André Lhote
Ba cheannródaí é André Lhote (5 Iúil 1885 – 24 Eanáir 1962) i bhforbairt na nua-ealaíne sa chéad leath den fhichiú haois.[1] Ba dhealbhóir tréitheach é Lhote agus ba phéintéir thar a bheith cumasach freisin é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Iúil 1885 Bordeaux, An Fhrainc |
Bás | 24 Eanáir 1962 76 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Áit adhlactha | Reilig Montparnasse |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | école des beaux-arts de Bordeaux (en) |
Áit chónaithe | Bordeaux Páras |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht, priontaíocht agus dealbhóireacht |
Gairm | péintéir, múinteoir, ealaíontóir grafach, léirmheastóir ealaíne, dealbhóir, déantóir priontaí, ealaíontóir |
Seánra | Portráid |
Mac/iníon léinn | Joël Baudouin../... 29+ |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Gradam a fuarthas |
Saol
cuir in eagarBa iad Gauguin agus Cézanne an dá mhórealaíontóir Francach a chuaigh i bhfeidhm go mór air agus Lhote ina ógfhear ag cur faoi i bPáras. Sa bhliain 1918, chabhraigh Lhote chun an iris ealaíne ríthábhachtach, an Nouvelle Revue Française, a bhunú.
Bhain sé le cuid mhaith de na gluaiseachtaí nua-aoiseacha, mar shampla an Ciúbachas (féach ar Baigneuses, 1917, agus Le Pont, 1917). Bhíodh ailt rialta ag Lhote san iris chéanna ar theoiricí agus ar stíleanna ealaíne ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, anuas chomh fada leis an mbliain 1940.
Thaistil Lhote go forleathan agus thug sé léachtaí ar chúrsaí ealaíne ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Ó na 1950idí ar aghaidh, bhí sé ina léachtóir san Éigipt agus sa Bhrasaíl, mar shampla. Tugadh aitheantas d’obair saoil Lhote sa Fhrainc nuair a bronnadh an Grand Prix National de Peinture air sa bhliain 1955.
Fuair Lhote bás i bPáras i 1962.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Oide an Chiúbachais: Oidhreacht André Lhote" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-01-22.
Is síol faoin ealaíontóir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |