús na cogaíochta, ní raibh na hÓglaigh ach ag déanamh loitiméireacht agus sabaitéireacht ar mhaoin shaolta de chuid Rialtas na Breataine, ag bailiú airgid, airm agus lón cogaidh nó ag feallmharú feidhmeannaigh mhór le rá de chuid an rialtais. Rinne siad aithris ar an oirbheartaíocht a thuill a gclú do na Bóraigh, is é sin, bhí Óglaigh ag déanamh ionsaithe treallchogaíochta i dtoibinne gan sainéide mhíleata a chaitheamh.

 
Constáblacht Ríoga na hÉireann, 1917

Bhí bunús phobal na hÉireann go mór i gcoinne an fhoréigin ar dtús. Ní raibh gach duine de na hÉireannaigh féin sásta leis cogaíocht, ós rud é gur fágadh a chead ag na Sasanaigh, de réir dhlíthe agus chonarthaí idirnáisiúnta cogaidh, aon Óglach a chimeofaí a chur chun báis mar shabaitéir, gan stádas oifigiúil an chime cogaidh a ghéilleadh dó.

 
RIC i Co Luimneach, 1920

De réir a chéile, áfach, tháinig malairt tuairim acu, agus an dóigh a ndeachaigh ruathair fhuillteacha na saighdiúirí Gallda i bhfeidhm orthu. Ba mhinic nach n-aithníodh na Sasanaigh an sibhialtach thar an Óglach, agus iad ag rith damhsa ar fud na tíre. In áit cogadh ciallmhar a chur, ba ghnách leo daoine a chéasadh agus foirgnimh a chur trí thine gan chúis cheart. Is iomaí Éireannach, agus é idir dhá chomhairle faoi chúis na Poblachta ar dtús, a thug tacaíocht don ghluaiseacht sa deireadh, i bhfianaise an léirscrios a bhí fórsaí an Rí a dhéanamh ar an tír. I dtús na bliana 1920, bhí Éire ar fad ar bharr lasrach le trioblóidí is le foréigean den chineál seo.

Mheas Art Ó Gríofa go ndearna fórsaí na Corónach 38,720 ruathar ar thithe príobháideacha, gur ghabh siad 4,982 duine agus gur mharaigh siad 77 duine neamharmtha, idir Phoblachtánaigh agus ghnáthshibhialtaigh, sna chéad ocht mí dhéag den chogadh. Chuir Ó Gríofa "cúirteanna na Dála" ag obair mar mhalairt chóras dlí de rogha ar dhlí na Breataine Móire. B'iad na cúirteanna seo a chuir údarás an IRA i bhfeidhm ar an tír go forleathan agus a threascair cumhacht na Sasanach in Éirinn ón taobh istigh.

Is iomaí ruathar a thug an tIRA faoi Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (RIC). As measc na nGael Caitliceach a hearcaíodh an chuid is mó de bhaill an fhórsa seo, agus meas na bhfealltóirí ag an IRA orthu dá réir. Ba ghnách leis an IRA beairicí de chuid na Constáblachta a ionsaí, go háirithe na cinn a bhí suite in áiteanna iargúlta. Bhí 9,700 ball ag an bhfórsa, agus iad lonnaithe i 1,500 beairic ar fud na tíre. Thug baill áirithe den fhórsa cabhair - idir airm is eolas - don IRA. Maraíodh 165 agus gortaíodh 251 duine acu i rith an chogaidh.

Mícheál Ó Coileáin agus an tIRA cuir in eagar

 
Mícheál Ó Coileáin sa bhliain 1921

B'é Mícheál Ó Coileáin an duine ba mhó a rinne le heagraíocht cheart mhíleata a dhéanamh den IRA. Bhí sé in ainm is a bheith ina Aire Airgeadais i Rialtas sealadach na Poblachta, ach b'ar cúrsaí airgeadais na nÓglach ba mhó a bhí a aire, agus é ag bailiú idir ghléasra cogaidh agus airgead don ghluaiseacht. Bhíodh an-lámh aige i roghnú na n-oifigeach fosta. Bhí an-intleacht aige, agus é in ann an éirim seo a chur i bhfeidhm ar chúrsaí na nÓglach go héifeachtach, rud a d'fhág cuid mhaith daoine faoina dhraíocht.

Chuir sé bun le gréasán spiaireachta i measc na bpéas, agus d'éirigh leis cuid mhaith den riarachán Sasanach a insíothlú lena chuid spiairí. Bhunaigh an Coileánach, fosta, an "Scuad", a bhí dírithe ar ghníomhairí de chuid na "Ranna G" a fheallmharú. Is é an rud a bhí i gceist leis an "Roinn G" ná roinn pholaitiúil na bpéas i mBaile Átha Cliath. Bhí an-fhuath ag na hÓglaigh ar an roinn seo, nó is é an cineál oibre a bhí idir lámhaibh ag an Roinn ná baill den ghluaiseacht Phoblachtach a aithint, a nochtadh agus a chimiú. Tugadh an rogha dá lán acu, áfach, éirí as a gcuid oibre agus Éire a thréigean, agus is iomaí duine acu arbh fhearr leis an dara rogha seo ná bás a fháil.

Cé go raibh timpeall 100,000 ball ag an IRA de réir na ndoiciméad, mheas Ó Coileáin nach raibh páirt sa chogadh ach ag 15,000 acu agus nach raibh níos mó ná 3,000 ar fiannas ag aon am ar leith.

Cogaíocht eadarnaíoch cuir in eagar

 
colún reatha uimhir a dó, Seán Hogan, 3rd Tipperary Brigade, 1921

Bhí ceannairí clúiteacha ann ar nós Dhónaill Uí Bhraoin agus Thomáis de Barra i gceannas ar cholúin reatha, grúpaí le thart ar 100 fear a bhí in ann luíocháin a eagrú go h-éifeachtach roimh na fórsaí Gallda. Ó bhí aithne níos fearr ar an gceantar máguaird acusan ná ag na saighdiúirí Gallda, bhí siad in ann teitheadh ó na Sasanaigh i ndiaidh na teagmhála.

 
Dónaill Uí Bhraoin
 
Seán Hogan

Bhí eagraíochtaí tacaíochta ag cabhrú leis an IRA - Cumann na mBan agus Fianna Éireann (eagraíocht na n-óg). Bhí baill na n-eagraíochtaí seo ina dtimirí agus ina gcúntóirí ag an IRA, agus iad ag cuidiú leis na hÓglaigh a gcuid arm a iompar, ag gléasadh bia dóibh nó ag tabhairt dídin sna "tithe sábháilte" d'Óglaigh. Bhí cuid mhór den daonra ar fad sásta lámh chúnta a shíneadh do na hÓglaigh ar an dóigh seo, agus an dóigh ar mhill na Sasanaigh a gclú féin ó thús an chogaidh i leith.

 
Luíochán na Sulchóide Bige eisíodh forógra, 19 Eanáir 1919

Thosaigh polasaí neamhoifigiúil seo na loitiméireachta i Mainistir Fhear Maí i gCo. Chorcaí i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1919. Rinne dhá chéad duine de shaighdiúirí Gallda smidiríní de na gnóthais ba thábhachtaí san áit, agus iad ar buile nuair a mharaigh an tIRA duine acu toisc gur dhiúltaigh sé a chuid arm a thabhairt uaidh. Tharla a leithéid eile in áiteanna cosúil le Luimneach agus Baile Brigín, agus nuair a chuala an saol mór orthu, rinne siad dochar do chúis na Breataine Móire sa bhaile agus i gcéin.

I Mí Aibreáin, i ndiaidh don IRA sraith ruathar a dhéanamh, ní raibh an Bhreatain Mhór in ann cánacha a bhailiú in Éirinn a thuilleadh. Ina áit sin, leag an Coileánach amach scéim - an tIasacht Náisiúnta - le sórt cánacha a bhailiú ó mhuintir na hÉireann chun an Phoblacht úrbhunaithe a mhaoiniú. Chuir na Sasanaigh an Giúistís Cónaitheach (Resident Magistrate) Alan Bell ó Bheannchar ar lorg an airgid seo, agus d'éirigh leis 71,000 punt a choigistiú ón IRA. D'fhéadfadh sé seilbh a ghlacadh ar thuilleadh, agus é ag déanamh an-dul chun cinn ag déanamh fiosraithe sna bainc, ach go bé gur mharaigh an tIRA é sula raibh de sheal aige é sin a chur i gcrích. Ar an 26ú lá de Mhí na Márta, 1920, tarraingíodh amach as tram é i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus scaoileadh trí urchar ina chloigeann.

Ag deireadh na bliana sin, bhí an scéim i ndiaidh 357,000 punt a thabhú don IRA. D'fhaigheadh na comhairlí áitiúla rátaí as an gciste seo, nó bhí siad faoi smacht an IRA, agus ní íocfaidís cianóg rua le fórsaí na Corónach .

 
Eamon de Valera
Príomh-Aire (1919-Lúnasa 1921)
agus Uachtarán Phoblacht na hÉireann (Lúnasa-Nollaig 1921)

Éamon de Valera cuir in eagar

Chaith Éamon de Valera tús an chogaidh sna Stáit Aontaithe, agus é ag iarraidh tacaíocht na Meiriceánach a bhaint amach don Phoblacht úr. Nuair a tháinig sé abhaile i ndeireadh na bliana 1920, d'éiligh sé in óráid a thug sé sa Dáil go n-éireodh na hÓglaigh as an treallchogaíocht, as na luíocháin agus as an eadarnaí.

Bhí de Valera inbharúla nach ndéanfadh a leithéid ach dochar is damáiste do chúis na hÉireann, ó ba chruthúnas é ar iarrachtaí na bolscaireachta Gallda an tIRA a chur os comhair an tsaoil mhóir mar dhrong de sceimhlitheoirí. B'fhearr, dar leis, cogaíocht chomhghnásach a chleachtadh. Ar ndóigh, ní bhfuair de Valera ón Dáil ach diúltú glan, nó ní fhéadfadh an tIRA bua a bhreith ar shaighdiúirí na Breataine Móire, agus an taithí oibre a fuair siadsan sa Chéad Chogadh Domhanda, ach dul i dtuilleamaí oirbheartaíocht an treallchogaidh.

Na Dúchrónaigh is na Póilíní Cúnta cuir in eagar

 
Na Dúchrónaigh

Nuair a bhí Constáblacht Ríoga na hÉireann ag titim as a chéile, cuireadh fórsaí cúltaca chucu mar chuidiú - na Dúchrónaigh agus na Póilíní Cúnta. Ba iarshaighdiúirí Gallda iad na Dúchrónaigh ó aimsir an chéad chogadh domhanda, fir a chaith seal i ndiaidh seala sna trinsí i rith an chogaidh. Tugadh an t-ainm sin orthu mar gheall ar dhath a n-éide, nó bhí sórt éide thobchumtha orthu nach raibh cosúil le sainéide an tsaighdiúra ná an phóilín. 7,000 fear a bhí ann. Bhí aithne orthu mar shlua míthrócaireach, fuilteach agus rinne siad go leor damáiste d'íomhá an rialtais Bhriotanaigh in Éirinn. Mar sin féin, níor spáráil Winston Churchill na focail mholta orthu ar aon nós, agus é den tuairim gurbh iad togha agus rogha fear na Breataine Móire iad.

Níorbh é sin an cineál aithne a fuair na hÉireannaigh ar na Dúchrónaigh, áfach. Go bunúsach, ní raibh oiliúint cheart póilíneachta orthu ar aon nós, ná aon duine i gceannas orthu a mbeadh fios a ghnó aige. Mar sin, chaith siad an chuid ba mhó den am ag ionsaí sibhialtaigh, ag cur tithe trí thine, ag marú rompu agus ag déanamh loitiméireachta. Ó bhí sé áitithe orthu gurbh í an Ghaeilge teanga na sceimhlitheoirí, agus gur eagraíocht de chuid na sceimhlitheoirí ab ea Conradh na Gaeilge, d'ionsaigh siad timirí de chuid an Chonartha.

 
ionsaí ar "Óstán London and North Western", BÁC, 21 Aibreán 1921 - Na Dúchrónaigh sásta leo féin

Cuireadh ina leith freisin gur éignigh siad mná agus cailíní, agus níl aon chúis cheart ann nach mbeadh a leithéid ag tarlú agus na sluaite d'fhir armtha gan smacht ceart míleata orthu ag fánaíocht timpeall ar fud na tíre. Tríd is tríd, níl sé as cosán gur drong sceimhlitheoireachta ab ea na Dúchrónaigh nach ndearna aon rud fónta. Na trioblóidí a tharraingídís, ní raibh siad ach ag cur dea-chlú na Breataine Móire ó mhaith.

 
Ospidéal sráid Jervis, BÁC, Domhnach na Fola, 21 Samhain 1920

Ba iar-oifigigh ó Arm na Breataine iad na Póilíní Cúnta nó Auxiliaries as Béarla. Bhí 1,700 fear acu ag obair in Éirinn, agus cuireadh isteach iad i ndiaidh chliseadh na nDúchrónach an tIRA a chur faoi smacht. Bhí siad lán chomh cruálach leis na Dúchrónaigh, ach má bhí féin, bhí siad ag cruthú ábhairín níos fearr ná iad siúd ag teacht chun teagmhála leis na hÓglaigh agus ag cur catha orthu.

 
"drong Chaireo"

Bhí an rialtas Briotanach sásta cead a gcos a fhágáil ag na fórsaí speisialta seo, siúd is gur ghnách leis an lucht rialtais sa Bhreatain Mhór séanadh go rabhthas ag iarraidh díoltas a imirt ar mhuintir na hÉireann - nílim ag iarraidh sásamh a bhaint astu, ach mura bhfuil féin, tá sé ag éirí linn damanta maith, mar a dúirt an Tiarna Hugh Cecil. I Mí Eanáir den bhliain 1921, chaith fórsaí na Corónach uathu an cur i gcéill, agus thosaigh an "díoltas oifigiúil" nuair a dódh seacht dteach i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí.

Lá amháin, i Mí na Samhna 1920, mharaigh gníomhairí de chuid an Choileánaigh naonúr fear déag de chuid rúnseirbhísí na Breataine Móire - "drong Chaireo", mar a thugtaí orthu. D'imir na Póilíní Cúnta díoltas uafásach ar na sibhialtaigh. Tháinig díorma acu isteach ar Pháirc an Chrócaigh le linn báire agus loisc siad meaisínghunnaí ar an lucht féachana, ionas gur maraíodh ceathrar déag. Fágadh 65 duine gonta i ndiaidh an ionsaí, leis. Ar an lá céanna, maraíodh beirt Óglach agus a gcara i gCaisleán Bhaile Átha Cliath "agus iad ag iarraidh éalú". Baisteadh Domhnach na Fola ar lá na n-imeachtaí seo. Inniu, tugtar Seastán Uí Ógáin ar cheann de na seastáin i bPáirc an Chrócaigh, i ndilchuimhne ar an imreoir ó Thiobraid Árann a fuair bás san ionsaí.

Contae Chorcaí ar Bharr Lasrach cuir in eagar

 
Tomás Mac Curtáin

Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, b'i gContae Chorcaí ba mhó a bhí an cath á chur. Ansin a baineadh an chéad triail as cuid mhaith de na drochnósanna cogaíochta a chuir fórsaí na Corónach i bhfeidhm ina dhiaidh sin, cosúil leis an loitiméireacht mar dhíoltas as ionsaithe de chuid na nÓglach, nó le feallmharú na bPoblachtánach mór le rá.

I Mí na Márta, 1920, mharaigh fir a raibh dath dubh curtha ar a n-aghaidheanna Tomás Mac Curtáin, Ard-Mhéara Chathair Chorcaí, os comhair shúile a mhná céile, siocair is gur ball de Shinn Féin ab ea an Méara. Ina dhiaidh sin, chonacthas na fir chéanna ag filleadh ar bheairic na bpéas.

An fear a tháinig i gcomharbas ar an gCuirtíneach mar Ard-Mhéara, Traolach Mac Suibhne, shíothlaigh seisean i bPríosún Brixton sa Bhreatain Mhór agus é ar stailc ocrais. An giúiré a d'fhiosraigh imthoscaí a bháis, chuir sé dúnmharú toilghnústa i leith David Lloyd George agus an Chigire Ceantair Swanzy; agus ina dhiaidh sin, mharaigh na hÓglaigh Swanzy i Lios na gCearbhach, Co. Aontroma.

 
David Lloyd George

I Mí Lúnasa den bhliain 1920, chuir an rialtas na cúirteanna cróinéara ar fad ar ceal, ó bhí siad ag seirbheáil an iomarca barántas in aghaidh saighdiúirí de chuid fhórsaí na Corónach. Cuireadh "cúirteanna míleata fiosraithe" in áit na gcúirteanna cróinéara.

B'i gCorcaigh a tháinig na chéad Cholúin Reatha ar an bhfód, leis. Is é an rud a bhí i gceist le Colún Reatha ná díorma armtha agus thart ar chéad fear ann, agus iad in ann fórsaí na Corónach a ionsaí ón eadarnaí agus a n-éalú a dhéanamh sula raibh d'uain ag an namhaid teacht ar a lorg, nó fir de mhuintir na háite a bhíodh iontu agus aithne acu ar an tír-raon agus ar an timpeallacht.

Bhí an dá thaobh ag milleánú a chéile faoi mharú príosúnach neamharmtha. Ghreamaigh míchlú den chineál seo de Reisimint Essex in Arm na Breataine Móire, ach go háirithe.

 
luíochán Chill Mhíchil

I Mí na Samhna 1920, seachtain amháin i ndiaidh Dhomhnach na Fola i mBaile Átha Cliath, rinne díorma d'Óglaigh ó Iarthar Chorcaí, agus Tomás de Barra (Tom Barry) i gceannas orthu, ionsaí luíocháin ar phatról de Phóilíní Cúnta i gCill Mhíchíl, Co. Chorcaí, agus maraíodh an t-iomlán de na Briotanaigh - ochtar fear déag ar fad - sa teagmháil. Is é an chiall a bhain fórsaí na Corónach as an scéal ná gur maraíodh cuid de na péas i ndiaidh dóibh géilleadh. Deir na hÓglaigh, áfach, gur géilleadh bréagach a bhí ann, agus nach gnách ceathrú anama a thabhairt d'aon duine i ndiaidh a leithéide, sa chogadh.

Sórt cloch mhíle a bhí i gceist le luíochán Chill Mhíchil, nó ina dhiaidh sin, chuaigh an cogadh an oiread sin chun géire agus gur chuir na Sasanaigh dlí airm i bhfeidhm ar Chúige Mumhan go léir.

Ar 11/12 Nollaig 1920, chuir fórsaí na Corónach lár chathair Chorcaí trí thine, agus iad ag stopadh na bhfear dóiteáin ón tine a mhúchadh.

Príomhalt: Dó Chorcaí

Sna chéad ocht mí eile, go dtí an sos cogaidh, bhí na maruithe ag dul i líonmhaireacht. Básaíodh míle de dhaoine ó Mhí Eanáir go Mhí Iúil den bhliain 1921. Saighdiúirí dubha nó dearga iad trí chéad acu, agus an chuid eile ba sibhialtaigh nó Óglaigh iad. Thar an tréimhse chéanna, caitheadh ceithre mhíle go leith de dhaoine i dtóin phríosúin, de dheasca an drochamhrais go raibh siad ag cabhrú leis na hÓglaigh nó ina mbaill den IRA.

 
Briogáid Átha Cliath

"Anois, caithigí bhur gcuid pléascán linn!" cuir in eagar

Idir an 15ú agus an 17ú lá de Mhí Eanáir, 1921, chuir na saighdiúirí Gallda cuirfiú i bhfeidhm ar an gcuid de Bhaile Átha Cliath idir Sráid Capel, Sráid an Teampaill, Sráid an Rí Thuaidh agus na Céanna i lár na cathrach. Cuireadh imdhúnadh iomlán ar an limistéar seo gan aon duine a ligean thar na pointí seiceála. Ansin, cuardaíodh gach aon teach ó úrlár go síleáil, ach níor thángthas trasna ar mhórán arm ná lón cogaidh. Is dócha gur chuir an turas in aistear seo le frustrachas na saighdiúirí, agus iad ag éirí níos brúidiúla in aghaidh an lae: i ndeireadh Mhí Eanáir, thosaigh siad ag tabhairt príosúnaigh Phoblachtacha mar ghialla ar a gcuid trucailí, agus gach trucail ag taispeáint an téacs Bomb us Now! ar an taobh amuigh. Ó thug na hiriseoirí coimhthíocha tuairisc air seo do na nuachtáin, éiríodh as an gcleachtadh go sciobtha.

 
Constáblacht Ríoga na hÉireann, Corcaigh, 1921

Ina dhiaidh sin, thosaigh na Sasanaigh líon a chur timpeall gach trucail leis na pléascáiníní láimhe a choinneáil amuigh. Ansin, ghreamaíodh an tIRA bacán de gach pléascáinín, i gcruth is go rachadh sé i bhfostú sa líon.

Ar an dara lá de Mhí Feabhra, 1921, cuireadh an chéad Óglach chun báis go hoifigiúil agus go poiblí. B'é Cornelius Ó Murchú é, ó Shráid an Mhuilinn i gCorcaigh. Básaíodh seisear eile ar an dóigh seo i gCorcaigh ar an 28ú lá den mhí chéanna. An lá arna mhárach, mharaigh an tIRA dháréag duine de shaighdiúirí neamharmtha Briotanacha mar éiric.

 
Corcaigh, 14 Nollaig 1920

Ar an gceathrú lá de Mhí Bhealtaine, d'fhág an tIRA corpán Thomáis Uí Shúilleabháin mar bhaoite do na péas ar ghruaimhín bóthair in aice le Ráth Mór. Seanfhear ochtó bliain d'aois a bhí ann agus é maraithe ag na hÓglaigh mar bhrathadóir. Nuair a tháinig na saighdiúirí dubha ag fiosrú, fuair ochtar fear acu bás sa teagmháil, agus níor tháinig ach aon duine amháin de na péas slán. Ansin, chuir na Sasanaigh cúig theach agus uachtarlann amháin trí thine mar éiric. Ceithre lá ina dhiaidh sin, rinne na hÓglaigh iarracht beirt saighdiúirí dubha a mharú in Oileán Chiarraí. Bhí na constáblaí seo ag filleadh abhaile i ndiaidh an Aifrinn, agus d'éirigh leis an IRA fear acu a mharú. An fear eile, áfach, fágadh ina bheo é, ó chuaigh a bhean chéile idir é agus urchar a mharaithe. Ar an deichiú lá de Mhí Bhealtaine, chuaigh ceal i mbeirt chonstáblaí eile de chuid an RIC agus iad ag spaisteoireacht leo cois farraige i gCluain Maine i gCo. Dhún na nGall. Tháinig corpán duine acu i dtír ar an lá arna mhárach.

 
Bealtaine 1921: shealbhaigh na hÓglaigh Teach an Chustaim

I Mí Bhealtaine 1921, freisin, shealbhaigh na hÓglaigh Teach an Chustaim i mBaile Átha Cliath agus chuir siad an áit ar fad trí thine. Is é an cuspóir a bhí leis an ngníomh siombalach seo ná a thaispeáint don Rialtas go gcaithfidís a ngreim a scaoileadh d'Éirinn sa deireadh. D'íoc na hÓglaigh an-deachú, áfach, nó maraíodh cúigear acu, agus chimigh na Sasanaigh breis is ceithre scór d'fhir de chuid an IRA. Is é an rud a thaispeáin siad, dháiríre, ná nach raibh na hÓglaigh ábalta na Sasanaigh a chur i sáinn gan dul i dtuilleamaí na treallchogaíochta.

Bhí na gunnaí gann agus an lón cogaidh féin ag rith orthu, agus mar a dúirt Risteard Ó Maolchatha, dá fheabhas a bhí na hÓglaigh ag cur cogadh eadarnaíoch, "ní raibh siad in ann fórsaí na Corónach a chaitheamh amach as aon áit ba mhó ná gnáthbhearaic de chuid na bpéas". Nuair a tháinig an Sos Cogaidh, bhí formhór na gceannairí, Mícheál Ó Coileán ach go háirithe, suite siúráilte nach raibh mórán teacht aniar fágtha san IRA, agus an cineál eagraíocht a bhí air. Mar sin, b'é an rún a bhí acu ná an cogadh a fhairsingiú go Sasana féin. Ar dtús, bhí siad meáite ar duganna Learphaill a bhuamáil agus targaidí tábhachtacha eacnamaíochta eile a ionsaí.

Bhí réamhshampla ann cheana, nó bhí naoi dteach stóir déag i Learpholl curtha trí thine ag an IRA i Mí na Samhna den bhliain roimhe sin. Na tascfhórsaí a chuirfí go Sasana le hobair den chineál seo a dhéanamh, ba dócha leis na ceannairí nach gceapfadh na Sasanaigh iad, ós rud é nach raibh dlí an chogaidh curtha i bhfeidhm ar Shasana, ná muintir na tíre sásta glacadh lena leithéid, ach oiread. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh gá leis an gcineál seo feachtas sceimhlitheoireachta ag an am, nó tháinig an Sos Cogaidh sula raibh d'uain ag an gCoileánach agus na ceannairí eile na pleananna seo a chur i gcrích.

Cogadh na Bolscaireachta cuir in eagar

 
Robert Erskine Childers c1920

Ócáid mhór bolscaireachta ab ea Cogadh na Saoirse don dá thaobh. Le dílseacht a chothú i measc na bProtastúnach, chuir Rialtas Sasana in iúl go raibh na hÓglaigh ag iarraidh cearta na bProtastúnach a chur ar ceal. Má mharaigh an tIRA duine Protastúnach mar bhrathadóir, rinne bolscaireacht Shasana scúp an lae de, ach más Caitliceach a bhí i gceist, níor bacadh leis ar an dóigh chéanna. Is é an tátal a bhainfeá as an scéal gur cinedhíothú (nó cineghlanadh, mar a deirtear inniu) a bhí idir lámhaibh ag an IRA. Is iomaí alt faoi staid na hÉireann a foilsíodh sna nuachtáin i Sasana a tháinig as biúró bolscaireachta na bpéas, mar sin.

Bhí na sagairt Chaitliceacha, nó an chuid ab fheiceálaí acu, - bhí siad ag lochtú mhí-úsáid na láimhe láidre ar an dá thaobh. Má bhí féin, b'iad na hÓglaigh a fuair an chuid ba mheasa den íde bhéil, nó bhí sé i ndúchas agus i dtraidisiún na hEaglaise Caitlicí Poblachtánachas na láimhe láidre a dhamnú.

 
Tine, British and Irish Steam Ship Co., 5ú Bealtaine 1921

Is é an rud a dúirt Easpag na Coille Móire, an Dochtúir Finnegan:

Ní féidir a rá go bhfuil cúis uasal le haon chogadh, ach dóchas ceart a bheith as an mbua, agus bunús maith leis an dóchas sin. Cén dóchas a bheadh ag aon duine as bua a bhreith ar chumhachtaí dochuimsitheacha na hImpireachta? Diabhal an drae dóchas, muis; agus ós cogadh gan chúis dhlíthiúil atá ann, an té a mharóidh duine eile sa chogadh seo, níl ach gnáth-dhúnmharú déanta aige.

Bhí an port céanna ag Ard-Easpag Thuama, an Dochtúir Mac Giolla Mháirtín, agus é den bharúil go raibh síocháin Dé briste acu siúd a ghlac páirt sna hionsaithe eadarnaíocha ar na Sasanaigh: tá siad ciontach sa dúnmharú.

 
Tine, Sráid Parkgate, BÁC, 4ú Meitheamh 1921

Mar sin féin, bhí an Pápa Beinidict a Cúig Déag den bharúil, sa litir a chuir sé chuig rialtas Shasana, ná gur chóir do lucht an dá thaobh breith ar a stuaim agus comhréiteach éigin a oibriú amach. Is é an rud a bhí ag teastáil ó na Sasanaigh ná go ndamnódh an Pápa na hÓglaigh, agus anois, bhí an-fhearg orthu go gcuirfeadh an Pápa rialtas ríoga na Breataine Móire ar aon leibhéal leis na "dúnmharfóirí" Éireannacha.

 
Agóid "Cumann na mBan" 23 Iúil 1921, Príosún Mhuinseo, BÁC

Bhí Deasún Mac Gearailt agus Erskine Childers ag foilsiú an nó Ráiteas na hÉireann (nó an Irish Bulletin), iris oifigiúil Phoblacht na hÉireann, a thugadh cumhdach nuachta do na himeachtaí nach raibh rialtas Shasana sásta a chur os comhair an tsaoil mhóir, go háirithe an loitiméireacht agus an t-eirleach a bhí fórsaí slándála na Breataine Móire a dhéanamh ar fud na hÉireann. Chuirtí an Ráiteas i gcló i bhfolach agus scaiptí ar fud na hÉireann é. D'fhaigheadh na preasghníomhaireachtaí a gcuid cóipeanna freisin, chomh maith le polaiteoirí Eorpacha agus Meiriceánacha, nó fiú Sasanacha, an chuid acu a bhí sásta cás na nÉireannach a thuiscint.

Sos Cogaidh cuir in eagar

 
Slua ag Teach an Ard-Mhéara, BÁC, roimh fhógairt sos cogaidh ar an 8ú Iúil, 1921

Tháinig sórt deiridh leis an gcogadh ar an chéad lá dhéag i mí Iúil, 1921. Fógraíodh sos cogaidh idir an IRA agus fórsaí na Corónach ar an 8 Iúil 1921[3], a tháinig i bhfeidhm ag meánlae ar an 11 Iúil 1921.

Ba Hannah Carey, 49 agus banfhreastalaí, as Cill Airne, t-íospartach deireanach. Bhuail piléar RIC fánach í. Thóg sé dhá uair an chloig ar Carey bás a fháil, á plúchadh ar an urlár in óstán, a háit oibre.[4][5]

Ag an am céanna, lean an foréigean seicteach i dTuaisceart Éireann. Spreag an nuacht círéibeacha i mBéal Feirste agus fuair 22 bás ar 11 Iúil 1921.

Scríobh Mícheál D. Ó hUigínn,

"Agus machnamh á dhéanamh ar an Sos Cogaidh tá sé ceart smaoineamh ar conas a bhí na daoine ar na sráideanna sna sráidbhailte, na bailte agus na cathracha ag súil leis an tsíocháin agus ag guí go dtiocfadh sí. Ar dhá ócáid sna trí bliana roimhe sin, chuir siad a mianta in iúl sa bhosca ballóide. Diúltaíodh don chur in iúl sin. ... D’fhéadfaí an oiread sin beatha agus fulaingthe a bheith spáráilte dá mba rud é gur léiríodh meas ar thoil dhaonlathach na ndaoine."[6]

Iarmhairtí cuir in eagar

Maraíodh breis is 2,000 duine sa choimhlint go dtí sin, 550 óglach IRA[7], 410 ball den RIC agus 700 saoránach.

Ar bhealach, bhí an cogadh ina leamhsháinn faoin am seo. Na comhchainteanna ar baineadh triail astu sa bhliain roimhe sin, níor tháinig aon toradh orthu, ó bhí sé éilithe ag an bPríomh-Aire David Lloyd George ná go gcuirfeadh na hÓglaigh a gcuid arm uathu roimh aon rud eile. Nuair a fuair an Príomh-Aire é féin faoi bhrú ag an bhFreasúra Liobrálach faoi cheannas Herbert Henry Asquith, ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag Comhdháil na gCeardchumann, chrom sé ar ais ar na comhchainteanna, agus cuireadh an chéad chríoch leis an gcogaíocht.

 
príosúnaigh cogaidh

B'é an dearcadh a bhí ag Rialtas na Breataine Móire ar na cúrsaí ná go raibh an cogadh le dul ar aghaidh go deo, agus tuilleadh daoine is airgid á chailleadh in aghaidh an lae. Thairis sin, agus b'é seo fíor-oighear an scéil, bhí an rialtas á lochtú go fíochmhar ag muintir Shasana féin, gan trácht ar bith a dhéanamh ar na tíortha iasachta, faoin treascairt a bhí á tabhairt d'Éirinn. Ón taobh eile de, ní raibh na hÓglaigh ábalta fód nua a dhéanamh ní ba mhó, dar leis an gCoileánach, go háirithe. Bhí siad in anás muinisin, agus nuair a tháinig fíor-shaighdiúirí Sasanacha in áit fórsaí tacair ar nós na nDúchrónach agus na bPóilíní Cúnta, thosaigh an cogadh ag cúngú ar na hÓglaigh dháiríre.

 
An Rí Seoirse V
 
Jan Smuts

Ní thiocfadh an briseadh mór chomh sciobtha sin, ach go bé go raibh an Rí Seoirse a Cúig, an ginearál Jan Smuts ón Afraic Theas agus an Príomh-Aire David Lloyd George ag cur le chéile leis na comhchainteanna a chur ag obair in athuair. Bhí a fhios ag madraí an bhaile go raibh an Rí as cuimse míshásta leis an ródach a bhí na Dúchrónaigh a dhéanamh ar na hÉireannaigh. Nuair a hiarradh air óráid a thabhairt ag tionól bunaithe Pharlaimint Thuaisceart Éireann ar an Stormont, mhol Jan Smuts dó leas a bhaint as an ócáid lena thuairimí i leith chogadh na hÉireann a chur in iúl go poiblí, i gcruth is go gcaithfeadh na polaiteoirí comhréiteach agus síocháin a lorg. Thaitin an smaoineamh leis an Rí, agus d'iarr sé ar an nginearál a chuid tuairimí a bhreacadh síos, le go bhféadfadh an Rialtas spléachadh a fháil orthu. Dhréachtaigh Smuts sórt meamram, agus chuir an Rí cóip den cháipéis seo chuig an bPríomh-Aire. Ansin, nuair a tháinig an Caibinéad le chéile leis an meamram a phlé le chéile, fáiltíodh Smuts isteach, agus ó bhí an Rí, an Ginearál agus Lloyd George féin ar aon bharúil nár mhiste triail a bhaint as, ní raibh neart ag na hairí rialtais eile air. Mar sin, thug an Rí an óráid uaidh mar a bhí socraithe, agus é ag éileamh athmhuintearais in Éirinn.

 
Arthur Griffith, cainteanna i Londain, 22 D.F. 1921

Chuaigh an óráid go mór mór i bhfeidhm ar na daoine ar an dá thaobh, agus thapaigh Lloyd George an deis. I Mí Iúil den bhliain 1921, phoibligh sé achainí d'Éamon de Valera comhchainteanna síochána a atosú. Ní raibh a fhios ag na hÉireannaigh nach raibh formhór na n-airí rialtais ag tacú leis an mbeart ach ar éigean. Thoiligh siad leis an tairiscint, agus shocraigh de Valera agus Lloyd George sos cogaidh a chur ar bun a chuideodh leo teacht ar chomhghéilleadh sa deireadh.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Leabhair cuir in eagar

  • An tOllamh Tomás Ó Máille, An tIomaire Rua: Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara
  • Mac Aonghusa, Proinsias. Ros Muc agus Cogadh na Saoirse (Conradh na Gaeilge 1992)
  • Ó Gadhra, Nollaig. Ríocht rointe
     
    ag imeacht, 1922
  • Coogan, Tim Pat. Michael Collins
  • Collins, M. E. Ireland 1868-1966 (Educational Company, 1993)
  • Lyons, F. S. L. Ireland Since the Famine
  • MacCardle, Dorothy. The Irish Republic (Corgi paperback)
  • Pakenham, Frank (Earl of Longford). Peace By Ordeal: An Account from First-Hand Sources of the Negotiation and Signature of the Anglo-Irish Treaty of 1921 (1935) ISBN 978-0-283-97908-8
  • Hopkinson, Michael. The Irish War of Independence (Gill & Macmillan, 2002)
  • Hopkinson, Michael. Green against Green, the Irish Civil War (Gill & Macmillan, 2004)
  • Hart, Peter. The IRA at War 1916-1923 (Oxford: Oxford University Press, 2003). ISBN 0-19-925258-0
  • Hart, Peter. The IRA and Its Enemies: Violence and Community in Cork, 1916-1923 (Oxford: Oxford University Press, 1998). ISBN 0-19-820806-5
  • Ryan, Meda. Tom Barry: IRA Freedom Fighter (Cork: Mercier Press, 2003). ISBN 1-85635-425-3
  • English, Richard. Armed Struggle, a History of the IRA (MacMillan, 2003)
  • Comerford, Richard. Ireland: Inventing the Nation (Hodder, 2003).

Tagairtí cuir in eagar

  1. ucd.ie (2016). "Centenaries". centenaries.ucd.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.
  2. "Special Military Area under the Defence of the Realm Act"
  3. Padraig Og O. Ruairc (2016-01-22). "Truce: Murder, Myth and the Last Days of the Irish War of Independence" (as English). Cork, Ireland: The Mercier Press Ltd. 
  4. Owen O'Shea (2021-07-05). "Killarney woman was last to die in Ireland's War of Independence" (en-US). Owen O'Shea. Dáta rochtana: 2021-07-11.
  5. Owen O'Shea (2021). "It went off by mistake" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-07-11.
  6. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-07-11.
  7. Tugtar "an sean-IRA" ar na fórsaí armtha a ghnóthaigh an cogadh seo don Phoblacht, le béim a chur ar an difríocht idir iad agus na Sealadaigh, is é sin, an tIRA nua a tháinig chun cinn i dTuaisceart Éireann sna 1970í.