Gerry Adams
Is polaiteoir Éireannach é Gerry Adams (Gaeilge: Gearóid Mac Ádhaimh). Saolaíodh é ar an séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1946 i mBaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Tá sé ina Theachta Dála don dáilcheantar An Lú (agus Oirthear na Mí.) Ba Uachtarán Shinn Féin é go dtí Feabhra 2018 nuair a d'éirigh sé as an ról agus toghadh Mary Lou McDonald ina hUachtarán ar an pháirtí.[1]
Saol polaitiúil
cuir in eagarD’éirigh sé gníomhach i ngluaiseacht na gceart sibhialta sna 1960idí, agus bhí sé gníomhach i bhfeachtais in aghaidh an idirdhealaithe maidir le cúrsaí tithíochta.
Rinneadh é a imtheorannú in 1972. I Mí Iúil sa bhliain 1972 scaoileadh saor é chun bheith páirteach i gcainteanna rúnda i Londain. Tar éis a athghabhadh, rinne sé iarracht éalú ach cuireadh i bpríosún é.
Ar an 21 Deireadh Fómhair 1982, toghadh Adams (agus Martin McGuinness) ar Chomhthionól Uladh. Baineadh geit as muintir na Bunaíochta[2].
Sa bhliain 1984 scaoileadh agus gortaíodh go dona é in ionsaí a rinne grúpa dílseacht a bhí ag obair i gclaonpháirteachas le forásaí faisnéise na Breataine.
Bhí Adams ina uachtarán ar Shinn Féin idir 1983-2018. Chomh maith leis sin, b'fheisire é i bParlaimint na Ríochta Aontaithe idir 1983-1992 agus arís idir 1997-2011. Ba chomhalta den Tionól Reachtach é i dtuaisceart na hÉireann idir 1998-2010. Ba Theachta Dála é thar ceann Chontae an Lú idir 2011-2020. D'éirigh sé as a ról mar ionadaí tofa in 2020.
Leabhair le Gerry Adams
cuir in eagar- Falls Memories, (1982)
- The Politics of Irish Freedom, (1986)
- A Pathway to Peace, (1988)
- An Irish Voice
- Cage Eleven, (1990)
- The Street and Other Stories, (1992)
- Free Ireland: Towards a Lasting Peace, (1995)
- Before the Dawn, 1996, Brandon Books, ISBN 0-434-00341-7
- Selected Writings
- Who Fears to Speak...?, 2001(Original Edition 1991), Beyond the Pale Publications, ISBN 1-900960-13-3
- An Irish Journal, (2001), Brandon Books, ISBN 0-86322-282-X
- Hope and History, (2003), Brandon Books, ISBN 0-86322-330-3
- A Farther Shore, (2005), Random House
- An Irish Eye, (2007), Brandon Books
- An tSráid agus Scéalta Eile Tiontú Gaeilge ar Street and Other Stories, (1992)
Féach freisin
cuir in eagarNaisc Sheachtracha
cuir in eagar- Gerry Adams ar shuíomh gréasáin Shinn Féin Curtha i gcartlann 2015-05-23 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Eoin Ó Murchú (2018). "Laoch mór ár linne é Gerry Adams" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-28.
- ↑ Féach ar nuacht BBC ar Youtube