Coláiste Mhuire, An Chabrach

meánscoil i mBaile Átha Cliath

Is meánscoil lán-Ghaelach de chuid na mBráithre Críostaí é Coláiste Mhuire[1] (tá bunscoil ann freisin, Gaelscoil Choláiste Mhuire[2]). Tá an meánscoil suite ar Bhóthar Ráth Tó sa Chabrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, cé go mbíodh sé lonnaithe ag Cearnóg Pharnell ar feadh na mblianta fada suas go dtí 2003.[3] Tá an bunscoil fós suite i gCearnóg Pharnell.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Mhuire, An Chabrach

ManaPro deo Pro Patria Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1931
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincolaistemhuire.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é mana na scoile ná Pro Deo Pro Patria (Ar son Dé, ar son na Tíre).[4]

Coláiste Mhuire, An Chabrach

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an scoil ar dtús sa bhliain 1931 in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ar an taobh theas den chathair. Ba é an Br. M.R. Ó Tatháin an chéad phríomhoide ag an scoil nua. Ocht nduine dhéag de bhuachaillí a bhí i láthair ar an gcéad lá.

Bogadh é go 25 Cearnóg Pharnell ar an taobh thuaidh sa bhliain 1933. D'fhán an Coláiste ag an ionad sin ar feadh seachtó bliain.

Imeacht na mBráithre cuir in eagar

D'fhág na Bráithre deireanacha an coláiste sa bhliain 1993. Tá siad ina n-iontaobhaithe ag an scoil go fóill ach níl aon duine acu fágtha san fhoireann teagaisc.

Imeacht ó Chearnóg Pharnell cuir in eagar

Ba ghá don choláiste an t-áitreabh ag cearnóg Pharnell a fhágáil sa bhliain 2003, mar gheall ar an droch-chaoi a bhí ar an bhfoirgneamh. Tugadh cóiríocht shealadach dó ar bhóthar Ráth Tó ina dhiaidh sin. Ní léir cén todhchaí atá i ndán don scoil amach anseo.

Príomhoidí cuir in eagar

  • An Br. M.R. Ó Tatháin (1931-1943)
  • An Br. U.G. Ó Coileáin (1943-1949)
  • An Br. S.A. Ó Laoi (1949-1955)
  • An Br. P.B. Ó Gairbheith (1955-1961)
  • An Br. S.A. Ó Dónaill (1961-1967)
  • An Br. L.P. Ó Caithnia (1967-1970)
  • An Br. A.P. Caomhánach (1970-1973)
  • An Br. M.F. Ó Donnchú (1973-1975)
  • An Br. An Br. D.P. Ó Fearghail (1975-1979)
  • An Br. S.C. Ó hAmaill (1979-1980)
  • An Br. P.U. Ó Néill (1980-

2020idí cuir in eagar

  • Oisin Mac Eoin

Iardhaltaí Cáiliúla cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Coláiste Mhuire Cabra. "Coláiste Mhuire" (English). Coláiste Mhuire. Dáta rochtana: 2023-12-30.
  2. 2.0 2.1 Gaelscoil Choláiste Mhuire. "Gaelscoil Choláiste Mhuire" (English). Gaelscoil Choláiste Mhuire. Dáta rochtana: 2023-12-30.
  3. RTÉ news (2002-12-17). "Coláiste Mhuire is to be relocated" (as en). 
  4. Irisleabhar Choláiste Mhuire; Iubhaile Órga 1931-1981

Naisc sheachtracha cuir in eagar