Is éard atá i ngrianghrafadóireachtíomhá seasta a thaifeadadh ar ábhar solas-íogair go ceimiceach, go meicniúil nó go digiteach. Go bunúsach ciallaíonn an focal grianghrafadóireacht scríobh le solas na gréine.

Grianghrafadán

Stair cuir in eagar

Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i gcamera obscura, a theilg íomhá trí lionsa laistigh de sheomra dorcha.[1] Ba mar chabhair líníochta d'ealaíontóirí a bhí sé.

Le forbairt na ceimice tugadh faoi deara go raibh tionchar ag an solas ar cheimicí áirithe, go háirithe clóiríd airgid. Ba é Joseph Nièpce a rinne an chéad ghrianghraf i samhradh na bliana 1827. Ach ba é a chomhpháirtí Louis Daguerre a rinne forbairt ar dhóigh le plátaí grianghrafacha a tháirgeadh ionas go mbeadh íomhá buan ar fáil.

Bhí an-ráchairt ar an bpróiseas nua láithreach bonn agus tosaíodh ar phortráidí agus ar thírdhreacha a ghlacadh ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Ba chuid riachtanach de ghiúirléidí na taiscéalaíochta é do chuid mhór de na daoine a bhí ag taisteal chuig na háiteanna ba iargúlta ar domhan. Bhí an próiseas an-chostasach áfach agus ní raibh ach íomhá amháin le fáil as.

D'fhorbair William Henry Fox Talbot an claonchló i 1835, rud a chuir ar chumas clódóirí macasamhla gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba ar pháipéar a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin (ceallafán) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin.

20ú haois cuir in eagar

Tháinig feabhas de réir a chéile ar chaighdeán na scannán agus b'fhéidir formáidí níos lú a úsáid. Ba mhinic claonchló 20 x 25cm á úsáid ag tús ama ach ba iad na formáidí 35mm agus 6 x 6cm na caighdeáin do ghrianghrafadóirí gairmiúla faoi lár an fichiú haois. Bhíodh ar na grianghrafadóirí fadó gach gné den phróiseas a fhoghlaim iad féin, staidéar a dhéanamh ar sholas agus ar lionsaí.

De réir a chéile d'fhás tionscal ollmhór a rinne forbairt ar réaladh na n-íomhánna, ar na scannáin agus ar luach nochtaithe na gceamaraí ionas gurbh fhusa go mór gnó an ghrianghrafadóra.

Sna 1930idí, chuir grianghrafanna Dorothea Lange agus Walker Evans cló daonna ar an Spealaidh Mór agus bhí tionchar acu ar fhorbairt na grianghrafadóireachta faisnéise.

Sna 1950idí, fuair Henri Cartier-Bresson agus Robert Capa cáil amach mar gheall ar a gcuid grianghraif tuairisciúla don eagraíocht Magnum.

Rinneadh gnéithe uathoibreacha den nochtadh agus den bhfócas sna 1970idí agus tháinig a lán grianghrafadáin bheaga ar an mhargadh a bhí chomh cumasach le huirlisí an lucht gairmiúil.

21ú haois cuir in eagar

Le forbairt na ríomhaireachta, tháinig scanóirí ar an mhargadh a chuir ar chumas an ghnáthdhuine grianghraif a thaifeadadh mar cháipéisí digiteacha. Bhí an-tionchar ar fad aige sin ar an bhfoilsitheoireacht. As sin tháinig grianghrafadáin digiteacha atá anois (sa 21ú haois) inchomórtas ó thaobh gnéithe agus chaighdeán na híomhá is atá grianghrafadáin 35mm.

An grianghrafadóireacht inniu cuir in eagar

Ní raibh an ghrianghrafadóireacht mar mheán riamh chomh forleathan is atá sí anois inár saol. Is féidir linn uilig a bheith inár ngrianghrafadóirí na laethanta seo. Mar sin tá níos mó grianghraf á dtógáil anois ná mar a bhí riamh.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nicholas J Wade, Stanley Finger (2001-10). "The Eye as an Optical Instrument: From Camera Obscura to Helmholtz's Perspective". Perception 30 (10): 1157–1177. doi:10.1068/p3210. ISSN 0301-0066. 
  2. "Is grianghrafadóirí muid go léir anois" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-01-09.