Comhar

Iris liteartha sa Ghaeilge

Iris mhíosúil Ghaeilge é Comhar a bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha ann, dírithe i gcónaí ar léitheoirí oilte.

Infotaula de publicacions periòdiquesComhar
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1942 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóirí
ISSN0010-2369
JSTORcomhar

Suíomhcomhar.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo leis an iris Ghaeilge; má tá suim agat sa bhaile fearainn i gContae an Chláir, féach Comhar, Contae an Chláir.

Ba é Breandán Ó hEithir t-eagarthóir is mó iomrá, agus i measc na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil a shaothar le fail inti, tá Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley, Tomás Mac Síomóin, Pól Ó Muirí agus Seán Mac Mathúna. Dúradh gur san iris a foilsíodh saothar le beagnach gach scríbhneoir Gaeilge a thuill clú sa 20ú haois.[1]

Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin. Fáiltíonn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge. Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[2] Foilsíodh an chéad eagrán i mBealtaine na bliana 1942, tráth a raibh páipéar gann sa tír agus an dara cogadh domhanda faoi lán seoil.[3][4] Go deimhin, bhí páipéar chomh gann sin ag an am go raibh ar eagarthóirí na hirise nua cead speisialta a lorg ón Aire Seán Lemass chun an iris a chur i gcló.[1]

I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fógraíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[5]

Cuireadh an iris ar líne sa bhliain 2017.[6]

 
Breandán Ó hEithir

LeabhairCOMHAR cuir in eagar

Athbhunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta a bhain le COMHAR, inphrionta "LeabhairCOMHAR" sa bhliain 2010 chun nualitríocht na Gaeilge a fhorbairt. Tá sí mar aidhm ag an gcomhlacht ó thús, scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach. Tá breis is 45 leabhar foilsithe ag "LeabhairCOMHAR" ó thús ama. Cuireann"LeabhairCOMHAR" réimse leathan leabhar ar fáil idir leabhair staire, beathaisnéisí acadúla agus úrscéalta do dhaoine fásta. Tá sé cinn de shraitheanna á bhforbairt ag "LeabhairCOMHAR" faoi láthair mar a leanas:

  • GUTH NUA (ficsean do dhaoine fásta atá scríofa ag scríbhneoirí nua);
  • DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus fhaisnéise);
  • AN SAOL ÓG (leabhair phictiúr agus litríocht do pháiste);
  • SAOL AGUS SAOTHAIR (beathaisnéisí acadúla);
  • TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamacha d’fhilíocht ó údair aitheanta) agus
  • FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta atá ag foghlaim Gaeilge).

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an Siopa Leabhar ar líne ar an leathanach gréasáin www.iriscomhar.com le feiceáil go bhfuil neart leabhar ar fáil a bhféadfaí úsáid a bhaint astu sa seomra ranga nó leas a bhaint astu chun suim daoine óga a mhúscailt sa léitheoireacht.

Foghlaimeoir Fásta cuir in eagar

  • An Gaeilgeoir Grámhar, Alan Desmond, 2011.
  • Samhradh an Chéasta, Catherine Foley, 2010.
  • An Foghlaimeoir Fásta, Alan Desmond, 2006.
  • Croí na Ceiste, Pól Ní Muirí, 2007 (as cló).
  • Gaeilge agus Grá, Alan Desmond, 2007 (as cló).
  • Míle Murdar! Mícheál Ó Ruairc, 2005.
  • Paloma, Pól Ó Muirí, 2000 (2002) (as cló).
  • Sorcha sa Ghailearaí, Catherine Foley, 2005 (as cló).
  • Teach na ngColúr,Aisling Ní Leidhin agus Liam Mac Amhlaigh, 2006 (2010).
  • Teifeach, Pól Ó Muirí, 2002 (2005).

Leabhar a foilsíodh idir 2010 agus 2012 cuir in eagar

  • Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, Ríona Nic Congáil, as an tsraith AN SAOL ÓG, 2012.
  • An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta curtha in eagar ag Siúin Ní Dhuinn as an tsraith GUTH NUA, 2011.
  • Annála, Gréagóir Ó Dúill, as an tsraith TÉAD NA FILÍOCHTA, 2011.
  • Saol an Mhadra Bháin Ríona Nic Congáil, as an tsraith AN SAOL ÓG, 2011.
  • Rún an Bhonnáin Proinsias Mac a’ Bhaird, as an tsraith GUTH NUA, 2010.
  • Uachtaráin na hÉireann Eithne Nic Eoin, 2010.

Leabhair a foilsíodh roimh 2010 cuir in eagar

  • An bhfaca tú Dracula? Dialann Thrasalvánach, Aodh Ó Canainn, 1997 (as cló).
  • An Cailín Rua, Catherine Foley, 2004.
  • An Chaint sa tSráidbhaile, Breandán Ó hEithir, curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín, 1991 (as cló).
  • An dá Mháirtín, Diarmaid Ó Gráinne, 1990.
  • An Deoir sa Bhuidéal, S.E. Ó Cearbhaill, 1998.
  • An Ród seo Romham, Liam Mac Uistín 2006.
  • An Spealadóir Polannach, Peter Huchel, 1994.
  • An Stad – Croí na hAthbheochana, Seán Ó Cearnaigh, 1993.
  • Ar Bhruach na Laoi, Liam Ó Muirthile, 1995 (as cló).
  • Bás i mBaile an Ghorta, Mícheál Ó Ruairc, 2003 (as cló).
  • Bás san Oirthear, Lorcán S. Ó Treasaigh, 1992.
  • Bean Athbheochana, Mairéad Ní Chinnéide, 1993.
  • Brocairí Bhedlington agus Scéalta Eile, Gearailt Mac Eoin, 1996.
  • Caithfear Éisteacht!, Liam Prút, 1999.
  • Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn, curtha in eagar ag Liam Prút, 1997.
  • Clann na nÉan / Ríocht na Cailce, Gabriel Rosenstock, 2005 (as cló).
  • Comhar: Innéacs 50 bliain, Máire de Grás, 1992 (as cló).
  • Dlíthe an Nádúir, Pól Ó Muirí, 2001 (as cló).
  • Géaga Trí Thine, Gabriel Rosenstock, 2006 (as cló).
  • Ó Chómhargadh go hAontas, Maolmhaodhóg Ó Ruairc, 1994.
  • Oileán Rúin agus Muir an Dáin, Micheál Mac Craith, 1993.
  • Plumaí, Liam Prút, 1997.
  • Pónairí ar Thósta: Dialann Mic Léinn Ollscoile, Mícheál Ó Ruairc, 2007.
  • Ríomh-Scéalta chuig Bilí, Liam Mac Uistín 2007 (2010).
  • Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, Seán Ó Cearnaigh, 1995.
  • Seal sa Pholainn, Alan Desmond, 2007.
  • Seán agus a Chamán, Pádraig ó Giollagáin agus Mike McCarty, 2001 (as cló).
  • Seo Linn go Tóiceo, Iarla Mac Aodha Bhuí, 2000.
  • Tréigean na Cúise, Iarla Mac Aodha Bhuí, 1999.
  • Trasna na dTonnta, Mícheál Ó Ruairc, 2001 (as cló).
  • Trioblóid (leabhar agus dlúth-dhiosca), Colmán Ó Drisceoil, 2005 (as cló).
  • In Éadan na Gaoithe, Peter Hartling, aistrithe go Gaeilge ag Máire Mhic Eoin, 2002 (as cló).

Eagarthóirí cuir in eagar

1942
  • Seán Ó Buachalla, Máirtín Ó Flathartaigh, Tomás Ó Floinn, Tomás de Bhaldraithe, Séamus Ó Néill, Dáithí Ó hUaithne, Seán Mac Réamoinn, Proinsias Mac Cana, Caoimhín Ó Góilidhe, Helen Beaumont, Mícheál Ó Cíosóig
1952
  • Riobard Mac Góráin, Gearóid Mac Niocaill, Mícheál Ó Riain, Eibhlín Ní Bhriain, Breandán Ó hEithir
 
Anna Heussaff
1962
  • Breandán Ó hEithir (1960-1963; 1965-1966), Caoimhín Ó Marcaigh, Eoghan Ó hAnluain, Mícheál Ó hUanacháin, Piaras Ó Gaora
1972
  • Seán Ó hÉalaithe, Dáithí Ó hÓgain, Cathal Mac Giolla Coille, Treasa Ní Ógáin, Rhoda Uí Chonaire, Proinnseas Ní Dhorcaí, Anna Heussaff
1982
  • Caoilfhionn Nic Pháidín, Mícheál Ó Cearúil, Seosamh Ó Murchú, Éamonn Ó Dónaill
1992
  • Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
  • Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
  • Eagarthóir Liteartha: Siobhán Ní Fhoghlú (Eanáir-Iúil); Gréagóir Ó Dúill (Lúnasa-Nollaig)
1993/1994
  • Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
  • Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
  • Eagarthóir Liteartha: Gréagóir Ó Dúill
1995
  • Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin (Eanáir-Meán Fómhair); Vivian Uíbh Eachach (Feabhra-Nollaig)
  • Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach (Eanáir)
  • Eagarthóir Liteartha: Gréagóir Ó Dúill (Eanáir-Meán Fómhair); Liam Prút (Deireadh Fómhair-Nollaig)
1996/1997
  • Eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
  • Eagarthóir Liteartha: Liam Prút
1998 ;
  •  
    Pól Ó Muirí
    Eagarthóir: Pól Ó Muirí (Eanáir-Iúil, Meán Fómhair-Samhain); Antain Mac Lochlainn (aoi-eagarthóir, Lúnasa); (eagarthóir, Nollaig)
  • Eagarthóir Liteartha: Antain Mac Lochlainn (Samhain)
1999
  • Eagarthóir: Antain Mac Lochlainn
2000
  • Eagarthóir: Antain Mac Lochlainn (Eanáir-Márta); Vivian Uíbh Eachach (Aibreán); Alex Hijmans (Bealtaine-Nollaig)
2001
  • Eagarthóir: Alex Hijmans (Eanáir-Meitheamh); Úna Ní Chonchúir (Iúil/Lúnasa-Nollaig)
2002
  • Eagarthóir: Úna Ní Chonchúir (Eanáir-Meán Fómhair); Mícheál Ó hUanacháin (Deireadh Fómhair-Nollaig)
2003-2007
  • Eagarthóir: Mícheál Ó hUanacháin
2008
  • Níor foilsíodh an iris: Eanáir-Meán Fómhair 2008
  • Eagarthóir: Aindrias Ó Cathasaigh (Deireadh Fómhair-Samhain); Pól Ó Muirí (Nollaig)
2009-2010
  • Eagarthóir: Pól Ó Muirí; Ríona Nic Congáil (aoi-eagarthóir, Meán Fómhair)
2011
  • Eagarthóir: Ian Ó Caoimh
  • Eagarthóir Liteartha: Aifric Mac Aodha
2012
  • Eagarthóir: Ian Ó Caoimh (Eanáir-Márta); Aifric Mac Aodha (Aibreán-anois)
  • Eagarthóir Liteartha: Aifric Mac Aodha (Eanáir-Márta)
  • Eagarthóir Cúnta: Seán Tadhg Ó Gairbhí

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Ceiliúradh déanta ar bhunú Comhar ceithre scór bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie (22 Aibreán 2022). Dáta rochtana: 2022-04-30.
  2. The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  3. Alan Titley (2019). "AN COMHAR SOLAIS" (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2023-05-16.
  4. Nuacht RTÉ (2022-04-21). ""Is saibhrede Éire Comhar" - iris Ghaeilge 80 bliain ar an bhfód" (as ga-IE). 
  5. Liam Mac Amhlaigh (2008). "Slánaítear Comhar do ghlúin nua" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-10-10.
  6. "Comhar le fáil ar líne agus i gcló as seo amach" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-10-10.