Olltoghchán na hÉireann, 1918
Reáchtáladh olltoghchán in Éirinn - agus sa Bhreatain ag an am céanna - ar an 14 Nollaig 1918. Tá tábhacht bhunúsach i stair na hÉireann ag baint le Olltoghchán na hÉireann, 1918. Léirigh an toghchán sin a cuireadh ar bun ar oileán na hÉireann na claonta polaitiúla go léir ag an am.[1]
Cineál | olltoghchán in Éirinn |
---|---|
Dáta na bliana | 14 Nollaig 1918 |
1921 → | |
Tír | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Oifig le buachan | Teachta Dála |
Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2018 gur léirigh torthaí an toghcháin 1918 féin an t-athrú amháin ba mhó in ionadaíocht pharlaiminte[2]. Thuar sé na deighiltí a mhéadódh ar an oileán. Ar feadh achair ama ghairid, chuir na héilimh ar chearta an lucht oibre, ar chearta na mban, agus ar phoblacht neamhspleách ar leith d’Éirinn, deireadh leis na fórsaí bunaithe agus le struchtúir an ama chaite. Scaipeadh síolta sochaí a bhí níos cuimsithí – síolta ar thóg sé roinnt mhaith glúnta orthu péacadh, faraor. Ba é ghné chumhach thoghchán 1918 gur theip ar mheas a thabhairt dá údarás agus dá bharr sin gur tharla Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha tragóideach.
Torthaí
cuir in eagarBhuaigh Sinn Féin an chéad olltoghchán tar éis an Chogaidh Dhomhanda. Fuair an páirtí 73 suíochán, gan ach 26 ceann ag an bPáirtí Aontachtach... agus 6 ag an Páirtí Parlaiminteach. Léirigh an toradh go raibh Éirí Amach na Cásca tar éis dul i bhfeidhm go mór ar phobal na hÉireann.
Léirigh toradh an toghcháin chomh maith go raibh "deireadh ré buailte leis an bPáirtí Parlaiminteach".[3]
Votaí
cuir in eagarPáirtí | Ceannasaíocht | Vótaí | % Vótaí | Bogadh% | TDanna/TPanna | Athrú (ó Nol.1910) |
% den shuíochán | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Sinn Féin | Éamon de Valera | 476,087 | 46.9 | 46.9 | 73 | 73 | 69.5 | |
Aontachtaí Éireannach | Edward Carson | 257,314 | 25.3 | 3.3 | 22 | 5 | 20.5 | |
Parlaiminteach na hÉireann | Seán Diolún | 220,837 | 21.7 | 21.9 | 6 | 67 | 5.7 | |
Labour Unionist | níl aon | 30,304 | 3.0 | 3.0 | 3 | 3 | 2.8 | |
Belfast Labour | níl aon | 12,164 | 1.2 | 1.2 | 0 | 0 | 0 | |
Aontachtaí Neamhspleách | — | 9,531 | 0.9 | 0.9 | 1 | 1 | 0.95 | |
Náisiúnach Neamhspleách | — | 8,183 | 0.8 | 0 | 2 | 0 | ||
Lucht Oibre Neamhspleách | — | 659 | 0.1 | 0.1 | 0 | 0 | 0 | |
Neamhspleách | — | 436 | 0.1 | 0.1 | 0 | 0 | 0 | |
Iomlán | 1,015,515 | 100 | 105 |
Iarrthóirí
cuir in eagarNár éirigh leis
cuir in eagarAinm | Páirtí | Toghcheantar |
---|---|---|
Seán Diolún | Páirtí Parlaiminteach na hÉireann | Maigh Eo Thoir |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "The 1918 General Election (The Irish Revolution Lecture 6)" (en). History Hub (2013-04-05). Dáta rochtana: 2020-12-15.
- ↑ president.ie (2018). "Tá tábhacht bhunúsach i stair na hÉireann ag baint le toghchán an 14 Nollaig 1918". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ UCD. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.