Tuairisc.ie

nuachtán Gaeilge ar líne

Is suíomh Gaeilge nuachta é Tuairisc.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bíonn ailt ar chúrsaí nuachta Gaeltachta, náisiúnta agus idirnáisiúnta; cúrsaí spóirt, cultúir agus faisean; chomh maith le hailt tuairimíochta agus colúin. Cuirtear ailt leis an suíomh ar bhonn laethúil.

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinTuairisc.ie
URLhttps://tuairisc.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltréimhseachán agus nuachtán ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís2014 Cuir in eagar ar Wikidata
CeanncheathrúBearna Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bhuaigh Tuairisc Bheo Teoranta comórtas a reáchtáil Foras na Gaeilge i 2014 chun nuachtán Gaeilge ar líne a sholáthar[1]. Lonnaíodh oifigí an nuachtáin i mBearna i gContae na Gaillimhe[2] mar ba í sin an t-aon cheantar i nGaeltacht Chonamara a bhfuil fáil ann ar sheirbhís leathanbhanda ar ardluas[3]. Seoladh Tuairisc.ie sa Seomra Darach i dTeach an Ard-Mhéara mBaile Átha Cliath ar 9 Deireadh Fómhair 2014.[4]

Ar 5 Meitheamh 2015, d'fhógair Tuairisc.ie go raibh 1,000,000 amharc leathanaigh bainte amach ag an suíomh.[5]

Foireann cuir in eagar

Is é Seán Tadhg Ó Gairbhí eagarthóir Tuairisc.ie[6] agus is é Ciarán Ó Súilleabháin bainisteoir an tsuímh.[5]

Tá beirt iriseoirí lánaimseartha fostaithe ag an suíomh, Méabh Ní Thuathaláin agus Pádraic Ó Ciardha (Maitiú Ó Coimín sna 2010idí) agus bíonn ailt rialta ann ó scríbhneoirí seachtracha ar fud na hÉireann agus an domhain. Ina measc sin tá Póilín Ní Chiaráin, Bridget Bhreathnach, Cathal Mac Coille, Seosamh Ó Cuaig, Alex Hijmans agus eile nach iad.

Ar ga.wikipedia.org cuir in eagar

Ar Google cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Tuairisc.ie ag earcú foirne dá seoladh" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
  2. "Sonraí Teagmhála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-09.
  3. "Tuairisc.ie reaches one million page views" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
  4. "Goan wonders what Kenny’s linguistic ‘legacy’ will be" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
  5. 5.0 5.1 "1,000,000 ‘amharc leathanaigh’ bainte amach ag Tuairisc.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-06-05). Dáta rochtana: 2024-01-21.
  6. "Cormac ag a Cúig Déardaoin 9 Deireadh Fómhair 2014" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-12-09.

Naisc sheachtracha cuir in eagar