Is éard atá i gceist le polarú[1] ná airí trastonnta ina dtarlaíonn ascalú na toinne i dtreo tairiseach ar leith nó treo a athraíonn ar bhealach ar leith. Mar shampla, i dtonn ar shreang rite, ina ngluaiseann an tonn ar feadh na sreinge ach a n-ascalaíonn an tsreang síos suas, mar shampla, go hingearach le treo forleata na trastoinne, deirtear go bhfuil an tonn polaraithe go hingearach. Maidir le tonn solais, bíonn na hascaluithe leictreacha is maighnéadacha ingearach dá chéile ag pointe ag am ar bith, ach i dtreonna randamacha go ginearálta. Má chuirtear pláta le scoilt chaol síos suas ann ar bhealach forleata an tsolais, ligeann sí na codanna den tonn atá polaraithe go hingearach tríthi, agus solas polaraithe a thagann amach an taobh eile. Is polaraitheoir an scoilt sin. Solas páirtpholaraithe a bhíonn i solas frithchaite, solas scaipthe agus solas ón spéir.[2]


  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): polarú” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-13.
  2. Hussey, Matt (2011). "Polarú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 531.