Martin McGuinness

Polaiteoir Éireannach ba ea James Martin Pacelli McGuinnessMáirtín Mac Aonghusa (23 Bealtaine 195021 Márta 2017).

Martin McGuinness
MartinMcGuinness (cropped).jpg
ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Toghchán: 1982 Northern Ireland Assembly election (en) Aistrigh
Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 1, 1997 - Bealtaine 14, 2001
Dúiche: Lár Uladh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1997
ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74

Meitheamh 25, 1998 - Aibreán 28, 2003
Dúiche: Lár Uladh (Toghcheantar Tioníol)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 1998
Aire Oideachais

Samhain 29, 1999 - Deireadh Fómhair 14, 2002 - Caitríona Ruane (en) Aistrigh
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 7, 2001 - Aibreán 11, 2005
Dúiche: Lár Uladh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2001
ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74

Samhain 26, 2003 - Eanáir 30, 2007
Dúiche: Lár Uladh (Toghcheantar Tioníol)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2003
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 5, 2005 - Aibreán 12, 2010
Dúiche: Lár Uladh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2005
ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann

Márta 9, 2007 - Márta 24, 2011
Dúiche: Lár Uladh (Toghcheantar Tioníol)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2007
leas-Chéad Aire

Bealtaine 8, 2007 - Eanáir 9, 2017
Mark Durkan
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 6, 2010 - Eanáir 2, 2013
Dúiche: Lár Uladh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2010
Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann

Bealtaine 6, 2011 - Márta 24, 2016
Dúiche: Lár Uladh (Toghcheantar Tioníol)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2011
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann

Bealtaine 7, 2016 - Eanáir 26, 2017
Dúiche: An Feabhal
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2016
Saol
Ainm iomlánMartin Pacelli McGuinness
Eolas breitheDoire, 23 Bealtaine 1950
NáisiúntachtÉire
Teanga dhúchaisan Béarla
BásAltnagelvin Area Hospital (en) Aistrigh, 21 Márta 2017
Cúis bháisbás nádúrtha (aimileoideois)
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir agus international forum participant (en) Aistrigh
Áit oibreLondain
BallraíochtAn tIRA Sealadach
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaSinn Féin
thepeoplespresident.ie
TwitterM_McGuinness_SF

Ba bhall d'Ard Chomhairle Shinn Féin é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den IRA Sealadach sna 1970dí.[1] Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear síochána, ach bhí ceisteanna i gcónaí faoi ag daoine ar mharaigh an IRA a ngaolta[2].

2011

PolaitíochtCuir in Eagar

Nuair a fógraíodh sos comhraic i 1994 i dTuaisceart Éireann, ba é McGuinness, ‘fear crua an IRA’, go háirithe a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach na síochána[3]. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.

 
Martin McGuinness, Ian Paisley agus George Bush, 7 Nollaig 2007

Bhí páirt thábhachtach ag McGuinness sna cainteanna uileghabhálacha ar siúl idir na páirtithe sna 1990idí. Ba é an toradh a bhí ar an próiseas sin ná Comhaontú Aoine an Chéasta a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998. Bhí McGuinness ina phríomh-idirbheartaí as Sinn Féin ag an am sin.

Toghadh ina fheisire Parlaiminte é i 1997 agus ina theachta Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Ceapadh é mar Aire Oideachais i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt, ó 2 Nollaig 1999 – 14 D.F. 2002. 

Bhí sé McGuinness ceaptha ina Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann sa chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta (8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017). Sin rud a chuir alltacht ar aontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis[3].

Ainmníodh McGuinness ag Sinn Féin do toghchán uachtaránachta na hÉireann ar an 16 Meán Fómhair 2011.

D’éirigh McGuinness as an leas-chéad-aireacht i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite. Nuair a thit Stormont níor sheas McGuinness san toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.

 
 an plód a bhí ag a shochraid, an slua mór ar a shochraid

SaolCuir in Eagar

 
Sochraid

Saolaíodh McGuinness ar an 23 Bealtaine, 1950 i i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Ba dhuine de sheachtar clainne é.

D’fhág sé an scoil ag 15 bliain d’aois. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina phrintíseach ag búistéir.

Nuair a thosaigh na trioblóidí amach, chuaigh sé san IRA. Faoin am ar tharla Domhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA i nDoire.

Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Dúirt sé ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.

Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh.

Cailleadh McGuinness ar 21 Márta, 2017. Chloígh an galar amalódóis é[4].

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/1303355.stm
  2. http://tuairisc.ie/martin-mcguinness-fear-an-da-re-a-thug-an-ira-ar-bhothar-na-siochana/
  3. 3.0 3.1 "Martin McGuinness – fear an dá ré a thug an IRA ar bhóthar na síochána " Tuairisc.ie, 21 Márta 2017
  4. Is galar doleigheasta é, galar atá ann nach dtig a leigheas agus bás millteanach.