Guáin na Fraince

Is roinn thar lear (département d'outre-mer, nó DOM sa Fhraincis) de chuid na Fraince í Guáin na Fraince (Guyane française sa Fhraincis, Guyane i gceart). Tá an tír lonnaithe i oirthuaisceart Mheiriceá Theas, idir Suranam agus an Bhrasaíl, ar an gcósta Atlantach. Cé nach bhfuil sí suite san Eoraip, is cuid den Aontas Eorpach í an chríoch seo. Tá sí le feiceáil ar nótaí an euro. Is é Cayenne an phríomhchathair. Tá 229,000 éigin duine ina gcónaí i nGuáin na Fraince (meastachán ó INSEE a rinneadh sa bhliain 2010).[1] Tá lárionad spáis Eorpach i gKourou ar an gcósta siar ó Chayenne. Is í an Fhraincis teanga oifigiúil na roinne agus tá fásteanga Ghuáin na Fraince á labhairt go forleathan ann chomh maith. Thairis sin tá Béarla, Spáinnis, fásteangacha eile (cosúil leis an teanga Saamaka nó Saramacca, atá bunaithe ar an mBéarla) agus teangacha bundúchasacha Meiriceánacha cosúil leis an teanga Arawak le cloisteáil, ach is í an Fhraincis an teanga ardstádais ar fud an réigiúin.

Infotaula de geografia políticaGuáin na Fraince
Guyane (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Ghuáin na Fraince Coat of arms of French Guiana (en)
Bratach Ghuáin na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata Coat of arms of French Guiana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Novotelplage.JPG
Cuir in eagar ar Wikidata

Mana «Fert Aurum Industria» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
French Guiana (orthographic projection).svg
 3°59′56″N 53°00′00″W / 3.99886°N 52.99994°W / 3.99886; -52.99994
Stát ceannasachAn Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathair Cayenne Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán 281,678 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Meiriceá Theas agus Meiriceá Laidineach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 83,534 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Bellevue de l'Inini (en) Aistrigh (831 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháin Regional Council of French Guiana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtais Rodolphe Alexandre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Euro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .gf Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód +594 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáin ctguyane.fr Cuir in eagar ar Wikidata

Tá vóta ag muintir Ghuáin na Fraince i dtoghcháin uachtarántachta na Fraince. I dtoghcháin na bliana 2017, ar an 8ú Bealtaine, vótáil 64.9% % ar son Emmanuel Macron agus chaith 35.1% vóta ar son Marine Le Pen. Vótáil 41.9% de mhuintir na hoileáin sa toghchán is déanaí ach bhí 4% do na vótaí millte agus bhí 9.2% eile bán.

Is í Guáin na Fraince an roinn is mó atá ag an bhFrainc - ó thaobh an achair de tá sí níos mó ná aon seachtú cuid den Fhrainc Eorpach féin. I gcomparáid leis an achar seo áfach, tá an daonra an-bheag, agus duine as gach beirt ina chónaí i réigiún na príomhchathrach, Cayenne. Tá Guáin na Fraince á rialú ag an tionól ionadaíoch ar a dtugtar Assemblée de Guyane, a tháinig i gcomharbas ar chomhairle na ranna agus comhairle an réigiúin.

TagairtíCuir in Eagar