Is tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl (Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas í, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhrasaíl
República Federativa do Brasil (pt) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán náisiúnta na Brasaíle Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Order and Progress (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósCaesalpinia echinata Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 14°S 53°W / 14°S 53°W / -14; -53

PríomhchathairBrasília Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán203,062,512 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús23.85 hab./km²
Teanga oifigiúilan Phortaingéilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Laidineach
Southern Cone (en) Aistrigh
Ibéir-Mheiriceá
Meiriceá Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla8,515,767 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach, An Amasóin, Paraná agus Abhainn São Francisco Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePico da Neblina (en) Aistrigh (2,994 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Atlantach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síEmpire of Brazil (en) Aistrigh, Republic of the United States of Brazil (en) Aistrigh agus Colonial Brazil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 7 Meán Fómhair 1822Empire of Brazil (en) Aistrigh
Saoire phoiblí
ÉarlamhOur Lady of Aparecida (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht chónaidhme, representative democracy (en) Aistrigh agus córas uachtaránachta Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinFederal Government of Brazil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachNational Congress of Brazil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Brasaíle Cuir in eagar ar WikidataLuiz Inácio Lula da Silva (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Cónaidhme Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil1,649,622,972,159 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraBrazilian real (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.br Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+55 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála190, 192, 193 agus 188 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreBR Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.br Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: govbrazil Cuir in eagar ar Wikidata

Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar cheann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na bithéagsúlachta de, chomh maith le tábhacht na gcoillte don atmaisféar.

Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Is í Brasília príomhchathair na tíre, ach is iad São Paulo agus Rio de Janeiro na cathracha is mó sa tír.

Stair na Brasaíle cuir in eagar

Fionnachtain na Brasaíle agus Tús na Coilíneachta cuir in eagar

Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe Portaingéalacha i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas Pedro Álvares Cabral. Chuir Portaingéalaigh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí ann de réir finscéalta na nGael, áit éigin amuigh san fharraige mhór taobh thiar d'Éirinn. Chuaigh an siúcra i dtábhacht mar bharr de réir a chéile, agus tugadh na sluaite sclábhaithe as an Afraic chun na Brasaíle ar mhaithe le saothrú na talún.

Bhunaigh na Portaingéalaigh an chéad chathair sheasta, São Vicente, sa Bhrasaíl sa bhliain 1531. Trí bliana ina dhiaidh sin, roinn Eoin a Trí, rí na Portaingéile, cósta na Brasaíle ina "chaptaenachtaí", trí cheann déag acu ar fad, agus bhronn sé gach captaenacht ar dhuine uasal éigin, le go rialódh sé í mar fheod príobháideach. De réir a chéile, áfach, d'iompaigh sé amach nach raibh ag éirí leis an bpolasaí seo, agus sa deireadh, bhain an rí na captaenachtaí ar ais de na glacadóirí. Ansin, bhunaigh sé trí choilíneacht mhóra — Maranhão, Grão Pará, agus an Bhrasaíl. Bhí gach coilíneacht á rialú ag a gobharnóir ginearálta féin, agus mionghobharnóirí i gceannas ar na captaenachtaí a bhí ann roimhe sin.

An chuid ba mhó den am, ní raibh an Phortaingéil ag coinneáil greim ródhocht ar na coilíneachtaí seo. Tháinig cathracha ar an bhfód de réir a chéile, agus bardais á rialú agus ag cur orduithe ón rí i bhfeidhm orthu. Faoin tuath, áfach, ba iad na "captaein mhóra" nó na "coirnéil" a bhí i mbun na gcúrsaí, agus iad sách neamhspleách ar an mbardas agus ar an ngobharnóir.

Iarrachtaí na bhFrancach is na nOllannach cuir in eagar

Rinne cumhachtaí coilíneacha eile cúpla iarracht cúngú ar thailte na Portaingéile sa Bhrasaíl. Sna 1550idí, bhunaigh na Francaigh coilíneacht na Fraince Antartaí (France Antarctique) san áit a bhfuil Rio de Janeiro inniu, ach ní raibh teacht aniar ar bith sa choilíneacht. Ghabh na Portaingéalaigh an Fhrainc Antartach sa bhliain 1567 agus chuir siad cathair dá gcuid féin ar bun ansin.

Sa bhliain 1580, chuaigh an Phortaingéil agus an Spáinn in aontas pearsanta faoi aon rí amháin, nuair a cailleadh Sebastião, Rí na Portaingéile, gan oidhre nó ríchomharba a fhágáil ina dhiaidh. Bhí an fhadhb ag dul leis an aontas seo ná go bhfuair na Portaingéalaigh trioblóidí leis na hOllannaigh, arbh iad sean-naimhde na Spáinneach iad. Roimhe sin, bhí an caidreamh idir an Phortaingéil agus an Ollainn cairdiúil go maith, agus iad ag déanamh an-trádála le chéile. Tháinig deireadh leis seo, agus d'fhorghabh na hOllannaigh cuid mhór de choilíneachtaí na Portaingéile sa Chian-Oirthear. D'fhéach siad, fiú, an Bhrasaíl a sciobadh ó na Portaingéalaigh. Ghabh Jacob Willekens agus Piet Hein Bahia, príomhchathair na gcoilíneachtaí Portaingéalacha i Meiriceá Theas, sa bhliain 1624. Sheol fórsa millteanach Spáinneach go Bahia le ruaigeadh a chur ar na hionróirí, ach má chuir féin, tháinig siad ar ais sa bhliain 1630. Bhunaigh na hOllannaigh coilíneacht i bPernambuco agus thosaigh siad ag sealbhú tailte Portaingéalacha timpeall na háite.

 
Léarscáil Phortaingéalach ón 16ú haois

Rinne na hOllannaigh seadú maith i bPernambuco. Thosaigh siad ag tógáil cathracha agus ag forbairt na coilíneachta s'acu. B'é an siúcra an tráchtearra ba mhó a bhí ann, agus b'iad na daoir ón Afraic a bhí á tháirgiú.

Sa bhliain 1640, fuair na Portaingéalaigh dealú ón Spáinn arís, agus ocht mbliana ina dhiaidh sin, d'fhorghabh siad Luanda, an cuan trádála san Afraic trína bhfaigheadh Pernambuco an chuid ba mhó de na daoir. Bhí trádáil na ndaor faoi smacht na bPortaingéalach anois, agus ó bhí coilíneacht Pernambuco ag brath ar na daoir Afracacha leis an gcána siúcra a shaothrú, fuair na hOllannaigh ansin iad féin i gcruachás eacnamaíochta. Ní raibh suim ag lucht rialtais na hÍsiltíre i gcoilíneacht nach raibh airgead ag teacht aisti a thuilleadh, agus sa bhliain 1662, dhíol siad iarsmaí na coilíneachta leis an bPortaingéil. Na hOllannaigh a bhí ina gcónaí ansin, bhog siad go dtí coilíneachtaí eile na hÍsiltíre.

Anois, agus rítheaghlach Bragança ag rialú na tíre, bhí an Phortaingéil ag éirí mór le Sasana, agus an trádáil idir an dá thír seo ag dul chun tábhachta. Ar ndóigh, b'iad táirgí na Brasaíle na honnmhuirí ba mhó a bhí an Phortaingéil a dhíol le Sasana.

Fairsingiú na Brasaíle agus Ré na mBandeirantes cuir in eagar

Bhí an Bhrasaíl á fairsingiú siar, agus cathracha nua á mbunú i bhfad isteach ón gcósta, go háirithe Manaus, a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1674. Bhí páirt lárnach ag São Paulo san fhairsingiú seo. Bhunaigh na hÍosánaigh Misinéireacht Naomh Póil sa bhliain 1532, agus d'fhás cathair timpeall an stáisiúin mhisinéireachta—São Paulo. Lucht trádála daor ba mhó a shocraigh síos i São Paulo, agus iad ag eagrú bandeiras nó cineál díormaí paraimíleata le breith ar na daoir Afracacha a d'éalaigh ó na coilíneachtaí agus le troid a chur ar na bundúchasaigh. Ba mhinic a rinne na bandeirantes—na saighdiúirí paraimíleata—an-ródach orthu siúd.

 
Dealbh cuimhneacháin do na bandeirantes (Sao Paulo)

Ní raibh an Eaglais sásta leis an dóigh a raibh na bandeirantes—baill na mbandeiras—ag rith damhsa sna cúlriasca, nó choisc an Pápa sa bhliain 1640 an daorthrádáil leis na bundúchasaigh Mheiriceánacha. Ní raibh an toirmeasc seo inchurtha i bhfeidhm, áfach. A mhalairt ar fad, b'éigean do na hÍosánaigh éalú ó São Paulo agus ó chúpla cathair eile, nó bhí an oiread sin feirge ar na bandeirantes le haon duine a raibh baint ar bith aige leis an Eaglais.

Sa bhliain 1680, bhunaigh na Portaingéalaigh coilíneacht nua, Colônia do Sacramento, in aice le Buenos Aires. Ní raibh na bandeirantes féin ábalta an choilíneacht seo a chosaint ar na Spáinnigh. Bhí an choilíneacht ag dul ón bPortaingéil go dtí an Spáinn agus ar ais, agus muintir an dá thaobh ag cur fúthu ansin. Sa bhliain 1724, bhunaigh na Spáinnigh cathair Montevideo ansin, ar imeall an áitribh Phortaingéalaigh.

Ruathar an Óir agus Bunú Minas Gerais cuir in eagar

I ndeireadh na seachtú haoise déag, thosaigh an ruathar óir go dtí an Tuaisceart, agus de thoradh an ruathair seo tháinig áitreabh nua ar an bhfód san áit a bhfuil stát Minas Gerais inniu. Is é is brí le Minas Gerais ná "Na Mianaigh Ghinearálta". Tharla cúpla ruathar óir eile sa chéad leath den ochtú haois déag, agus chuir na ruathair seo tús leis an áitreabh i nGoiás agus i Mato Grosso. Cé go ndearna lucht na mianadóireachta iarrachtaí a gcuid táirgí a smuigleáil as an tír beag beann ar an gcustam, is follasach gur chuidigh na fionnachtana óir go mór mór le heacnamaíocht na Brasaíle ar fad.

Le fírinne, bhí an t-airgead ró-bhog, ró-shaoráideach sa chéad leath den ochtú haois déag. Má bhí teacht isteach maith ag an mBrasaíl, níor bhac aon duine de na gróintíní is na boic mhóra le geilleagar na coilíneachta a fhorbairt ná le bun a chur le tionsclaíocht.

Leasuithe Pombal cuir in eagar

 
Sebastião José de Carvalho e Melo (2.ª metade, séc XVIII)

Sa bhliain 1750, tháinig an Rí Seosamh I (José I) i gcomharbacht ar Eoin V (João V). Fear beartach gníomhach ab ea Seosamh, agus theastaigh uaidh an Phortaingéil agus an Bhrasaíl a fhorbairt. Bhronn sé cumhachtaí fairsinge ar Sebastião José Carvalho e Mello, Marcas Pombal, le geilleagar agus córas riaracháin na tíre is na gcoilíneachtaí a leasú go cuimsitheach. Sa Bhrasaíl, threisigh an Marcas le bailiú na gcánach, le go bhfaigheadh an choróin an deachú ba dual di. Rinneadh príomhchathair na Brasaíle de Río de Janeiro. Le saol gnó an tuaiscirt a athbheochan, bhunaigh an Marcas comhlachtaí nua le freastal ar Grão Pará, Maranhão, Pernambuco agus Paraíba, agus fuair na gnólachtaí seo cearta monaplachta. Chabhraigh na comhlachtaí monaplachta le forbairt an áitribh, na talmhaíochta is na curadóireachta gan aon agó, ach b'éigean don Mharcas na seanghildeanna tráchtála a throid agus a scor, ó bhí a mballra an-mhíshásta leis an monaplú. Theastaigh ón Marcas na bundúchasaigh a thabhairt chun sibhialtais agus chun Eorpachais, agus bhí sé barúlach gur chóir cleamhnais mheasctha a spreagadh idir na hIndiaigh agus na daoine de phór na hEorpa.

Colônia do Sacramento ina Chnámh Spairne cuir in eagar

San am seo, bhí sé ina chnámh spairne i gcónaí, cá raibh teorainneacha na Spáinne is na Portaingéile ag rith san Oileán Úr. Sa bhliain 1750, shínigh na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh Conradh Mhaidrid leis an easaontas a shocrú. De réir an Chonartha seo, d'fhág an Phortaingéil uaithi Colônia do Sacramento, ach ón taobh eile de, fuair sí seilbh ar limistéar na Seacht Misiún, mar a thugtaí air san am - is é stát feidearálach Río Grande do Sul atá ansin inniu. Na bundúchasaigh a bhí ina gcónaí timpeall na misin Íosánach seo, ní raibh siad sásta leis na Spáinnigh ná leis na Portaingéalaigh mar mháistrí coilíneacha, agus sa bhliain 1754-56, d'éirigh siad amach in aghaidh an dá chumhacht le cuidiú ó na hÍosánaigh. Bhí an Marcas agus na hÍosánaigh in adharca a chéile, toisc go raibh an-chumhacht, an-tailte agus an-fháltas ag Cumann Íosa. Thairis sin, dhiúltaigh na hÍosánaigh cáin, cíos nó deachú a íoc le coróin na Portaingéile, ó bhí cearta eistíre acu ón bPápa. Sa bhliain 1759, d'éirigh leis an Marcas na hÍosánaigh a ruaigeadh scun scan as tailte na Portaingéile.

 
Vice-Reino do Brazil 1763

Sna blianta 1756-63 bhí Cogadh na Seacht mBliana á fhearadh ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil ar a chéile, agus bhí Colônia do Sacramento ina cnámh spairne arís, beag beann ar Chonradh Mhaidrid. Le fírinne, bhí Colônia ag dul ón Spáinn go dtí an Phortaingéil agus ar ais ó sin. Níor tháinig deireadh le tionlacan na n-óinseach seo roimh na 1820idí, nuair a gaireadh poblacht neamhspleách, Poblacht Oirthearach Uragua, de Colônia.

Eascairt an Scarúnachais agus Neamhspleáchas na Brasaíle cuir in eagar

Fiú nuair a thosaigh tréimhse na gcoilíníochtaí ag druidim chun deireanais i Meiriceá Theas, ní raibh an scarúnachas leath chomh láidir sa Bhrasaíl agus a bhí sé i gcoilíníochtaí na Spáinne. Bhí na longa ag teacht agus ag imeacht go tiubh téirimeach idir an Phortaingéil agus an Bhrasaíl. B'iad na dlíthe céanna a bhí i bhfeidhm sa dá thír.

 
Joaquim José da Silva Xavier - Tiradentes (Oscar Pereira da Silva)

Is é is cúis le dílseacht fhadsaolach na mBrasaíleach don Phortaingéil ná go raibh dhá leath na hImpireachta cothrom le chéile. Ní fhéadfá a rá go raibh an Phortaingéil ag glacadh buntáiste ar an mBrasaíl agus ag teacht i dtír uirthi. Sa deireadh thiar, áfach, shroich an scarúnachas an Bhrasaíl féin. Ní raibh ollscoil dá gcuid féin ag na Brasaíligh, agus mar sin chaithfidís dul go hOllscoil Coimbra sa Phortaingéil ar lorg ardoideachais. Mar sin, nuair a thosaigh réabhlóid na Fraince ag eascairt, ní raibh na hidéanna ba bhun leis an réabhlóid i bhfad ag teacht an Bhrasaíl féin. Sa bhliain 1789, ghabh na húdaráis baicle d'intleachtóirí agus de bhuirgéisigh i gcúige Minas Gerais, tar éis dóibh súil an ghobharnóra áitiúil a tharraingt orthu leis an dóigh a mbídís ag teacht le chéile le comhrá a dhéanamh faoi chúrsaí poblachtánachais agus réabhlóideachais. Scaoileadh cuid mhór den bhaicle saor i ndiaidh tamaill bhig, ach má scaoileadh féin, ní bhfuair a gceann feadhna, oifigeach airm darbh ainm Joaquim José da Silva Xaver, trua ná trócaire ó na húdaráis. Cuireadh chun báis é mar thréatúir. Nuair a bhain an Bhrasaíl amach a neamhspleáchas, gaireadh mairtíreach agus laoch náisiúnta de Silva Xaver, nó "Tiradentes". Sin é an leasainm a bhí air—"Fear Tarraingthe na bhFiacal"—ó bhí sé ina fhiaclóir san Arm.

Níorbh é sin bás na ceannairceoireachta, áfach. Sa bhliain 1798, tháinig gluaiseacht chriticiúil eile chun solais i mBahia, agus í i bhfad ní ba radacaí ná lucht leanúna Tiradentes. I mBahia, bhí Gormaigh páirteach sa ghluaiseacht, agus iad ag éileamh go gcuirfí deireadh le daoirse an chine ghoirm agus go dtabharfaí cothrom na Féinne do na Gormaigh sa tsochaí.

 
Bratach na hImpireachta (1822–1870)

Chuir na húdaráis stop tobann le gluaiseacht Bahia chomh maith, ach b'fhollasach go raibh an port ag athrú sa Bhrasaíl. Ní raibh an choilíneacht chomh spleách ar an bPortaingéil agus a bhíodh. Thairis sin, bhí scothaicmí na tíre ag foghlaim teangacha iasachta—ní raibh sé deacair teacht ar dhuine a raibh Fraincis líofa aige, mar shampla—agus mar sin, bhí siad ábalta leabhair na hEorpa a léamh agus smaointeachas na hEorpa a thuiscint.

Sa bhliain 1808, rinne Napoléon ionradh ar an bPortaingéil. Ansin, b'éigean don Rí Eoin (João) agus rítheaghlach na tíre ar fad teitheadh go dtí an Bhrasaíl. Chuir Eoin agus a chúirt fúthu i Rio de Janeiro, agus ó bhí sé an-fhonnmhar sochaí na Brasaíle a fhorbairt is a fheabhsú, bhí muintir na coilíneachta breá sásta leis mar Rí. Mhaolaigh dearcadh forásach Eoin ar an radacachas sa Bhrasaíl. Bhí cuid mhór de bhunadh na tíre den bharúil go raibh an Bhrasaíl ag fáil a cirt ó Eoin. Ní raibh sé ag déanamh éagóra ar mhuintir na coilíneachta ná ag glacadh buntáiste orthu.

Bhain Eoin an Bhrasaíl amach i Mí Eanáir 1808. A thúisce is a bhí sé socraithe thall ansin, chrom sé ar na leasuithe sóisialta a chur i ngníomh. Chuir sé deireadh leis na monaplachtaí trádála agus bhunaigh sé an chéad bhanc sa Bhrasaíl. Faoin am céanna, tháinig an chéad nuachtán i gcló sa Bhrasaíl, Gazeta do Rio de Janeiro. Chuir Eoin feabhas mór ar an oideachas, nó bhunaigh sé scoileanna nua. Tháinig borradh mór ar thrádáil na Brasaíle le Sasana, agus bronnadh cearta eistíre ar na trádálaithe Sasanacha sa Bhrasaíl—is é sin, dá ndéanfadh duine acu coir nó míghníomh sa Bhrasaíl, chaithfeá dlí Shasana a chur air, seachas dlí na Brasaíle.

 
King João VI,1818

Sa bhliain 1815, hardaíodh an Bhrasaíl ar aon leibhéal leis an bPortaingéil taobh istigh den ríocht. Tugadh Ríocht Aontaithe na Portaingéile, na Brasaíle agus na nAlgarves (Reino Unido de Portugal, Brasil e Algarves) ar an ríocht seo anois. Faoin am seo, áfach, tháinig deireadh le tíorántacht Napoléon sa Phortaingéil, agus muintir na tíre sin ag éileamh ar an rí filleadh abhaile. Ansin, d'éirigh na Brasaíligh buartha faoi thodhchaí a dtíre agus faoin stádas a bheadh acu sa mhonarcacht aontaithe feasta, dá rachadh Eoin ar ais go dtí an mháthairthír.

 
Impire Dom Pedro, 1822

Sa bhliain 1820, phléasc réabhlóid amach sa Phortaingéil. Chuir na Portaingéalaigh deireadh leis an monarcacht absalóideach a bhí i bhfeidhm go dtí sin, agus d'achtaigh siad bunreacht a chuir srianta cúnga le cumhacht an rí. Chaithfeadh Eoin filleadh abhaile anois le hiarsmaí a chumhachta a shábháil sa Phortaingéil. D'fhág sé a mhac Peadar, nó Dom Pedro, i Rio de Janeiro mar fhear ionaid. Ní raibh i bPeadar ach fear óg san am.

Tháinig sé chun solais go gairid ina dhiaidh sin nach raibh rialtas bunreachtúil na Portaingéile cineálta ná cairdiúil leis na Brasaíligh. Theastaigh ó na Portaingéalaigh an Bhrasaíl a iompú ina coilíneacht arís, na monaplachtaí a chur i bhfeidhm in athuair agus leasuithe sóisialta Eoin a chur ar ceal. B'fhearr leo fosta go dtiocfadh Dom Pedro ar ais ón mBrasaíl.

 
Independência ou Morte (1888)

An Gháir ó Ipiranga cuir in eagar

Is follasach nár thaithin an chaint seo leis na Brasaíligh. D'iarr siad ar Pheadar fanacht sa Bhrasaíl agus an tír a chosaint ar éilimh na bPortaingéalach. Is é an freagra a fuair siad ná fico—"fanfaidh mé". Anois, chuaigh Peadar i gceannas ar na Brasaíligh ag cur catha ar son na saoirse. Ar an 7 Meán Fómhair 1822, d'fhógair Peadar chois Abhainn Ipiranga gur tír neamhspleách a bheadh sa Bhrasaíl feasta. Is iad na focail a labhair sé, de réir an mhiotais thírghráúil, ná Independência ou Morte!—an neamhspleáchas nó an bás! Chuir an forógra seo—an Gháir ó Ipiranga—tús leis an troid ar son na saoirse. Le cuidiú na Sasanach, chloígh na trúpaí Brasaíleacha iarsmaí an gharastúin Phortaingéalaigh i rith na bliana 1823. Bhí stát nua bunaithe anois—Impireacht na Brasaíle, nó Império do Brasil.

Ar ndóigh, ní raibh na Portaingéalaigh sásta neamhspleáchas na Brasaíle a admháil. B'iad na Stáit Aontaithe ba thúisce a thug aitheantas don Bhrasaíl. Rinne na Sasanaigh eadráin idir an Bhrasaíl agus an Phortaingéil, go dtí gur lig an mháthairthír a saoirse leis an iar-choilíneacht go hoifigiúil sa bhliain 1825.

Ceist Uragua cuir in eagar

Bhí ceist Uragua (Banda Oriental, nó Colônia do Sacramento) le socrú go fóill. Ar dtús, gaireadh cúige Brasaíleach de Colônia. Sa bhliain 1825, ámh, d'éirigh muintir an chúige amach le cuidiú ón Airgintín (nó "Cúigí Aontaithe Río de la Plata", mar a thugtaí ar an Airgintín san am seo). Chuir an Bhrasaíl agus an Airgintín cogadh i ndiaidh cogaidh ar a chéile faoin gcúige, ach mar is léir dúinn inniu, ní bhfuair ceachtar acu é sa deireadh. Sa bhliain 1828, bhain an tír amach neamhspleáchas mar Phoblacht Oirthearach Uragua, República Oriental de Uruguay.

Peadar Mór agus Peadar Beag cuir in eagar

 
José Bonifácio de Andrada, 1858

Cé go raibh Peadar a hAon go bunúsach ina Impire bunreachtúil, d'éirigh leis an-chumhacht a chruinniú chuige féin. Sa bhliain 1823, tháinig comhthionól le chéile le bunreacht a dhréachtáil is a achtú, ach nuair a d'éirigh idir an tImpire agus a Phríomh-Aire, José Bonifácio de Andrada, scoir an tImpire an comhthionól. Ansin, cheap sé coiste dá rogha féin le malairt bunreachta a chumadh a d'fhágfadh an focal deireanach ag an Impire i gcúrsaí rialaithe na tíre.

Má bhí meas ag muintir na Brasaíle ar Pheadar ar dtús, d'athraigh an port sin go sciobtha de dheasca na ngeáitsí tíoránta seo. Sa bhliain 1831, chuir na Brasaíligh ruaigeadh ar Pheadar as an tír ar fad. D'fhan a mhac, Peadar Óg, thiar sa Bhrasaíl mar ríchomharba. Ní raibh an prionsa beag ach cúig bliana d'aois san am, ach d'fhéach lucht a choimirce chuige go bhfaigheadh sé oiliúint agus oideachas maith a chuirfeadh ar a chumas an tír a rialú go críonna ciallmhar.

Go gairid i ndiaidh imeacht Shean-Pheadair, áfach, d'éirigh na cúigí amach in aghaidh an rialtais lárnaigh. Le maolú ar an scarúnachas seo, bhronn an rialtas parlaimintí beaga nó tionóil reachtaíochta dá gcuid féin ar na réigiúin, ionas go bhféadfaidís a gcúrsaí féin a stiúradh. Mar sin féin, bhí an saol polaitiúil sách corrach sa tír, agus sa deireadh, tugadh a choróin do Pheadar Óg, le go rachadh sé féin i gceannas ar an mBrasaíl. Ní raibh sé ach cúig bliana déag ar lá a chorónaithe.

Chaith Peadar Óg beagnach leathchéad bliain ag rialú na Brasaíle. Tríd is tríd, ní mór a rá go raibh an saol ní b'fhearr sa Bhrasaíl san am ná i dtíortha eile Mheiriceá Theas. Bhí síocháin, suaimhneas agus seasmhacht ag baint le rialtas Pheadair, nuair a bhí an chuid eile den ilchríoch á rialú ag caudillos gearrshaolacha. Bhí iarsmaí na gceannairceoirí ag éirí amach in áiteanna: sa bhliain 1841 i Maranhão, sa bhliain 1842 i Minas Gerais agus i São Paulo, agus bhí muintir Rio Grande do Sul ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas ón mbliain 1836 anuas. B'é an Ginearál Luís Alves de Lima e Silva a chloígh na ceannaircí seo, agus bhronn an tImpire diúcacht ar an nGinearál lena bhuíochas a chur in iúl.

Ceist Uragua—arís eile cuir in eagar

 
Juan Manuel de Rosas, 1840idí

Sna 1840idí, baineadh fuil as seancholm Uragua arís eile. Bhí deachtóir na hAirgintíne, Juan Manuel de Rosas, tar éis dul i gcomhghuaillíocht le coimeádaigh Uragua, agus trúpaí Airgintíneacha ar garastún i Montevideo. D'éirigh na Brasaíligh buartha, agus an chuma ag teacht ar na cúrsaí go raibh na hAirgintínigh tar éis a gcuid féin a dhéanamh d'Uragua go buan. Mar sin, chuaigh na Brasaíligh i gcomhar le Liobrálaigh Uragua leis na hAirgintínigh a chaitheamh amach as an tír.

Sa bhliain 1852, chloígh na Liobrálaigh agus a gcuid comhghuaillithe Brasaíleacha na hAirgintínigh faoi cheannas Justo José de Urquiza, ionas gurbh éigean don deachtóir Rosas imeacht ón Airgintín. Níor chuir an bua seo deireadh leis an dóigh a mbíodh an Bhrasaíl agus an Airgintín in adharca le chéile faoi Uragua, áfach, ach ar a laghad, bhí siad sásta conradh a shíniú sa bhliain 1859 le neamhspleáchas iomlán Uragua a admháil is a aithint.

An Sclábhaíocht ina Cnámh Spairne cuir in eagar

San am seo, bhí an Bhrasaíl i gcónaí ag trádáil le sclábhaithe Afracacha. Ón mbliain 1845 anuas, bhí na Sasanaigh ag iarraidh deireadh a chur leis an ngnó náireach seo. Bhí sé de nós ag longa cogaidh na Breataine Móire longa sclábhaithe Brasaíleacha a stopadh amuigh ar an teisclinn mhór agus dlí Shasana a chur ar an gcaptaen. De réir a chéile, d'éirigh an Bhrasaíl as an trádáil seo, ach ina dhiaidh sin féin, bhí caidreamh na Brasaíle le Sasana curtha ó mhaith. I dtús na 1860idí, bhí an dá thír ar tí cogadh a fhógairt dá chéile, ach sa deireadh thiar, d'éirigh le rí na Portaingéile an dá thaobh a thabhairt in araicis a chéile agus an caidreamh eatarthu a thabhairt chun síochántachta arís.

 
Francisco Solano Lopez 1869

Cogadh na Trípháirtíochta cuir in eagar

Sna blianta 1864-70, d'éirigh ina chogadh—Cogadh na Trípháirtíochta—idir Paragua ó thaobh amháin de agus an Bhrasaíl, an Airgintín agus Uragua ón taobh eile de. Ar chrann na mBrasaíleach a thit sé an chuid ba mhó de na trúpaí a sholáthar. Chuir na Paraguaigh troid éadóchasach ar na naimhde, ach sa deireadh, maraíodh Francisco López, deachtóir Pharagua, i gcath Cerro Corá i Márta 1870. D'fhan na trúpaí Brasaíleacha i bParagua go dtí an bhliain 1875, nuair a síníodh conradh na síochána. Fuair an Bhrasaíl críocha thuaidh Pharagua in éiric an chogaidh.

An Eacnamaíocht ag Forbairt cuir in eagar

San am seo, bhí borradh maith ag teacht faoi gheilleagar na Brasaíle. Bhí tráchtearraí nua á n-easpórtáil i mbreis ar an tobac agus ar an siúcra, cosúil leis an mairteoil, an caife agus an cúitiúc (amhábhar an rubair). Thosaigh an tionsclaíocht ag forbairt, agus nuair a bunaíodh Banc Ceannais don Bhrasaíl, tháinig lucht infheistíochta ón gcoigríoch le hairgead a shuncáil i ngnóthais Bhrasaíleacha.

Thosaigh lucht inimirce ag tonnadh isteach ón Eoraip. Cuid mhór de na hinimircigh, chuaigh siad ag obair i bplandálacha móra caife mar thionóntaí. Go bunúsach, chaithfeadh na tionóntaí seo aire a thabhairt do chuid áirithe den phlandáil, agus d'fhaighidís leath na mbarr a d'fhásfadh ar na toir chaife a bhí faoina gcúram.

Deireadh na Sclábhaíochta cuir in eagar

Ní raibh sé furasta, á fach, lucht oibre a bhréagadh isteach i dtír ina raibh an sclábhaíocht i bhfeidhm i gcónaí. Ar dhóigheanna eile freisin, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go gcaithfeadh an Bhrasaíl éirí as an daoirse. Sa bhliain 1871, reachtaíodh Dlí Rio Branco. Shaor an t-acht seo sclábhaithe an Stáit ó bhráca, ionas nár fágadh sclábhaithe ach ag úinéirí príobháideacha. Maidir le clann na sclábhaithe príobháideacha, chaithfidís fanacht ag obair ar fheirm an úinéara go dtí go slánóidís bliain is fiche d'aois. I ndiaidh an dlí seo, bhí ré na daoirse ag druidim chun deiridh go tiubh téirimeach. Sa bhliain 1888, saoradh na sclábhaithe deireanacha ó bhráca, agus faoin am seo, bhí na húinéirí féin breá sásta leis an smaoineamh, ó bhí a ndóthain ama acu dul ina thaithí. Thairis sin, d'fhan cuid mhór de na hiarsclábhaithe ag obair dá gcuid iarúinéirí cibé scéal é.

 
Deodoro da Fonseca i lár, 1885

Bunú na Poblachta cuir in eagar

In éineacht le fuascailt na ndaor, bhí bunú na poblachta á chaibidil ag na Brasaíligh. Bhí na Liobrálaigh ag éirí míshásta le Peadar a Dó, go háirithe nuair a scoir sé rialtas agus parlaimint Liobrálach sa bhliain 1868. Ón taobh eile de, bhí na Coimeádaigh barúlach go raibh sé ag ligean an iomarca scóid leis na Liobrálaigh. Sa deireadh, b'iad na saighdiúirí a shocraigh an scéal. Bhí smaointeachas an phoblachtánachais ag dul i bhfairsinge san arm féin. Sa bhliain 1889, cheap Peadar polaiteoir Coimeádach mar Phríomh-Aire, cé go raibh na Liobrálaigh ina dromlach sa pharlaimint. Ansin, thug an Ginearál Manoel Deodoro da Fonseca fógra deiridh do Pheadar: chaithfeadh sé a ríchathaoir a thabhairt suas, nó d'éireodh an t-arm amach ina aghaidh. Ar an 15 Samhain 1889, d'éirigh Peadar as, agus gaireadh Uachtarán sealadach den Ghinearál Fonseca. Thug an t-iar-Impire a aghaidh ar an bhFrainc, áit a bhfuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin.

 
Deodoro da Fonseca (1889)

Sa bhliain 1891, fuair an Bhrasaíl bunreacht forásach feidearálach a bhí go mór faoi thionchar bhunreacht na Stát Aontaithe. Tugadh, fiú, "Stáit Aontaithe na Brasaíle" ar an tír féin. Reachtálfaí toghcháin an Uachtaráin uair in aghaidh an cheithre bliana, agus bheadh parlaimint, nó Comhdháil, dhá theach ann le srianta a choinneáil le cumhacht mhór an cheann stáit. Scéal eile ab ea é, áfach, an rabhthas ábalta an bunreacht a leanúint. Ní raibh féith na dioplómaitiúlachta san Uachtarán Fonseca, agus nuair a d'éirigh idir eisean agus an Chomhdháil, d'ordaigh sé dá chuid saighdiúirí an Chomhdháil a scor scun scan. Ní raibh na Brasaíligh sásta le gothaí seo an deachtóra, agus b'éigean do Fonseca éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag an Aimiréal Floriano Peixoto. Bhí nósanna míleata ag Peixoto chomh maith le Fonseca féin, agus mar sin, ní raibh mórán foighne aige leis an bhfreasúra. Ní hamháin go raibh deacrachtaí aige leis na Liobrálaigh, nó thairis sin, chuaigh lucht an mhonarcachais chun ceannairce air. Bhí cuid mhaith monarcaithe sa chabhlach a d'éirigh amach in aghaidh Peixoto i Meán Fómhair 1893. Ba gheall le cogadh cathartha é, agus na ceannairceoirí ag druidim isteach le São Paulo go bagrach. Mar sin féin, chloígh Peixoto iad, ach i ndeireadh na bliana 1894, d'éirigh sé as an uachtaránacht, cé gur threisigh a bhua ar na monarcaithe ar an muinín a bhí ag muintir na Brasaíle as.

B'é Prudente de Morais Barros a tháinig i gcomharbas ar Peixoto. B'eisean an chéad Uachtarán nach raibh ina fhear míleata. Dlíodóir a bhí ann, agus b'as São Paulo dó, an cúige a d'éirigh saibhir ar an gcaife, Sna blianta 1889-1930, bhí an tír á rialú ag an "gcaife le bainne", nó café com leite as Portaingéilis. B'é Stát São Paulo an caife, agus b'é Stát Minas Gerais an bainne, nó b'é an t-eallach an fhoinse ioncaim ba thábhachtaí ansin. Ní raibh an tionchar céanna ag na cúigí eile ar pholaitíocht na tíre, nó b'é Epitácio Pessoa (ina Uachtarán sna blianta 1919-1922) an t-aon Uachtarán amháin a vótáladh isteach sna blianta sin nárbh as ceann den dá stát sin dó. B'as stát Paraíba do Pessoa.

Nuair a bhí an caife agus an bainne ag rialú na tíre, bhí neamhshuim á déanamh ag lucht rialtais na Brasaíle de na cúigí bochta. Bhí siad faoi chois na heaglaise, na dtraidisiún, na bpiseog is na dtiarnaí talún. Ní raibh mórán tuisceana ag na bochtáin do sheoraí cainte an phoblachtánachais, a mhalairt ar fad: is iomaí duine dealbh daibhir faoin tuath a shíl gurbh é an Diabhal féin a chuir ruaigeadh ar an Impire agus a bhunaigh an phoblacht.

 
Canudos 24o Batalhão de Infantaria

Cogadh Canudos cuir in eagar

Príomhalt: Cogadh Canudos

Sa bhliain 1896, d'éirigh seict mhílaoiseach amach in aghaidh na n-údarás san iargúltacht i Stát Bahia. Cúpla bliain roimhe sin, shocraigh an tseict seo - timpeall ar dheich míle duine ar fad—síos i gCanudos i mBahia faoi cheannas an "fháidh" Antônio Conselheiro, nó "Antoine na Dea-Chomhairle". Bhí pobal Canudos ábalta trí ionsaí armtha a chosc, ach sa bhliain 1897, chuaigh ocht míle saighdiúir ar fad go Canudos leis an bpobal a chloí. D'imshuigh na saighdiúirí Canudos, ach b'éigean dóibh an pobal a choinneáil faoi léigear mí i ndiaidh míosa leis an misneach a bhaint de na fíréin fhanaiceacha seo. Níos deireanaí, scríobh Euclides da Cunha aiste staire agus socheolaíochta faoi imeachtaí Canudos Os Sertões. Lenár linn féin, bhreac Mario Vargas Llosa síos an t-úrscéal La Guerra del Fin del Mundo ("Cogadh Dheireadh an Domhain", nó "Cogadh na gCríoch Déanach") faoi imeachtaí an éirí amach seo.

 
Afonso Pena, 1906

Na Saighdiúirí ag Cur a Ladair sa Pholaitíocht cuir in eagar

Sa bhliain 1910, d'fhéach an t-arm le ladar a chur i gcúrsaí polaitíochta. Bhí an tUachtarán Afonso Pena básaithe roimh dheireadh a théarma. Sna toghcháin a lean, thacaigh an t-arm le Hermes da Fonseca, nia le Deodoro da Fonseca. B'é Ruy Barbosa an t-iarrthóir ba láidre, áfach, agus é ag canbhasáil ar fud na tíre - b'é sin an chéad fheachtas nua-aoiseach toghchánaíochta riamh i stair na Brasaíle. B'fhollasach do chách gurbh é Barbosa a ghnóthaigh na toghcháin, ach mar sin féin, cuireadh Fonseca isteach mar Uachtarán.

Nuair a bhí sé ag rialú na tíre, tháinig cúlú ar an ngeilleagar. Sna blianta roimhe sin, bhí an cúitiúc—amhábhar an rubair—ag saothrú an-airgid don Bhrasaíl, ionas go raibh borradh faoin eacnamaíocht taobh amuigh de "stáit an chaife is an bhainne" freisin. I rith théarma uachtaránachta Fonseca, áfach, fuair tionsclaíocht chúitiúic na Brasaíle an-chéile iomaíochta san Áise, agus tháinig deireadh leis an mborradh, go háirithe nuair a thit praghas an chaife féin, agus an iomarca den earra sin á tháirgeadh ar fud an domhain.

An Bhrasaíl agus an Chéad Chogadh Domhanda cuir in eagar

 
Venceslau Brás Pereira Gomes, 1961

Nuair a d'éirigh na daoine amach in aghaidh an rialtais in áiteanna, tuigeadh do na fórsaí armtha nach raibh an oiread suilt ag baint leis an gcumhacht is a shíl siad ar dtús. Ní raibh fonn orthu ladar a chur sa chéad toghchán eile. Sa bhliain 1914, b'é Venceslau Brás Pereira Gomes a vótáladh isteach mar Uachtarán.

Bhí an t-arm sásta a bhua a ligean leis, agus tríd is tríd, thiontaigh sé amach ina Uachtarán maith, cé go raibh an t-ádh leis: bhí an Chéad Chogadh Domhanda fabhrach do thrádáil na Brasaíle, agus amhábhair ag teastáil ón mBreatain Mhór agus ón bhFrainc. Ní raibh táirgí tionsclaíochta ar fáil ó na tíortha sin le linn an chogaidh chomh flúirseach agus i mblianta na síochána, ach ó bhí an easpórtáil ag tabhairt barr maith airgid, thosaigh stát na Brasaíle ag forbairt tionsclaíochta d'aon turas.

Sa bhliain 1917, d'fhógair na Brasaíligh cogadh don Ghearmáin, nuair a shuncáil fomhuireán Gearmánach longa Brasaíleacha. B'í an Bhrasaíl an t-aon tír amháin i Meiriceá Theas a ghlac páirt sa Chogadh. Níor chuir na Brasaíligh trúpaí go dtí an Eoraip, ach ar a laghad, bhí siad ábalta géarleanúint a dhéanamh ar na hinimircigh ón nGearmáin agus ó Impireacht na hOstaire is na hUngáire agus maoin shaolta na n-inimirceach seo a choigistiú.

 
Vargas, 1930

Ré Getúlio Vargas cuir in eagar

I ndiaidh bhlianta an chogaidh, bhí eacnamaíocht na tíre ag dul ar gcúl, agus thosaigh na Brasaíligh ag cur suime in idé-eolaíochtaí antoisceacha, nuair a bhí an chuma ag teacht ar an saol nach bhféadfadh an daonlathas rath ná bláth a chinntiú do gheilleagar na tíre. Bhí oifigigh óga na bhfórsaí armtha faoi thionchar an Fhaisisteachais san Iodáil, agus bochta na tuaithe ag claonadh i leith na heite clé agus an Chumannachais.

Bhí deachtóireacht de shórt éigin ar na bacáin, agus sa bhliain 1930, chuir na fórsaí armtha Getúlio Vargas, gobharnóir Rio Grande do Sul, i gceannas ar an mBrasaíl. Bhí Vargas leis an tír a rialú, a bheag nó a mhór, go lá a bháis sa bhliain 1954.

Chuir Vargas lámh láidir an deachtóra i bhfeidhm ar an mBrasaíl, ach san am céanna, theastaigh uaidh an Bhrasaíl a fhorbairt is a leasú. Sa bhliain 1933, d'eagraigh sé comhthionól le bunreacht nua a achtú. Baineadh de chearta na mballstát, ach ón taobh eile, ceadaíodh don lucht oibre dul ar stailc.

Ní raibh Vargas foighneach ná fulangach i leith na heite clé, áfach. Bhí a chuid saighdiúirí ag déanamh géarleanúna ar an bpríomhpháirtí clé, Aliança Libertadora Nacional (Comhghuaillíocht Fhuascailte an Náisiúin). Faoi dheireadh na bliana 1935, d'éirigh an eite chlé amach in áiteanna, ach ní raibh gar ann. Mar is iondúil ag ócáidí den chineál seo, níor éirigh leis an réabhlóid, ach spreag an cheannairc an deachtóir chun srianta ní ba déine ná roimhe sin a chur leis an bhfreasúra polaitiúil. D'fhógair Vargas éigeandáil, agus leis na cumhachtaí a bhí aige de réir na ndlíthe éigeandála, rinne na fórsaí slándála ciolar chiot den eite chlé. Is iomaí gníomhaí polaitiúil clé a maraíodh, a céasadh nó a caitheadh i dtóin phríosúin gan phróis chuí an dlí.

 
Ação Integralista Brasileira

An "Stát Nua" cuir in eagar

Cé go raibh Vargas ag rialú na tíre mar a bheadh deachtóir ann, bhí sé, de réir na tuisceana a bhí ag saol polaitiúil na tíre, leis an gcumhacht a fhágáil uaidh i ndiaidh an chéad toghchán eile. I Mí na Samhna 1937, chinn Vargas ar an gcumhacht a choinneáil aige féin beag beann ar thoil na cosmhuintire. Le cuidiú na fórsaí armtha, scoir sé an pharlaimint, chuir sé na toghcháin ar fionraí agus bhunaigh sé "An Stát Nua"—O Estado Novo—a bhí cosúil go leor le deachtóireachtaí comhaimseartha na hEorpa. Choisc sé na páirtithe polaitiúla freisin.

B'í an mheánaicme a bhí ina crann taca don "Stát Nua". Ón taobh eile de, bhí lucht saibhir gnó an chaife agus an bhainne sách criticiúil ina leith. Cé go raibh an frith-Chumannachas fite fuaite le deachtóireacht Vargas, b'iad na hIntegralistas—baill den pháirtí úd Ação Integralista Brasileira; cineál gluaiseacht fhaisisteach a bhí iontu—an t-aon dream a d'éirigh amach in aghaidh an Stáit Nua. I Mí Bealtaine 1938, d'ionsaigh siad Áras an Uachtaráin, ach sa deireadh, chloígh na saighdiúirí iad.

 
Estado Novo sa bhliain 1938: bolscaireacht le Getúlio Vargas

Stát Faisisteach? cuir in eagar

Is deacair a rá, an stát "Faisisteach" a bhí i gceist leis an Estado Novo. B'iad na hIntegralistas an dream ba mhó a bhí cosúil leis na Faisistigh i mBrasaíl a linne, ach mar a chonaic muid, cé go raibh sé sásta a leas féin a bhaint astu in aghaidh na gCumannach, ní raibh Vargas faoi shotal ar bith dóibh nuair a tháinig an scéal go cnámh na huillinne. Ón taobh eile de, is léir go raibh Vargas ina thuathghríosóir mór cosúil le Hitler, agus go raibh sé ag cur an-bhéim ar leas na bhfórsaí armtha agus ar an téisclim chogaidh. Ar ndóigh, bhí na nuachtáin faoi chois ag an gcinsireacht, agus ní raibh mórán cead cainte ag aon duine nach raibh ródhoirte do Vargas.

An Dara Cogadh Domhanda cuir in eagar

Maidir leis an nGearmáin, bhí Vargas sásta trádáil a dhéanamh leis na Naitsithe a fhad is a cheadaigh leas na Brasaíle é. Bhí sé i bhfad ní ba thábhachtaí aige, áfach, gan an caidreamh leis na Stáit Aontaithe a chur ó mhaith. Nuair a d'éirigh ina chogadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, ní raibh Vargas ábalta síocháin a choinneáil leis na Naitsithe a thuilleadh. Throid, fiú, cúig mhíle fichead de shaighdiúirí Brasaíleacha in aghaidh thrúpaí Mussolini san Iodáil.

 
Partido Trabalhista Brasileiro, 2018

Nuair a ghlac an Bhrasaíl páirt sa chogadh in aghaidh na Naitsithe, tháinig athrú ar atmaisféar polaitiúil na tíre, agus an eite chlé ag dul i dtreise. Tapadóir go smior a bhí i Vargas, agus ní raibh sé rómhall ag iarraidh an deis áirithe seo a thapú ach an oiread. Chuir sé cuma na heite clé air féin agus thosaigh sé ag tabhairt isteach d'éilimh an lucht oibre. Cheadaigh sé na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla, ach san am céanna, bhunaigh sé páirtí clé dá chuid féin le vótaí an lucht oibre a cheapadh, mar atá, Partido Trabalhista Brasileiro, Páirtí Lucht Oibre na Brasaíle. Ní páirtí radacach a bhí ann, ar ndóigh - bhí sé múnlaithe ar Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana.

Bhí Vargas sásta, áfach, geimhle a bhaint den eite chlé radacach féin, nó sa bhliain 1945, scaoileadh saor le Luís Carlos Prestes, cathaoirleach an Pháirtí Chumannaigh, a bhí i dtóin an phríosúin le fada. Le fírinne, is beag buíochas a ghlac Prestes le Vargas as a shaoirse nua, nó idir an dá linn, bhí bean chéile Prestes, bean Ghiúdach darbh ainm Olga Benário, ruaigthe go dtí an Ghearmáin, áit ar tachtadh le gás í i gceann de champaí báis an Uilelosctha.

 
Eurico Gaspar Dutra, 1946

Vargas ag éirí as—agus ag filleadh cuir in eagar

Bhí an tArm den bharúil, áfach, go raibh Vargas ag dul thar fóir ag iarraidh an eite chlé a ghiúmaráil. I Mí Dheireadh Fómhair, 1945, chuir na ginearáil brú ar Vargas éirí as an Uachtaránacht, rud a rinne sé. I Mí na Nollag, chuaigh muintir na Brasaíle chun toghcháin, agus d'éirigh leis na Cumannaigh féin go measartha. Mar sin féin, bhí sé i ndán don Bhrasaíl casadh ar dheis arís, nó b'é an Ginearál Eurico Gaspar Dutra a vótáladh isteach mar Uachtarán.

Nuair a bhí Dutra ina Uachtarán, d'fhill an Bhrasaíl ar na polasaithe a bhí i bhfeidhm roimh lá Vargas, cé go raibh Dutra féin ina chomhghuaillí ag Vargas ag tógáil an "Stáit Nua" i ndeireadh na dtríochaidí. Chuir Dutra béim ar an gcaife i gcúrsaí eacnamaíochta, agus ní raibh suim aige i bhforbairt na tionsclaíochta. Chuir sé an eite chlé faoi smacht arís, nó choisc sé an Páirtí Cumannach.

Níor éirigh go rómhaith le Dutra, nó sa bhliain 1950, bhí na Brasaíligh sásta Uachtarán a dhéanamh de Vargas arís eile, agus sin i dtoghcháin dhaonlathacha. Chuir Vargas béim ar ról an stáit i gcúrsaí eacnamaíochta, agus d'fhéach sé le tionsclaíocht na hartola a náisiúnú. D'ardaigh sé tuarastail an lucht oibre lena chuid geallúintí a chomhlíonadh, ach ní raibh na hoibrithe sásta leis an méid a fuair siad, agus sa deireadh, thosaigh siad ag dul ar stailc fud fad na tíre. Nuair a bhronn an rialtas ardú pá eile orthu, bhí na fostóirí scanraithe, agus cháin Uachtarán na Stát Aontaithe féin, Dwight Eisenhower, polasaithe míréasúnta na Brasaíle.

 
Carlos Lacerda, 1962

An scannal a chuir cor i gcinniúint Vargas cuir in eagar

Ansin, tháinig sé chun solais go raibh gardaí slándála Vargas tar éis iarracht a dhéanamh an t-iriseoir Carlos Lacerda a mharú. Dealraíonn sé nach raibh a fhios ag Vargas féin é, ach mar sin féin, ós rud é go raibh Lacerda ar dhuine de na hiriseoirí ba mhó a bhí ag lochtú Vargas, bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh baint éigin ag an Uachtarán leis. Mar a d'iompaigh an scéal amach, tháinig Lacerda féin as an iarracht gan ghránú, ach bhuail an piléar an duine a bhí á thionlacan. Oifigeach de chuid Aerfhórsa na Brasaíle a bhí ann agus é sásta bheith ina gharda cosanta ag Lacerda go deonach, saor in aisce.

Bhí na fórsaí armtha ag éirí bagrach ar Vargas roimhe sin féin, nó ní raibh siad róshásta lena chuid polasaithe. Ghlac siad marú an oifigigh aerfhórsa go pearsanta, áfach, agus chuir siad in iúl do Vargas go neamhbhalbh go gcaithfeadh sé éirí as chomh luath in Éirinn agus a thiocfadh leis. Ghéill an tUachtarán don éileamh seo, ar dhóigh, nó chuir sé lámh ina bhás féin.

 
Dilma Rousseff agus Lula, 2016

Polaitíocht na Brasaíle cuir in eagar

 
Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime Covid 19

Na córais pholaitíochta cuir in eagar

Is í Brasília an phríomhchathair. De réir bhunreacht na bliana 1988, is poblacht dhaonlathach ionadaíoch chónascach uachtaráin í an Bhrasaíl. Is é an tUachtarán ceann an rialtais agus an stáit, agus córas ilpháirtithe i bhfeidhm leis an tsaoirse pholaitiúil a chinntiú do na saoránaigh.

An polaitíocht sa 21ú haois cuir in eagar

Toghadh fear iomráiteach na heite clé, Luiz Inácio da Silva (Lula) mar uachtarán in 2002. Sna blianta 2007 agus 2008 bhí borradh chomh mór sin faoin mBrasaíl nár bhain an ghéarchéim airgeadais a bhain creathadh as an Eoraip agus na S-A an Bhrasaíl amach go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin. Níor mhair an borradh a bhí faoi eacnamaíocht na Brasaíle. Go deimhin caitheadh an oiread sin airgid ar Chorn an Domhain 2014 agus ar Chluichí Oilimpeacha 2016 go raibh cófraí an stáit nach mór folamh faoin am gur cuireadh comharba Lula, Dilma Rousseff, as cumhacht go gairid tar éis na gCluichí céanna. D’fhéadfaí a rá gur coup d’état ‘bog’ a bhí in eachtraí polaitiúla na bliana sin agus thosaigh an Bhrasaíl ag flirteáil leis an bhfaisisteachas.[1]

Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, an toradh a bhí ar sin. Bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta Bolsonaro le linn 2020-2022. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime.

In 2022, fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar arís tar éis ceithre bliana, ach ba ar éigean é: ní raibh dhá faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle 2022. Agus ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.[1]

 
Cristo Redentor do Rio de Janeiro.

Stáit cuir in eagar

Tá 26 stát agus aon Cheantar Cónaidhme amháin sa Bhrasaíl







.


.

.

.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.



Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala