Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre

Páirtí Náisiúnaíoch i dTuaisceart Éireann is ea Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO)[1] (as Béarla, Social Democratic and Labour Party, SDLP). Páirtí daonlathach sóisialach is ea é atá ina chomhalta den Idirnáisiúntán Sóisialach. Tá Colum Eastwood ina cheannaire ar an pháirtí ó 2015.

Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
(en) Social Democratic and Labour Party Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnThe Red Flag Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrSDLP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas sóisialach
Éire Aontaithe
Náisiúnachas in Éirinn
Eorpachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh24 Lúnasa 1970
Bunaitheoir(í)Gerry Fitt Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePáirtí na Sóisialaithe Eorpach
Idirnáisiúntas Sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtJoe Byrne Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtSDLP Youth (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsdlp.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: SDLPlive Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Ógra PSDLO an eagraíocht don aos óg.

Stair cuir in eagar

Bunú cuir in eagar

Ag tús na bliana 1970, ní raibh Na Trioblóidí ach ina dtús ach ba léir do John Hume go raibh géarghá le páirtí polaitíochta a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an phobal Náisiúnach ó thuaidh.

Bhí seisear feisirí náisiúnacha i Stormont ag an am. Toghadh Hume mar fheisire neamhspleách agus bhí aithne mhaith aige ar bheirt fheisirí neamhspleácha eile – Ivan Cooper agus Paddy O’Hanlon – ón am a chaith siad i ngluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt.  Bhí an triúr acu ar aon intinn gur cheart páirtí nua a bhunú agus chuaigh siad i mbun cainteanna leis an triúr feisirí eile: Gerry Fitt (Páirtí Phoblachtach an Lucht Oibre), Austin Currie (An Páirtí Náisiúnach) agus Paddy Devlin (Páirtí an Lucht Oibre, Tuaisceart Éireann, (páirtí a bhí ceangailte le Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann).[2]

Chonacthas do Devlin agus Fitt gur bhain siad leis an traidisiún sóisialach agus bhí tuairimí láidre acu beirt faoin lucht oibre. Dar le Hume ba dhaonlathach sóisialta agus ní sóisialach é. Ní ó scoil ghramadaí a tháinig Fitt agus murab ionann agus Hume, féinoilte a bhí sé. Ba mhór ag Fitt a neamhspleáchas agus bhí drogall air a bheith ina bhall de pháirtí…

Ar an 21 Lúnasa 1970, seoladh Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) in Óstán an Grand Central i mBéal Feirste. Roghnaíodh Gerry Fitt mar cheannaire an pháirtí agus John Hume mar Thánaiste.

Tháinig an-chuid den bhallraíocht ó na Daonlathaigh Náisiúnaíocha[3] (an National Democratic Party), páirtí beag náisiúnaíoch a díscaoileadh é féin i ndiaidh an PSDLO a bheith bunaithe.

Ar dtús, dhiúltaigh an PSDLO polasaí an Pháirtí Náisiúnaigh (sé sin 'neamhfhreastalachas') agus rinne sé iarracht troid ar son chearta sibhialta laistigh den chóras reatha i Stormont. Mar sin féin, tháinig an PSDLO go tapa ar an tuairim go raibh Stormont do leasuithe, agus tharraing sé siar as a bheith rannpháirtíocht sa pharlaimint.

I ndiaidh Pharlaimint Thuaisceart Éireann a bheith cealaithe, tháinig an PSDLO chun cinn mar an dara pháirtí is mó, agus an páirtí is mó sa phobail náisiúnaigh, sna toghcháin don Tionól nua san Tuaisceart a bunaíodh sa bhliain 1973: Bhuaigh an páirtí 19 as 75 suíochán. Ba é an PSDLO ceann de na páirtithe ghlac páirt sna caibidlíocht sin a bhí mar thoradh ar shíniú Chomhaontú Sunningdale, agus ina dhiaidh sin bunaíodh an fheidhmeannas comhroinnte cumhachta i mí Eanáir 1974. Ghlac Gerry Fitt, ceannaire pháirtí an PSDLO, oifige mar Leas Phríomhfheidhmeannach, sa rialtas taobh le Pháirtí Aontachtach Uladh (faoi stiúir Brian Faulkner) agus Páirtí na Comhghuaillíochta. Bhí an Tionól agus an Feidhmeannas gearrshaolach, áfach, agus thit sé tar éis cheithre mhí, mar gheall ar an fhreasúra leanúnach laistigh den phobal aontachtach a chuir ina aghaidh an chomhaontaith. Níor shuí an páirtí sa rialtas arís go ceann 25 bliain ina dhiaidh sin.

Cé gur chas John Hume agus Gerry Adams (Sinn Féin) lena chéile den chéad uair i 1986, cuireadh tús foirmeálta le cainteanna Hume-Adams ag tús na bliana 1988. Glactar leis go forleathan gur lúb thar a bheith tábhachtach ab ea na cainteanna sin i slabhra phróiseas na síochána agus i gComhaontú Aoine an Chéasta a d’eascair as.[2] Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnaíoch ba mhó i dTuaisceart Éireann roimh na 2000idí.

2000idí cuir in eagar

 
Nichola Mallon, 2014

Ba é an PSDLO an páirtí náisiúnach is mó i dTuaisceart Éireann ó aimsir a bhunaithe go dtí tús an 21ú haois. Sa bhliain 1998, d'éirigh sé ina pháirtí is mó ar an iomlán ó thaobh vótaí faighte, an chéad uair (go dtí seo) a bhain páirtí náisiúnach é seo amach. Bhuaigh Sinn Féin níos mó suíocháin agus vótaí ná an PSDLO don chéad uair sa bhliain 2001 san Olltoghchán do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus sa bhliain 2003 san toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann

Thosaigh an páirtí ag dul ar gcúl sna toghcháin nuair a scor John Hume. Níor sheas Hume sa bhliain 2004 sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa agus theip ar an PSDLO an suíochán a choinneáil a bhí ag Hume ón bhliain 1979.

2020idí cuir in eagar

 
Colum Eastwood FP, Ceannaire an Pháirtí (ó 2015 ar aghaidh)

Le linn na 2000-2010idí, bhí an PSDLO ag dul i léig. Lean an cúlú sna ar aghaidh sna 2020idí. Sa thoghchán an Tionóil sa bhialin 2022, níor choinnigh an páirtí ach ocht as 12 suíochán, cor a d’fhág nach raibh dóthain teachtaí acu le bheith páirteach sa bhFeidhmeannas in Stormont.

Agus sa bhliain 2023, buaileadh buille trom ar an PSDLO sa Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023. Chaill an páirtí 20 suíochán sa toghchán, le 39 Comhairleoir as an 462 atá ar 11 údarás áitiúil; níos lú ná ionadaí amháin as gach naonúr.[4]

Aidhmeanna cuir in eagar

Tá díospóireacht ann faoi cad a bhí ar intinn ag bunaitheoirí an pháirtí, roinnt ag maíomh anois go raibh sí mar aidhm gluaiseacht pholaitiúil a bhunú i gcomhair náisiúnaithe bunreachtúla a bhí i gcoinne fheachtas paraimíleata na nÓglach Sealadach (nó an tIRA) a aontú, agus ar mhian leo feachtas chun cearta sibhialta do Chaitlicigh agus Éire Aontaithe a bhaint amach, tré mhodhanna síochánta bhunreachtúla.

Mar sin féin, áitíonn daoine eile, mar a thugann an t-ainm le fios, go raibh an bhéim ar dtús ar pháirtí sóisialta-daonlathach, seachas ar pháirtí náisiúnach a chur ar bun.

Bíonn roinnt den tuairim go bhfuil an PSDLO i dtús báire ina pháirtí ar son leasa na gCaitliceach meánaicme, le vótálaithe comhchruinnithe i gceantair thuaithe agus sna haicmí gairmiúla, seachas ina fheithicil ar son náisiúnachais na hÉireann. Diúltaíonn an PSDLO an argóint seo, ag cur in iúl go bhfuil gur fhoilsigh siad sa bhliain 2005 cáipéis ina leagadh amach a bpleananna d'Éire aontaithe.

Lean an díospóireacht seo idir daonlathas sóisialta agus náisiúnachas ar feadh an chéad deich mbliana de shaol an pháirtí. Níos déanaí ar aghaidh, mhaífeadh bunaitheoir agus céad cheannaire an pháirtí Gerry Fitt - a bhí roimhe sin ina iarcheannaire ar 'Pháirtí Poblachtach an Lucht Oibre', páirtí a bhí go follasach sóisialach - gurb é cinneadh an pháirtí 'Comhairle na hÉireann' a éileamh mar chuid de Chomhaontú Sunningdale, a léirigh cathain go díreach ar ghlac an páirtí clár oibre soiléir náisiúnach. D'fhágfadh ​​sé an páirtí ina dhiaidh sin, sa bhliain 1979, ag rá nach raibh sé a thuilleadh mar an pháirtí a bhí i gceist aige ón tús.

Ceannairí cuir in eagar

Leas-Cheannairí cuir in eagar

Feisire Parlaiminte (FP) cuir in eagar

Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR) cuir in eagar

Comhalta den Tionól Reachtach Toghlach Nótaí
Pat Catney Gleann an Lagáin Urlabhraí ar Choireacht
Sinead Bradley An Dún Theas Urlabhraí ar Gheilleagar
Mark H. Durkan An Feabhal Urlabhraí ar Shláinte
Colum Eastwood An Feabhal Ceannaire páirtí (ó 2015)
Claire Hanna Béal Feirste Theas Urlabhraí ar Airgeadas
Nichola Mallon Béal Feirste Thuaidh Leas-Cheannair (ó 2017), Urlabhraí ar Phobail
Daniel McCrossan Tír Eoghain Thiar Urlabhraí ar Bhonneagar
Patsy McGlone Ulaidh Láir Urlabhraí ar an nGeilleagar, Leas-Cheannaire (2010-2011)
Colin McGrath An Dún Theas Urlabhraí ar Oideachas
Justin McNulty Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha
Dolores Kelly An Bhanna Uachtarach Urlabhraí ar Oifig na Feidhmeannaigh
John Dallat Doire Thoir)

 

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.
  2. 2.0 2.1 "Léargas i mbeathaisnéis úr faoi John Hume ar áit na Gaeltachta in eachtraí stairiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-15). Dáta rochtana: 2023-11-20.
  3. "National Democratic Party (Northern Ireland)" (as en) (2023-02-16). Wikipedia. 
  4. Póilín Ní Chiaráin (4 Meitheamh 2023). "Feartlaoi an SDLP á scríobh róluath…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-04.