Eoin Ó Murchú

iriseoir Éireannach

Iriseoir, craoltóir agus colúnaí le Tuairisc.ie is ea Eoin Ó Murchú.[1][2] Eagraí polaitíochta RnaG, chuir sé i láthair sraith raidió, Cúrsaí Reatha, ar RTÉ Raidió 1 sna 2000idí[3] agus scríobh sé do Lá Nua, srl.[4] Bhí sé chun tosaigh san fheachtas 'Misneach' sna 1960idí.[5]

Infotaula de personaEoin Ó Murchú
Beathaisnéis
BreithSasana Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTuairisc.ie
RTÉ Raidió na Gaeltachta
An Phoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: Eomurchu Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 2014, fuair an Murchúch gradam cumarsáide, 'Colúnaí na Bliana', ó Lá Nua.[6]

Bíonn sé ag tarraingt conspóide air féin i gcónaí, agus ag iarraidh daoine a ghríosú. Mar shampla, sa bhliain 2018, mhaígh an Rúis nach raibh aon bhaint acu leis an ionsaí ar Sergei Skripal, agus scríobh an Murchúch "tá a lán amhrais á léiriú faoin scéal oifigiúil a chuir na Sasanaigh amach"[7] Cosantóir mór de chuid an rialtais Rúisigh is ea an Murchúch.[8][2] Eoraisceipteach mór le rá is ea é chomh maith. Scríobh léachtóir, "Is maith leis an Murchúch an ró-shimpliú, an dubh is bán, an mhaith is an t-olc…ar thaobh amháin..."[9]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eoin Ó Murchú (2023-03-04). "twitter.com/Eomurchu/" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  2. 2.0 2.1 Eoin Ó Murchú (2023-03-04). "Facebook" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  3. "Cursai reatha" (ga-IE). The Irish Times (2004). Dáta rochtana: 2023-03-04.
  4. Raidió na Life (2011). "Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?". Dáta rochtana: 2024.
  5. misneachabu.ie (2023-03-04). "Cé Muid? – Misneach" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-04.
  6. BBC (2014). "BBC - Northern Ireland - Irish Language - Blas". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  7. "Ní dócha go bhfuil an Béar Rúiseach ag cúbadh chuige féin roimh Shasana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-04.
  8. Scríobh an Murchúch coicís níos déanaí, "Ní haon ábhar iontais é mar sin gur ionsaíodh Skripal más fíor go raibh sé ag feidhmiú thar ceann dream amháin de na holagairc." (2 Aibreán 2018). "Cé hiad olagairc na Rúise is cá bhfuair siad a gcuid airgid?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  9. "An pobal nó an margadh? Sé an margadh rogha an rialtais…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-04.