Nuachtán Gaeilge ba ea Foinse. Bhí sí ar fáil i gcló idir 1996 agus 2013 (agus cuid de i bhfoirm dhigiteach sna blianta deireanacha). Nuachtán táblóideach, ba é an t-ábhar a bhí le fáil in Foinse ná scéalta Gaeilge agus Gaeltachta, cúrsaí reatha, spóirt, taistil, gnó agus oideachais agus cultúir.

Infotaula de publicacions periòdiquesFoinse
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1996 Cuir in eagar ar Wikidata
Seoladh poistAn Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Áit a fhoilsitheAn Cheathrú Rua

Suíomhfoinse.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Bhíodh an nuachtán á fhoilsiú ar an gCeathrú Rua i gConamara agus chlóbhuailtí é san Uaimh ar dtús (agus níos déanaí i dTrá Lí, Co. Ciarraí). Bhí 30 fostaí ann ar an 13 D.F. 1996 nuair a foilsíodh é don chéad uair.[1]

Dhún an t-úinéir Pádraig Ó Céitigh an nuachtán sa bhliain 2009 de dheasca laghdú ar theacht isteach.[2] D'fhógair sé nach raibh sé féin agus Foras na Gaeilge ar aon intinn faoi choinníollacha conartha nua.[3][4]

“Nuair a fógraíodh an conradh nua i mí Mhárta na bliana seo rinne Foinse iarratas le go bhféadfaí 160,000 cóip a dháileadh sa tseachtain in áit timpeall 5,000. Níor ghlac an Foras leis an bplean gnó seo agus thairg siad conradh ceithre bliana do Foinse bunaithe ar an struchtúr dáileacháin a bhí ann go dtí sin. Ní raibh Foinse ábalta riachtanais an chonartha nua a chomhlíonadh".[5]

Tosaíodh á foilsiú arís sa bhliain 2009 agus gan baint ag Foras na Gaeilge le cúrsaí dáileacháin.[6] Bhí sí á scaipeadh saor in aisce leis an Irish Independent.[7]

I Mí Meán Fómhair 2013 d'fhógair an foilsitheoir Móinéar Teo. nach mbeadh fáil ar an leagan clóbhuailte i ndiaidh na míosa sin.[8] Dúradh, áfach, go leanfadh Foinse uirthi ag soláthar ábhair ar líne, rud nár tharla. Seoladh Tuairisc.ie ar 9 Deireadh Fómhair 2014.[9]

  1. Cartlann RTÉ (2021-10-11). "FÍSEÁN: Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin, bhí spéis á cur i nuachtán nua Gaeilge agus ábhairín aighnis á chothú aige freisin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  2. Nuacht RTÉ (2009-06-25). "Foinse newspaper to close over funding" (as en). 
  3. RTÉ News (2009-06-25). "Foinse newspaper to close over funding" (as en). 
  4. BBC, "Irish language paper closes" (en-GB) (2009-06-26). Dáta rochtana: 2024-05-02.
  5. andrumamornuacht.blogspot.com. "Blogger". accounts.google.com. Dáta rochtana: 2023-10-24.
  6. {http://www.foinse.ie/english-irish-language-newspaper-news-ireland/about-foinseie-irish-language-newspaper Curtha i gcartlann 2014-04-10 ar an Wayback Machine
  7. foinse.ie (2013-09-06). "Suíomh ar 6 MF 2013". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-09-06. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  8. 'Deireadh ré don nuachtán Foinse,' Gaelport.ie, 10 Meán Fómhair 2013: http://www.gaelport.com/nuacht/Deireadh-re-do-Foinse/ Curtha i gcartlann 2015-06-20 ar an Wayback Machine.
  9. "Goan wonders what Kenny’s linguistic ‘legacy’ will be" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar