Séard is solas ann ná radaíocht leictreamaighnéadach atá infheicthe don súil, nó an chuid den radaíocht sa speictream leictreamaighnéadach atá infheicthe ag súile daonna, is é sin na tonnfhaid idir 390 nm (vialait) is 780 nm (dearg). [1] Is é an fótón an buncháithnín atá ag solas. Is iad an trí bhuntomhas atá ag solas ná:

Priosma ag scoilteadh solais

Léiríonn solas tréithe tonnta agus cáithníní ag an am céanna mar gheall ar déacht toinne is cáithnín a bhíonn i gceist le damhna.

Cuimsíonn an raon en radaíocht na dathanna seo: vialait, gorm, glas, bui, flannbhuí, dearg, agus na dathanna éagsúla ag freagairt do thonnfhaid éagsúla.[1]

Bíonn solas bán comhdhéanta as raon tonnfhad (raon dathanna), rud a chruthaítear trí léas solais bháin a leathadh trí phriosma. Is solas monacrómatach solas ar dhath amháin, agus is léasar an fhoinse solais is fearr chun solas gar do bheith monacrómatach a chruthú.

Stair cuir in eagar

Is é 299,792,458 méadar in aghaidh an tsoicind luas solais i bhfolús.. James Clerk Maxwell an chéad duine a thaispeáin gur tonn leictreamaighnéadach é solas agus go bhforleathann sé ar luas tairiseach, 2.998 x 1 0- 8 rn S-l. [1]

De réir theoiric fhótaileictreach Einstein, is i bhfótóin a astaítear solas ó fhoinse ar bith. Bíodh is gur tonn é an solas, is minic gur féidir iompraíocht solais a réamhinsint amhail is dá mba shruth cáithníní ina ghathanna é, agus tugtar optaic gheoiméadrach ar an eolaíocht seo. Cinnte, is féidir na fótóin a shamhlú mar cháithníní.

Nuair a láimhseáiltear solas mar thonn, optaic fhisiciúil a thugtar ar an réimse eolaíochta seo. Déanann foinsí saorga éagsúla solas, lampaí leictreacha go háirithe, bolgán gealbhruthach, feadán fluaraiseach, lampa díluchtúcháin, is lampa ionduchtúcháin.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.