Seán Ó Ríordáin

file Éireannach

Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin (3 Nollaig 1916 – 21 Feabhra 1977).[1]

Seán Ó Ríordáin
Infotaula de personaSeán Ó Ríordáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Nollaig 1916
Baile Bhuirne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Feabhra 1977
60 bliana d'aois
Gleann Maghair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Discogs: 3811209 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é Ó Ríordáin ar 3 Nollaig 1916, agus b'ansin a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d'fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid ba mhó dá shaol.

Chuaigh sé le hiriseoireacht freisin, agus é ag scríobh ailt go rialta ar an Irish Times.

Fuair pinsean a bhí bunaithe ar 34 bliana seirbhíse i 1965, nuair a d’éirigh sé as a phost i mBardas Chorcaí 30 Meán Fómhair sa bhliain sin.

Mhair sé le heitinn ar feadh i bhfad. Bíonn an galair sin crua ar na scamhóga.

Fuair Seán Ó Ríordáin bás sa bhliain 1977.

Litríocht cuir in eagar

Foilsíodh a chnuasach dánta Eireaball Spideoige sa bhliain 1952, agus ansin, bhain sé clú amach dó féin mar fhile nua-aimseartha den scoth. Tháinig an dara cnuasach leis, Brosna, i gcló sa bhliain 1964. Faoin am céanna foilsíodh an leabhar Rí na nUile. Nua-leaganacha a bhí ann de dhánta diaga ón tsean-Ghaeilge, agus d'oibrigh an Ríordánach amach iad in éineacht leis an an Athair Seán S. Ó Conghaile.

File fealsúnach Críostaí ab ea an Ríordánach. Bhíodh rúndiamhra na beatha is an bháis, na síoraíochta is an pheaca ag cur as dó go minic. Ag an am céanna léirigh sé grá don dúchas agus do leanúnachas an chine Éireannaigh agus an traidisiúin dhúchasaigh.

Scríobh Seán Ó Coileáin an leabhar Beatha Agus Saothar ar cuntas é ar shaol agus ar shaothar an Ríordánaigh. D'fhoilsigh Seán Ó Tuama leabhar faoin teideal Filí faoi Sceimhle sa bhliain 1978, leabhar a bhfuil dhá aiste ann, agus ceann acu ag trácht ar an Ríordánach.

 
Mise, Seán Ó Ríordáin - Clár ó TG4

Saothair cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ó RÍORDÁIN, Seán (1916–1977)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-10-18.

Tuille eolas cuir in eagar