Lá Nua
Ba nuachtán náisiúnta Gaeilge é Lá (agus níos déanaí Lá Nua) a bhí lonnaithe i mBéal Feirste. Bhíodh sé á fhoilsiú go laethúil, cúig lá in aghaidh na seachtaine. Ba é Lá an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge[1] agus an chéad nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach ar bith.[2] D'fhág an nuachtán a rian ar shaol cumarsáide na hÉireann.[3] Nuachtán "stairiúil" a thug an Léachtóir Sinsireach le hiriseoireacht Íte Ní Chionnaith air.[4]
![]() | |
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1984 ![]() |
Seoladh poist | Teach Basil, Lána Bhaile Haine, Béal Feirste |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | táblóideach |
Formáid dáilte | I gcló agus ar líne |
Nuacht24 → | |
Suíomh | nuacht.com ![]() |
Stair
cuir in eagarBunaíodh Preas an Phobail, nuachtán seachtainiúil, sa bhliain 1981[5] i mBéal Feirste. Foilsíodh an chéad eagrán de Lá Dé Luain, 13 Lúnasa 1984.[foinse?]
Sa bhliain 1985, dódh oifigí Lá. Scriosadh "gach rud" sa tine, trealamh san áireamh. Ainneoin sin d'éirigh leis an bhfoireann an díolachán céanna a bhaint amach faoin mbliain 1991 agus a bhíodh acu roimhe.[6]
Tar éis tamaill, d'athraigh Lá ina nuachtán seachtainiúil.[7]
D'iompaigh sé ina nuachtán laethúil arís ar an 28 Aibreán 2003 a d'fhoilsítí ó Luan go hAoine.[7]
Sa bhliain 2006, d'éirigh le Lá i gcomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán nó foilseachán nuachta laethúil a fhoilsiú. In Eanáir 2007 athraíodh an t-ainm go Lá Nua.[foinse?]
Lá Nua
cuir in eagarBhí fo-oifigí ag Lá Nua i nGaoth Dobhair agus i gCúil Aodha.[3][8] Bhí 50% de faoi úinéireacht Ghrúpa Meán Bhéal Feirste agus an leath eile faoi grúpaí agus daoine éagsúla ar cás leo an Ghaeilge.[8]
I Mí Feabhra 2008, d'fhógair lucht Lá Nua go raibh siad ag iarraidh deireadh leis na heagráin chlóite a bhí siad ag cailliúint airgead orthu.[8]
I mí Mheán Fómhair na bliana 2008, dheimhnigh Bord Foras na Gaeilge nach mbeadh maoiniú nua ar fáil don nuachtán laethúil.[9] Foilsíodh an t-eagrán deireanach ar an 19 Nollaig 2008.[foinse?]
Shíl an t-iriseoir Máiréad Ní Chinnéide gur "cailleadh an t-eolas agus an taithí a bhí ag an fhoireann" nuair a cuireadh deireadh le Lá Nua.[10]
I measc na n-eagarthóirí, bhí Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Concubhar Ó Liatháin agus faoi dheireadh Dónall Mac Giolla Chóill (Feabhra-Nollaig 2008).[foinse?]
Féach freisin
cuir in eagar- Eoghan Ó Néill agus Gearóid Ó Cairealláin
- Seachtain, Foinse (scortha) agus An Páipéar
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh oifigiúil: nuacht.com (sa chartlann)
Foinsí
cuir in eagarLéitheoireacht bhreise
cuir in eagar- Cummings, Philip (2004). "Ár nuachtán laethúil: Fiche bliain de Lá". Binn Éadair, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ RTÉ (1984). "Irish language newspaper first published 1984". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
- ↑ "Gearóid Ó Cairealláin" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ 3.0 3.1 Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2008). "Margadh deacair na bhfoilseachán Gaeilge". Beo! (90).
- ↑ Íte Ní Chionnaith (Márta 2013). "Deireadh curtha le nuachtán Gaeilge eile". Feasta 66 (3): lgh 11–13.
- ↑ "Preas an phobail." (Irish). catalogue.nli.ie (1981). Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ Uí Chollatáin (2011), lch 18.
- ↑ 7.0 7.1 an Phoblacht (2003). "De Brun praises Lá". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2008.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Anton McCabe (10 Feabhra 2008). "Irish paper Lá to shut without backer". ThePost.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Feabhra 2008. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Comórtas Poiblí don chonradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge le fogairt ag Foras na Gaeilge". Gaeilge.ie (19 Meán Fómhair 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Iúil 2014.
- ↑ Uí Chollatáin (2011), lgh 112–113.