Is páirtí náisiúnach bunreachtúla Éireannach é Sinn Féin. Tá stair fhada ag an bpáirtí seo, agus é ar thús cadhnaíochta ag cur shaoirse na hÉireann chun cinn le céad bliain anuas. B'é an páirtí seo a chuir cor i gcinniúint na hÉireann agus a bhain amach neamhspleáchas don tír.

Bosca Sonraí EagraíochtaSinn Féin
Sonraí
Ainm gearrSF Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn
náisiúnachas ar an eite chlé
Poblachtachas
populist socialism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaEite chlé
ar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh28 Samhain 1905, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Art Ó Gríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deEuropean United Left–Nordic Green Left (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
UachtaránachtMary Lou McDonald (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsiú inmhéanachAn Phoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsinnfein.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: sinnfein Twitter: sinnfeinireland Youtube: UCoIiYTHnF7YtqrLzVLVjzjQ Flickr: sinnfeinireland Cuir in eagar ar Wikidata

Stair an Pháirtí cuir in eagar

Na blianta luatha cuir in eagar

 
Art Ó Gríofa

Bhunaigh Art Ó Gríofa “Cumann na nGaedheal” ar an 30 Meán Fómhair 1900 a d’éirigh “Sinn Féin” níos déanaí sa bhliain 1905.

Bhunaigh Art Ó Gríofa agus an "chéad" Sinn Féin ar an 28 Samhain 1905, sa Rotunda, BÁC.[1] Ba é Edward Martyn[2] a bhí sa chathaoir 28 Samhain 1905 sa Rotunda nuair a bunaíodh gluaiseacht Sinn Féin [3]. Ba é a gcéad uachtarán é. Mar ghluaiseacht a bhreathnaigh sé orthu agus ní mar pháirtí polaitiúil. .

Bhí an Gríofach báúil le Poblacht neamhspleách in Éirinn. San am céanna, thuig sé nach mbeadh sé furasta a leithéid de chuspóir a bhaint amach, agus mar sin, b'í an chéad aidhm a chuir sé roimh an bpáirtí ná féinrialtas nó neamhspleáchas teoranta: ní bheadh sé réasúnta ná réadúil an nasc leis an mBreatain Mhór a bhriseadh go huile is go hiomlán, dar leis, ach feabhas mór a bheadh san fhéinrialtas teoranta féin. "Démhonarcacht" is féidir a thabhairt ar an réiteach a bhí i gceist ag an nGríofach, nó bhí a chuspóir múnlaithe ar an gcineál monarcacht dhúbailte a cuireadh i bhfeidhm ar an Ungáir sa bhliain 1867, nuair a bhí an tír sin ceangailte den Ostair in Impireacht na hOstaire agus na hUngáire.

Ní raibh aon bhaint ag Sinn Féin le hÉirí Amach na Cásca, ach mura raibh, is í an chiall chontrártha a bhain na húdaráis agus na nuachtáin araon as imeachtaí an Éirí Amach, nó bhí na focail The Sinn Féin Rebellion - ceannairc Shinn Féin - le léamh ar fud na háite tar éis an Éirí Amach.

Nuair a cuireadh ceannairí an Éirí Amach, ar nós an Phiarsaigh féin, chun báis, d'éirigh na Náisiúnaithe i bhfad ní b'fhíochmhaire agus ní ba radacaí ina meon. Ní raibh eagraíocht pholaitiúil dá gcuid féin ag lucht an Éirí Amach, áfach, agus chuaigh siad chun caibidlíochta leis an nGríofach chun Sinn Féin a iompú ina pháirtí réabhlóideach.

 
póstaer, 1918

Sinn Féin i ndiaidh 1918 cuir in eagar

Roimh thoghchán na bliana 1918, chuaigh ceannairí nua i seilbh Shinn Féin. D'fhág Art Ó Gríofa an halmadóir ag Éamon de Valera agus ag daoine eile a tháinig ina mbeo as an díoltas a d'agair na Gaill ar lucht an Éirí Amach. Ansin, bhí Sinn Féin ina pháirtí Poblachtánach go hiomlán.

Bhuaigh an páirtí 73 shuíochán de na 105 cinn a bhí ar fáil in Olltoghchán na bliana 1918, agus ansin, d'fhógair feisirí an pháirtí nach mbeidís sásta Westminster a bhaint amach ná a gcuid suíochán a ghlacadh i bParlaimint na hImpireachta Gallda i Londain. I dtús na bliana 1919, tháinig feisirí Shinn Féin le chéile le Dáil Éireann, nó parlaimint neamhspleách Phoblacht na hÉireann, a ghairm chun beatha. D'fhógair an Chéad Dáil seo neamhspleáchas na hÉireann, agus thosaigh Cogadh na Saoirse in Éirinn.

I rith an chogaidh seo, bhí Sinn Féin i gceann rialtas réabhlóideach na hÉireann. Nuair a shínigh toscairí na hÉireann an Cogadh Angla-Éireannach, áfach, scoilt an páirtí ina dhá chuid. Chaith tromlach na dTeachtaí Dála a gcuid vótaí ar son an Chonartha, 64 vóta ar fad, ach mar sin féin, dhiúltaigh mionlach mór acu don Chonradh, 57 vóta ar fad. Thairis sin, bhí tromlach na nÓglach ag tacú leis an mionlach seo.

 
Sinn Féin Bank, 1908 go D.F1921, 6 Sráid Fhearchair, BÁC

Sinn Féin i ndiaidh an Chonartha cuir in eagar

Bhí scoilt sa pháirtí maidir leis an gConradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. An taobh de Shinn Féin a dhiúltaigh don Chonradh, thug siad Sinn Féin orthu féin go fóill. Iad siúd a thacaigh leis an gConradh, is é an t-ainm a ghlac siad orthu féin ná Cumann na nGaedheal - nó Cumann na nGael i litriú an lae inniu. Chuir an dá pháirtí seo cogadh cruálach ar a chéile, Cogadh na gCarad, nó Cogadh Cathartha na hÉireann.

B'iad lucht tacaithe an Chonartha a bhuaigh an cogadh, ach tar éis an chogaidh féin, ní raibh lucht an taoibh eile sásta a ndlisteanas a admháil. Bhunaigh na buaiteoirí tír fhéinrialaitheach i sé chontae fichead den tír - Saorstát Éireann. Mar sin, is minic a thugtar "Státairí" nó "Saorstátairí" orthu, agus ainm na bPoblachtánach ag tagairt do lucht an taoibh eile. Chaithfeadh Teachtaí Dála an tSaorstáit dílseacht a mhóidiú do Rí Shasana, rud nár thaitin le hÉamon de Valera ná leis na Poblachtánaigh eile.

Mar sin féin, mhol de Valera do Shinn Féin páirt a ghlacadh sna toghcháin agus an chumhacht a bhaint amach sa tír ar dhóigh pholaitiúil, in áit na láimhe láidre. Chuir sé an cheist ar vóta ansin, agus nuair a chaill sé an vóta, d'fhág sé Sinn Féin le páirtí dá chuid féin - Fianna Fáil - a bhunú dóibh siúd a bhí sásta triail a bhaint as an gcóras polaitíochta bunreachtúla.

 
"Up Sinn Féin", ar an Austin Armoured Car, 12 Aibreán 1920

Sinn Féin 1930 - 1970 cuir in eagar

Nuair a thréig de Valera agus lucht leanúna Fhianna Fáil an páirtí, níor fágadh ach dream beag coimeádach sa pháirtí. Ní raibh caidreamh rómhaith ag iarsmaí Shinn Féin leis an IRA, ach an oiread, cé gurbh iad siúd an fórsa ba thábhachtaí agus ba threise i bhfad sa pholaitíocht Phoblachtánach.

Sa bhliain 1939, d'éirigh leis an bpáirtí agus leis an arm teacht chun réitigh sa deireadh thiar thall, ach mar sin féin, chuir polasaí neamhfhreastail an pháirtí an-bhac ar a fhás is ar a fhorbairt.

Sna seascaidí, thiontaigh gluaiseacht na Poblachta ar chlé, nuair a rinne go leor de na Poblachtánaigh a gcuid féin den anailís Mharxach ar chás na hÉireann. Ní raibh iomlán na gcomhaltaí sásta leis an gcasadh seo, agus ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 1970, chuaigh scoilt nua air. Iad siúd a chloígh leis an Náisiúnachas traidisiúnta, chuir siad Sinn Féin Sealadach ar bun, agus an chuid eile, chuaigh siad le polaitíocht na heite chlé i Sinn Féin Oifigiúil.

Sinn Féin i ndiaidh na scoilte cuir in eagar

 
Póstaer Shinn Féin i mBaile Átha Cliath.

Is é Sinn Féin Sealadach an páirtí a bhíonn i gceist ag lucht an lae inniu, nuair a dhéanann siad tagairt do "Shinn Féin". I rith na dTrioblóidí sa Tuaisceart, ba nós dearcadh ar Shinn Féin mar chraobh pholaitiúil an IRA.

Ba é Ruairí Ó Brádaigh a bhí ina chathaoirleach ar an bpáirtí i dtús báire, ach inniu, is é Gearóid Mac Ádhaimh an ceannaire. Ó na hochtóidí i leith, tháinig athrú ar sheasamh polaitiúil an pháirtí de réir a chéile, agus iad ag tréigean mheon na gleice armtha ar mhaithe leis an bpolaitíocht bhunreachtúil. Dá thoradh sin, scoilt an páirtí arís, agus sin faoi dhó. Sa bhliain 1986, ghlac an páirtí leis an moladh éirí as polasaí an neamhfhreastail i leith Dháil Éireann agus suíocháin a lorg sa Dáil. Ansin, thréig Ruairí Ó Brádaigh agus lucht a leanúna an páirtí le Sinn Féin Poblachtach a bhunú. Tháinig scoilt nua ar an bpáirtí agus ar an IRA nuair a thoiligh an páirtí leis an sos cogaidh sa Tuaisceart. Iad siúd a dhiúltaigh don tsíocháin, bhunaigh siad an Real-IRA. Mar sin féin, chuaigh Sinn Féin ó neart go neart sna toghcháin, agus in olltoghchán na Breataine sa bhliain 2005; bhuaigh an páirtí sé shuíochán, agus é ar an bpáirtí náisiúnaíoch is mó anois i dTuaisceart Éireann.

 
Oifig de chuid an pháirtí, Bóthar Ormeau, Béal Feirste

Sinn Féin an lae inniu cuir in eagar

Tá Sinn Féin páirteach sna hinstitiúidí polaitiúla ó thuaidh agus ó dheas. Bhí Máirtín Mac Aonghusa (Martin McGuinness) ina Leas-Chéadaire sna 6 chontae sna 2010idí. Bhí borradh nach beag faoi thacaíocht don pháirt ó dheas ag an am sin. In Olltoghchán na hÉireann, 2020, bhuaigh an páirtí 37 suíochán i nDáil Éireann agus an líon is airde de vótaí céadrogha de na páirtithe ar fad, an toradh is fearr a bhí acu i stair an stáit neamhspleáigh.

Meastar gur páirtí de chuid na heite clé é Sinn Féin, agus iad ag tacú le cearta lucht oibre níos láidre, dáileadh níos cothroime den tsaibhreas, agus leibhéalta níos airde de chaitheamh poiblí. Meastar chomh maith gur páirtí liobrálach é i dtaobh na gceisteanna sóisialta, iad ag tacú mar shampla le haisghairm an ochtú leasú sa reifreann a ritheadh i bPoblacht na hÉireann i 2018.[4]

Ceannairí cuir in eagar

Ógra Shinn Féin cuir in eagar

Tá eite óg ag an pháirtí darb ainm Ógra Shinn Féin. Is eagraíocht í atá gníomhach ar chúrsaí a bhaineann le hógánach Éireannach dar leo féin. Tá siad i mbun feachtasaíochta ar réimse ábhar, mar shampla, ceisteanna sóisialta: drugaí, féinmharú, bochtanas mac léinn agus cearta na n-oibrithe, agus tá siad glórach ar athaontú na hÉireann agus cur chun cinn neamhspleáchas na tíre.

 
Sinn Féin, Béal Feirste

Polasaithe sna 2010dí cuir in eagar

 

Polasaí Sláinte Shinn Féin cuir in eagar

  • Seirbhís uile-Éireann mar atá an National Health Service sa Ríocht Aontaithe
  • Teorainn le pá na ndochtúirí comhairleacha
  • Deireadh le costas ar othair a bhfuil cártaí leighis acu.
  • Ionaid Chúram Phríomhúil a leathnú
  • Deireadh a chur le fóirdheontais ar chúram príobháideach in otharlanna poiblí agus costas a ghearradh orthu siúd a bheidh ag baint úsaide as trealamh poiblí agus foireann phoiblí ina gcleachtas príobháideach
  • Scagthástáil cíche saor in aisce (d'ailse chíche) do gach bean os cionn 40 bliain.

Struchtúr an Pháirtí cuir in eagar

  • cumainn
  • comhairlí ceantair
  • cúigí
  • Coiste Seasta
  • Ard-chomhairle

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Founding of Sinn Féin 1905 - BY Mícheál MacDonncha". www.sinnfein.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-29. Dáta rochtana: 2020-11-28.
  2. nli.ie. "1916". Dáta rochtana: 2020.
  3. "MARTYN, Edward (1859–1923)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-28.
  4. "Labour vs Sinn Féin: what's the difference?" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Dáta rochtana: 2020-01-01.