Gobnait

naomh Éireannach

Naomh Éireannach Críostaí sa luath Mheánaois ab ea Gobnait. Mhair sí timpeall na 6ú haoise. Bhí baint aici le séipéal i Móin Mhór i mBaile Bhúirne, i gContae Chorcaí.[1] Bhí baint aici freisin leis an Múscraighe. Bhí a séipéal agus a clochar ar theorainn Mhúscraighe Mittine agus Eóganacht Locha Léin.[1] Is é an 11ú Feabhra a féile.

Infotaula de personaGobnait

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithContae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 haois
Ardú
Lá féile11 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata
Fearann an naoimh nó an déBeach meala

Saol cuir in eagar

Rugadh Gobnait i gContae an Chláir sa 5ú nó 6ú hAois, agus tá sé ráite gur deirfiúr le Naomh Abban í. Theith sí ó achrainn teaghlaigh, agus chuaigh sí ar a caomhnú ar Inis Oírr in Árainn.[2] Nocht aingeal a dúirt léi nárbh an áit sin "áit a haiséirí" agus gur chóir di dul ar lorg áit ina mbeadh naoi bhfia bhán ar féarach. Tháinig sí orthu in áit ar a dtugtar anois Coill Naomh Gobnait. Deirtear gur oibrigh Naomh Abban léi ag tógáil bhunsraith an chlochair agus go ndearna sé banab air í.

Creidtear go raibh áit mhór don bheachaireacht i saol Ghobnait agus go raibh cion aici ar na beacha. Bhí ardmheas ag na sean-Cheiltigh ar na beacha, mar chreidtí go n-imíonn an t-anam ón chorp i bhfoirm beiche nó féileacáin.

Chuir sí ord cráifeach ar bun agus chaith sí bunús a saoil ag tabhairt cúnaimh do an heasláin. Ceapann cuid daoine gur bhain sí úsáid as mil mar leigheas.[3]

Cuirtear ina leith gur tharrtháil sí lucht Bhaile Bhúirne ón bplá.[2]


Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Johnston, "Munster, saints of (act. c.450–c.700)."
  2. 2.0 2.1 "A Gathering of Irish Saints", AOH division 61, Philadelphia
  3. "Nolan, Mark, "St. Gobnait's Day", Enfield Beekeepers". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-12. Dáta rochtana: 2016-10-25.