Is éard is bláth ann ná an struchtúr atáirgthe a fhaightear i bplandaí bláthanna (plandaí sa roinn Magnoliophyta, ar a dtugtar freisin na hangaispeirmeacha). Tugtar an bláthra ar ghrúpáil na mbláthanna ar an bplanda.

Bláthanna
pictiúr neamhbheo le Ambrosius Bosschaert the Elder, 1614

Orgán atáirgthe planda bhláfair a dhíorthaítear ó phéacán duilleach le fás teorannaithe ar a bhfuil duilleoga le sainpháirteanna. De ghnáth bíonn 4 fháinne idirdhealaithe greamaithe le gabhdán: na seipil, na peitil, na staimíní, agus na cairpéil (na hubháin).

Is féidir le codanna aon fháinne a bheith greamaithe le chéile nó athraithe go mór, nó fiú as láthair.[1]

Atáirgeadh

cuir in eagar

Is í feidhm bhitheolaíochta an bhlátha ná idirghabháil a dhéanamh ar aontas na speirme fireann le hubhán baineann chun síolta a tháirgeadh. Tosaíonn an próiseas le pailniú, leantar é le toirchiú, as a dtagann foirmiú agus scaipeadh na síolta. Maidir leis na bplandaí níos uaisle, is iad na síolta an chéad ghlúin eile, agus feidhmíonn siad mar an phríomhbhealach le haghaidh na n-aonán de chuid speicis a scaipeadh ar fud an tírdhreacha.

Roinntear bláthanna in dhá chineál de réir struchtúir:

  • aictineamorfach nó comhchruthach go gathach, agus
  • síogamorfach nó comhchruthach go déchliathánach. Is é sin, is féidir é a roinnt ina dhá leath chothroma i bplána amháin (is faightear a leithéid sna clanna plandaí níos forbartha).

Braitheann dath is struchtúr an bhlátha go láidir ar a mhodh pailnithe.[1] Feidhmíonn peitil ghealdaite, chomh maith le haon bholadh is neachtar a tháirgeann an bláth, chun pailneoirí a aomadh chuige. Uaireanta bíonn an dath an-sainiúil, ionas go mbíonn dath dearg dírithe ar éin, gorm is buí ar bheacha, scothchorcra neamhlonrach ar fhoichí.

Bláthanna a mbíonn dath amháin orthu sa speictream infheicthe, is féidir go mbeidh dath difriúil ar fad orthu san ultraivialait, agus mar sin, iad infheicthe dá lán feithidí. Is féidir go mbeidh an struchtúr, go mór mór i mbláthanna síogamorfacha, oiríúnaithe do chuairteoirí ar leith.

Maidir le bláthanna atá leata oscailte, is féidir le raon mór pailneoirí fáil isteach. I mbláthanna níos casta, b'fhéidir le neachtar i bhfolach i bhfeadáin fhada choróla ar dhéanamh croise nó taobh thiar de liopa dúnta, ní bhíonn siad insroichte ach ag beacha, féileacáin nó dordáin fhadteangacha.

I mbláthanna a phailníonn an ghaoth, bheadh peitil dhaite iomarcach, agus sa chás sin bíonn siad laghdaithe nó as láthair. Is annamh bláthanna dépheitealacha nó ilpheitealacha (cosúil le rós an ghairdín) sa nádúr. Den chuid is mó, is toradh ar phórú gaimeoireachta a leithéid.[1]

Is féidir seanchas na mbláthanna a rangú ina gcatagóirí éagsúla: an chéad chatagóir is é úsáidí na mbláthanna, sa chócaireacht, sa leigheas, nó sa cheardaíocht mar shampla, ansin d’fhéadfá breathnú orthu ó thaobh na bpiseog nó an chreidimh de, agus ina dhiaidh sin arís is mór an spórt iad na cluichí go léir a d’imrítí leis na bláthanna fadó agus iad mar a bheadh bréagáin saor in aisce do pháistí na hÉireann.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. Aedín Ní Thiarnaigh (2025-03-28). "Caisearbhán" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-03-30.