Lár Uladh (Toghcheantar Tionóil)

.

Toghcheantar Lár Uladh

Is toghcheantar é Lár Uladh de Thionól Thuaisceart Éireann. Úsáideadh den chéad uair amháin é i dtoghchán do Thuaisceart Éireann sa bhliain 1973, a toghadh Tionól Thuaisceart Éireann ag an am sin. De ghnáth roinneann sé teorainneacha le dáilcheantar Pharlaimint Lár Uladh na RA. Mar sin féin, bhí teorainneacha an dá thoghcheantar beagán difriúil ó 1983 go 1986 (toisc nch raibh teorainneacha an Tionóil fós de réir na n-athruithe a bhí i bhfeidhm sna teorainneacha Parlaiminte) agus ó 1996 go 1997, nuair a toghadh baill d’ Fhóram Thuaisceart Éireann ó na toghcheantair Pharlaiminteacha nua-tharraingthe ach bhí an 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe, a toghadh i 1992 faoi theorainneacha na dtoghcheantar 1983-95, fós i seisiún.

Ansin toghadh comhaltaí ón dtoghcheantar chuig an Coinbhinsiún ar an mBunreacht, an Tionól 1982, an Fóram 1996 agus ansin chuig an Tionól reatha ó 1998

Is é Lár Uladh an t-aon toghcheantar i dTuaisceart Éireann a chuir an líon céanna comhaltaí Tionóil ó na páirtithe céanna i ngach toghchán roimhe an toghchán sa bhliain 2017 - 3 Shinn Féin (SF), 1 An Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO), 1 An Páirtí Aontachtach Uladh (PAU) agus 1 An Páirtí Aontachtach Daonlathach PAD

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar stair agus teorainneacha an toghcheantair,, féach Lár Uladh (toghcheantar Pharlaimint na RA) .

Baill cuir in eagar

* ón 5 Bealtaine 2022 amach

Ball Páirtí
Patsy McGlone PSDLO
Michelle O'Neill Sinn Féin
Keith Buchanan PAD
Emma Sheerin Sinn Féin
Linda Dillon Sinn Féin

Tagairtí cuir in eagar