Beachaireacht
Coinneáil beach i gcoirceoga le haghaidh meala is céarach is ea beachaireacht[1]. Úsáidtear beacha chun úlloird is barra eile, cosúil le síol ráibe, a phailniú.
StairCuir in Eagar
Is eol go raibh beachaireacht ann sa chlochaois, le coirceoga tútacha déanta as adhmad, is dócha. Níos déanaí rinne feirmeoirí Eorpacha coirceoga as tuí, cosúil le ciseán bun os cionn. Thosaigh beachaireacht ar bhonn trádálach sna 1880idí.
TionscalCuir in Eagar
Tá thart ar 600,000 beachaire ann san Aontas Eorpach[2]. Tá an tAontas sa dara háit ar domhan (i ndiaidh na Síne) ó thaobh tháirgeadh meala de.
StaidéarCuir in Eagar
Is caitheamh aimsire do bheachairí áirithe í. Chomh maith leis an mil a fhaigheann siad, déanann siad staidéar ar iompar na mbeach.
StairCuir in Eagar
Rugadh an beachaire Anton Janša ar an 20 Bealtaine 1734. Titeann Lá Domhanda na mBeach ar an 20 Bealtaine gach bliain.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ http://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/economy/20180222STO98435/grafaic-faisneise-tabhacht-na-beachaireachta-san-eoraip
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |