Osclóidh seo an príomhroghchlár
Israel Henri Cartier-Bresson (4258423157).jpg

Ba ghrianghrafadóir Francach é Henri Cartier-Bresson (* 22 Lúnasa 1908; † 3 Lúnasa 2004).

Aithnítear Cartier-Bresson mar ghrianghrafadóir sa 20ú haois a bhí cumas ealaíne ar leith ann. Bhain Cartier-Bresson úsáid as ceamara rangefinder Leica 35 mm, ag úsáid gnáthlionsa 50 mm, nó lionsa teileafóto uaireanta.

Sa bhliain 1947, bhunaigh Cartier- Bresson Magnum Photos le Robert Capa, William Vandivert, David Seymour agus George Rodger.[1]

Clár ábhair

SaolCuir in Eagar

 
Céad cheamara Leica Cartier-Bresson

ÓigeCuir in Eagar

Rugadh Henri Cartier-Bresson sa bhliain 1908 i Chanteloup-en-Brie na Fraince, de thuismitheoirí bourgeois. Chuir sé suim sa ghrianghrafadóireacht go luath. Agus é ina bhuachaill, bhí Box Brownie ag Cartier-Bresson. Níos déanaí, bhí ceamara 3 1/4" x 4 1/4" aige.

Rinne sé staidéar ar phéintéireacht ar feadh dhá bhliain i stiúideó i bPáras.

I 1931, agus é 22 bliain d'aois, chuaigh Cartier-Bresson go dtí fásach san Afraic Thiar mar shealgaire. I ndiaidh bliana, d'fhill sé ar bhFrainc tar éis bheith tinn le blackwater fever, sórt malaria trom. Agus é ag dul i bhfeabhas is ea a tháinig an ghrianghrafadóireacht chuige i gceart. D'insíodh sé níos déanaí faoin gcaoi a dhéanadh sé faire sna sráideanna i gcaitheamh an lae, agus é ag aireachtáil mar a bheadh ainmhí fiáin ullamh chun fola, agus beart aige greim a bhreith ar an saol, chun an saol a choimeád beo tré shealbh a thógáil air.

 
Taispeántas 2007, Milan

Nuair a bhris an Dara Chogadh Domhanda amach, liostáil Cartier-Bresson in Airm na Fraince agus ghabh na Gearmánaigh é go gairid ina dhiaidh. Tar éis dhá iarracht gan ráth, d'éalaigh sé ó champa phríosúnaí cogaidh, agus d'oibrigh sé leis an Résistance go deireadh cogaidh.

MagnumCuir in Eagar

I 1947, chuidigh Cartier-Bresson an comharchumann grianghrafadóireachta Magnum a chur ar bun. Thóg tionscnaimh a rinne sé do mhór-irisí trasna na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh] é, go dtí an India, an Rúis agus an tSín.

Foilsíodh a lán leabhar dá chuid grianghrafanna sna 1950idí agus sna 1960idí; ba é The Decisive Moment (1952) an ceann ba mhó clú. Sa leabhar sin, dúirt Cartier-Bresson faoin nóiméad cinniúna sin: "an taitheantas comhuaineach, i gcodán soicinde, de thábhacht tarlúna, chomh maith le hordú beacht na bhfoirmeacha a thugann don tarlúint sin a urlabhraíocht cheart... sa grianghrafadóireacht, féadann an rud is lú a bheith ina shárchuspóir. Féadann an sonra beag daonna a bheith ina leitmotif".[2]

Céim mór dá chuid oibre a bhí san iar-thaispeántas ollmhór, le 400-íomhá, a chuaigh ar fud SAM i 1960. Thóg sé Craobh Hasselblad sa bhliain 1982.

Cailleadh Cartier-Bresson ag Céreste (Alpes-de-Haute-Provence, an Fhrainc) ar 3 Lúnasa 2004 agus 95 bliain air.

In ÉirinnCuir in Eagar

Thug Cartier-Bresson cuairt ar Éirinn sa bhliain 1962. Reáchtáladh taispeántas in Ard-Mhúsaem na hÉireann i 2019.[3] Sa bhliain 2006, eagraíodh taispeántas grianghrafadóireachta in Áras Nua-Ealaíne nahÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath ina raibh breis is 150 pictiúr ó chartlann Magnum, ina measc Henri Cartier-Bresson.[4]

Naisc seachtachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Léargas ar am atá imithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-03.
  2. MOMA. "The photographs of Henri CartierBresson". Dáta rochtana: 2019.
  3. museum.ie. "Clár 2019". Dáta rochtana: 2019.
  4. "Léargas ar am atá imithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-04.