Cathal Mac Coille

iriseoir agus craoltóir Éireannach

Craoltóir, iriseoir agus taighdeoir Éireannach is ea Cathal Mac Coille.[1] Tá cuid mhór cláracha polaitíochta eile déanta aige chomh maith le hagallaimh le polaiteoirí clúiteacha. Chuir sé Morning Ireland i láthair ar RTÉ Raidió 1 go dtí 2017. Is colúnaí é le Tuairisc.ie i láthair na huaire.

Infotaula de personaCathal Mac Coille

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1952
71/72 bliana d'aois
Cluain Dolcáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTuairisc.ie Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Tógadh Mac Coille i gCluain Dolcáin. B’as Contae an Dúin a athair agus as iarthar Luimnigh a mháthair. Fuair sé a chuid oideachais trí Bhéarla go háitiúil ar dtús ach ansin chuaigh sé ar aghaidh go Coláiste Mhuire i lár na cathrach, áit a bhfuair sé a chuid meánscolaíochta trí Ghaeilge.[2]

Iarmhac-léinn de chuid An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é.

I 1972 thug An Dr. Éamonn Ó hÓgáin, duine a bhí bainteach le *Comhar *agus a bhí ina chónaí in aice le Mac Coille, cuireadh dó a bheith ar choiste eagarthóireachta na hirise Comhar. In Earrach na bliana 1973, agus Cathal Mac Coille sa tríú bliain sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, d’fhág sé an cúrsa staire a bhí á dhéanamh aige chun dul i mbun poist mar eagarthóir ar Comhar.[2]

Tar éis dó an BA a bhaint amach sa bhliain 1974, d’éirigh leis post a fháil mar thaighdeoir i Rannóg na gClár Raidió in RTÉ. Chaith sé leathbhliana ag plé leis an obair sin agus ansin fuair sé post ar dheasc na nuachta Gaeilge sa stáisiún, áit a raibh sé go dtí 1978, nuair a chuaigh sé ó Thuaidh mar chomhfhreagraí.

I 1984, tháinig Mac Coille agus a theaghlach ar ais go Baile Átha Cliath. Chaith Mac Coille na blianta 1984 go 1990 ag obair ar na cláracha News at One agus Morning Ireland in RTÉ agus ansin chuaigh sé i mbun oibre mar iriseoir leis an Sunday Tribune.[2]

Bhog Mac Coille ó RTÉ go TnaG nuair a thosaigh an stáisiún lán-Ghaeilge ag craoladh den chéad uair in 1996 agus bhí sé ar an gcéad chomhfhreagraí polaitíochta ag an stáisiún nua. Nuair a d’fhill sé ar RTÉ in 2001, ceapadh é mar dhuine de láithreoirí Morning Ireland, ceann de na postanna is mó gradam i saol na hiriseoireachta in Éirinn.[1]

Is iarbhall é de bhord an Lárionaid Éigeandála Éignithe i mBaile Átha Cliath.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (2017-07-28). "Réalta na maidine ag fágáil slán agus Cathal Mac Coille ag éirí as RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  2. 2.0 2.1 2.2 Éamonn Ó Dónaill (Meitheamh 2002). "Cathal Mac Coille" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  3. Cathal Mac Coille (21 Deireadh Fómhair 2023). "Géarchuntas Máiría Cahill ar an bhfeall fuarchroíoch a rinneadh uirthi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-21.