Baile Bhuirne

ionad daonra i gContae Chorcaí

Baile beag i mbarúntacht Mhúscraí Uí Fhloínn, i lár-iarthar Chontae Chorcaí is ea Baile Bhuirne. Baile Mhúirne an fhoirm áitiúil stairiúil den bhaile agus Múirneach a ghlaotar ar dhuine ón mball[1]. Tá sé suite i gCnoic Dhoire na Sagart, cúig mhíle lastoir de theorainn Chontae Chiarraí, deich míle laistiar de Mhaigh Chromtha agus tímpeall dachad míle siar ó thuaidh de Chathair Chorcaí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Bhuirne
Ballyvourney Church yard.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°56′41″N 9°09′48″W / 51.944778°N 9.163242°W / 51.944778; -9.163242
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde154 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411701

An GhaelainnCuir in Eagar

Ceantar oifigiúil Gaelthachta is ea iarthar Mhúscraí Uí Fhloínn, ó Lios a' Chréasaigh thoir, siar go teora an chontae; agus ó Mhullach an Ois thuaidh, ó dheas go Guagán Barra agus Céim an Fhia.

Naomh GobnaitCuir in Eagar

Naomh Gobnait naomh pátrúin na dúthaí. In ómós di sin is ea a ainmníodh Coláiste Ghobnatan, an mheánscoil atá ar an mbaile, agus Óstán Ghobnatan, tigh ósta atá cúpla céad slat siar an bhóthair ón gcoláiste. (Ní do 'mhainistir' go dtagraíonn ainm Béarla an óstáin seo, The Abbey Hotel. Béarlú seana-bhunaithe ar an ainm phearsanta 'Gobnait' is ea 'Abbey'.)

 
muileann

Tá Teampall Ghobnatan agus Tobar Ghobnatan (tobar beannaithe) ar taobh cnoic i nGort na Tiobratan agus is mó oilithreach i gcónaí a choimeádann Turas Ghobnatan.

Tá Síle na gCíoch greanta i lindéar atá os cionn fuinneoige i bhfalla theas an teampaill[2]. Cuid de dheasghnáth an Turais is ea tadhall láimhe a thabhairt di.

Baile fearainn is ea Gort na Tiobratan. Tá sé laisteas den bpríomh-bhóthar trí Bhaile Mhúirne (an N22).

 
Eaglais

'Gobnatan' tuiseal ginideach 'Gobnait' i nGaelainn Mhúscraí. 'Gobanatan' (/gubənətən/) a thugtar amach sa ghnáthchaint.

An SulánCuir in Eagar

Sileann abhainn darb ainm An Sulán trí Bhaile Mhúirne, díreach laisteas den bpríomh-bhóthar. Ritheann sé seo aniar ó Chúil Aodha agus soir go Maigh Chromtha, mar a mbuaileann sé leis An Laoi.

 
Gobnait

TurasóireachtCuir in Eagar

Tá Baile Mhúirne lonnaithe i ndúthaigh mhealltach tuaithe, ar an bpríomh-bhóthar ó Chathair Chorcaí go Cill Airne agus tá an turasóireacht go láidir ann dá réir.

TagairtíCuir in Eagar

  1. An Músgraigheach Uimhir 2, Cáirde Mhúsgraighe, 1943
  2. The Sheela-na-Gigs of Ireland and Britain, Mercier Press, 2001.

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar