Titeann Lá Domhanda na mBeach ar an 20 Bealtaine gach bliain. Is lá é seo chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le beacha.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda na mBeach
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósBeach Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht20 Nollaig 2017 - 
20 Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharBeach Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinworldbeeday.org… Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#WorldBeeDay agus #WorldBeeDay2022 Cuir in eagar ar Wikidata


Cúlra cuir in eagar

Tá beacha na hÉireann i mbaol mór – agus leis sin, tá an córas bia agus beatha féin i mbaol.[1] Tá 90 speiceas beach dúchasach in Éirinn, ach tá an tríú cuid díobh i mbaol a dhíothaithe. Agus mura bhfuil beacha ann le plandaí a phailniú, tá an baol ann go dtitfidh ár gcóras bia ina iomláine as a chéile.

Seoladh an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí sa bhliain 2015.[1]

 
Dún Laoghaire, 2006

“Coinnigh Coirceog" cuir in eagar

Sa bhliain 2019, d’fhógair Rialtas na hÉireann an tionscnamh “Coinnigh Coirceog, cuidigh leis an mbeach mheala”.[2] Féachtar leis an tionscnamh seo úinéirí foraoise a spreagadh chun an bheach mheala a thabhairt isteach sa choillearnach dhúchasach i gcomhar le Coillearnach Éireann agus na cumainn náisiúnta bheachairí. Bhí Cumann Bheach Mheala Dhúchasach na hÉireann freisin ag tacú leis an tionscnamh.

 
"Bees" le Carrie Reichardt, Londain 2017

Feachtas feasachta cuir in eagar

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2019, cuirtear Lá Domhanda na mBeach i gcuimhne dúinn chomh tábhachtach is atá beacha agus pailneoirí eile inár ndomhan idirspleách agus an gá le cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus bainistíocht fál sceach a chur chun cinn mar aon leis an gcaoi gur féidir linn ar fad cabhrú trí thimpeallacht oiriúnach a chothú agus a chur ar fáil dár mbeacha.[3]

Braitheann an cine daonna ar phailneoirí. Tá siad ríthábhachtach don slabhra bia domhanda. Ach caithfimid a admháil gur chuir ár ngníomhaíochtaí – lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta, uirbiú, bainistíocht talún, truailliú comhshaoil agus an ghéarchéim aeráide – ár ndomhan feithidí i mbaol géar.[3]

Mar sin inniu, úsáidfimid Lá Domhanda na mBeach chun eolas agus feasacht ar an tábhacht a bhaineann leis an domhan beo a mhéadú agus a scaipeadh, agus déanfaimid tiomantas do ghníomhaíocht ar leith lena chinntiú go mairfidh gach speiceas beacha agus pailneora na hÉireann.[3]

 
Anton Janša

Tá 7̤̬% den bhia an domhain ag brath ar na beacha[4], mar shampla trátaí agus sútha talún. Tá na beacha tábhachtach toisc go dtógann siad pailin ó bhláth go bláth agus iad ag eitilt timpeall.[5]

Stair cuir in eagar

Rugadh an beachaire Anton Janša ar an 20 Bealtaine 1734.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • An clár TG4 'Plean Bee' clár faisnéise agus léargas ar an bplean Uile-Éireann um Pailneoirí.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Eoin O'Hare (19 Bealtaine 2021). "Tá an cine daonna ag brath ar an bheach i do ghairdín" (ga). independent. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  2. "Tionscnamh 'Coinnigh Coirceog' seolta ar Lá Domhanda na mBeach" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  3. 3.0 3.1 3.2 Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  4. "Pollinator myth: Are bees responsible for one third of global food, heightening crisis? More like 7%" (en-US). Genetic Literacy Project (2015-08-12). Dáta rochtana: 2020-05-29.
  5. Ollscoil Mhá Nuad (Dé Luain an 25 Bealtaine 2020). "Eleathanach 352". Dáta rochtana: 2020.
  6. "Plean Bee: Plean radacach chun meath na meach agus na bpailneoirí a chur ar gcúl - WE ARE IRISH" (en-GB) (2021-05-08GMT+010021:54:27+01:00). Dáta rochtana: 2021-05-20.