Patsy McGlone
Is polaiteoir Éireannach ó Bhaile an Doire é Patsy McGlone . Is Ball é de Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO). Is Comhalta den Tionól Reachtach (Tuaisceart Éireann) é do Lár Ulaidh, agus ina iar-Leas- Cheannaire ar an PSDLO ( 2010-11 ). Tá sé ina Chomhalta den Tionól Reachtach (CTR) ón bhliain 2003 ar aghaidh.
Patsy McGlone | |
![]() | |
In oifig 26 Samhain - 2003 | |
Réamhtheachtaí: | Denis Haughey |
Dáta breithe | 3 Iúil 1959 |
Áit bhreithe | Baile an Doire, Contae Dhoire, Ulaidh, Éire |
Dáta báis | beo |
-- | |
Páirtí | Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre |
Gairm | Polaiteoir |
Céile | Geraldine |
Ó 1993 go dtí 2009, bhí McGlone freisin ina Comhairleoir i Chomhairle Ceantair na Coirre Críochaí. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcomhairle ó 2002-03 agus ó 2005-06. Ba thoscaire é ag na cainteanna a ba chúis le Chomhaontú Aoine an Chéasta agus bhí sé ina thoscaire chuig Fóram um Shíocháin agus Athmhuintearas i mí na Nollag 2002.
Le linn dó a bheith ag mangaireacht ó dhoras go doras i gcomhair McGlone sna toghcháin áitiúla agus tionóil, d'ionsaigh dílseoirí gluaisteán de chuid na n-oibrithe toghchán le buama peitril san Chuach