Is ionann iriseoireacht agus ceird ina ndéantar tuairisciú, scríbhneoireacht, eagarthóireacht nó grianghrafadóireacht ar nuacht, ar mhaithe le craobhscaoileadh. Is gnách go ndéantar í mar ghnó tráchtála.[1] Tugtar iriseoir ar dhuine a bhíonn ag plé leis an gceird seo.[2]

Iriseoirí i mbun a gceirde sna 1940idí

Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.

Gold and Black (1922)

Obair cuir in eagar

Níl an iriseoireacht furasta mar obair. Mar shampla, b’fhearr lena lán léitheoirí go minic altanna a léiríonn cinnteacht agus atá ag teacht lena réamhchlaonta fhéin faoi ábhar, seachas alt a léiríonn go bhfuil castacht agus éiginnteacht ag baint leis an scéal.   Ach is annamh a ndéantar scagadh tomhaiste ar an bhfianaise a thacaíonn le téis áirithe agus ar an bhfianaise a bhréagnaíonn é. Tosaíonn iriseoirí uaireanta le freagra na ceiste agus ansin téann siad ag lorg na fianaise chun é a chruthú (nó níos measa, ag lorg fianaise chun téis nó réamhchlaonadh áirithe a chruthú).[3]

Iriseoirí a maraíodh cuir in eagar

Is obair chontúirteach í amanna.[4] Mar shampla sna 1990idí, bhí Veronica Guerin ag obair mar iriseoir imscrúdaitheach dúnmharaíodh Veronica Guerin i mBÁC ach rinne mangairí drugaí slad uirthi sa bhliain 1996.

Gaeilge cuir in eagar

  • 'Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?', clár de chuid Raidió na Life, 2011.[5]

Léitheoireacht cuir in eagar

  • Breandán Delap : Scéal Scéil, Rúndiamhra na Meán (Cois Life)
  • Breandán Delap : Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life)[2]
  • Antain Mac Lochlainn : In Ord is in Eagar (Cois Life)
  • Antain Mac Lochlainn : Cruinneas (Cois Life)
  • Philip Cummings (Eag.): Ár Nuachtán laethúil: Fiche Bliain De Lá (Coiscéim)
  • "An tIriseoir Fánach: Comhairle d'ógánaigh", Sarah de Búrca, 12 Meán Fómhair 2016[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cúla4 (Iúil 2020). "iriseoireacht le Méabh Ní Thuathaláin ó @tuairiscnuacht". Twitter. Dáta rochtana: 2022-05-17.
  2. 2.0 2.1 Breandán Delap (2012). "Ar an taifead (Cois Life)". Dáta rochtana: 2022-04-22.
  3. Fachtna Ó Drisceoil (14 Aibreán 2023). "An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  4. "Reporters without Borders | RSF" (en). rsf.org. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  5. Raidió na Life (2011). "Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal?". Dáta rochtana: 2024.
  6. "An tIriseoir Fánach: Comhairle d'ógánaigh < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-05-12.