Emmanuel Macron

Uachtarán na Fraince

Polaiteoir Francach, iarbhaincéir marsantach agus Uachtarán ar an Fhrainc, is ea Emmanuel Macron. Rugadh é ar an 21 Nollaig 1977 i gcathair Amiens na Fraince. Is é Emmanuel Macron an tUachtarán is óige dá raibh ar phoblacht na Fraince riamh.

Emmanuel Macron
Зустріч Президента України з президентами Франції та Румунії, а також головами урядів Німеччини та Італії 76 (cropped).jpg
Ard-Rúnaí Cúnta Uachtaránacht Phoblacht na Fraince

Bealtaine 15, 2012 - Iúil 15, 2014
Jean Castex - Laurence Boone (en) Aistrigh
Aire Geilleagair, Tionscail agus Digiteach

Lúnasa 26, 2014 - Lúnasa 30, 2016
Arnaud Montebourg (en) Aistrigh - Michel Sapin (en) Aistrigh
1. cathaoirleach

Aibreán 6, 2016 - Bealtaine 8, 2017
← luach ar iarraidh - Catherine Barbaroux (en) Aistrigh
Comh-Phrionsa na Fraince

Bealtaine 14, 2017 -
François Hollande
Uachtarán Phoblacht na Fraince

Bealtaine 14, 2017 -
François Hollande
Toghchán: Toghchán Uachtaránachta na Fraince 2017
Saol
Ainm iomlán Emmanuel Jean-Michel Frédéric Macron
Eolas breithe Amiens, 21 Nollaig 1977 (44 bliain d’aois)
Náisiúntacht An Fhrainc
Áit chónaithe Élysée Palace (en) Aistrigh
Teanga dhúchais An Fhraincis
Muintir
Athair Jean-Michel Macron
Máthair Françoise Noguès
Céile/Céilí Brigitte Macron (en) Aistrigh  (Deireadh Fómhair 20, 2007 -
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater La Providence (en) Aistrigh
Université Paris-Nanterre
Lycée Henri-IV
Institut d'études politiques de Paris
École nationale d'administration (en) Aistrigh
(2002 - 2004)
Teangacha An Fhraincis
An Béarla
Múinteoirí Brigitte Macron (en) Aistrigh
Gairm
Gairm investment banker (en) Aistrigh, státaire, feidhmeannach agus polaiteoir
Airde 1.73 m
Fostóirí Rothschild & Cie Banque (en) Aistrigh  (2008 -  2012)
Duaiseanna
Ballraíocht Commission for the Liberation of French Growth (en) Aistrigh
French-American Foundation (en) Aistrigh
Cleamhnú
Reiligiúin Agnóisí
Páirtithe polaitíochta La République En Marche (en) Aistrigh
Socialist Party (en) Aistrigh
polaiteoir neamhspleách
IMDb nm6960621
en-marche.fr…
Instagram emmanuelmacron
Twitter EmmanuelMacron
TikTok emmanuelmacron
Emmanuel Macron signature.svg


Tús a shaoilCuir in Eagar

Bhain Macron dochtúireacht amach i réimse na fealsúnachta[1][2] sa bhliain 2002. Bhain sé céim amach ansin ó École nationale d'administration sa bhliain 2004.

Sa bhliain 2008, chuaigh Macron ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010.

 
a bhean Brigitte Macron, a rugadh in 1953, sa bhliain 2017

PolaitíochtCuir in Eagar

 
An rí Macron (La fête à Macron, 2018)

Sa bhliain 2012, ghlac Macron le le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince, ar chuireadh ón Uachtarán Hollande.

I mí Aibreáin sa bhliain 2016, nuair a bhí sé fós ina aire i rialtas Mhanuel Valls, bhunaigh Macron a pháirtí polaitíochta féin: "En marche !" (Gaeilge: 'Ar aghaidh!')[3], feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras. D'éirigh Macron as a phost i mí Lúnasa 2016. Trí mhí ina dhiaidh sin, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir i dToghchán uachtaránachta na Fraince den mbliain 2017.

 
An tUasal Macron & Le Pen, 2017

Toghchán 2017Cuir in Eagar

 
Lá vótaíochta, 7 Bealtaine 2017

Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta[4]. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta[5].

Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó:

  • Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar.
  • Foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon.

Ar an 23 Aibreáin 2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránacha, bhain sé 24% na nguthanna, é seo á chur i gcéad áit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.[6]

 
Macron, Putin agus Volodymyr Zelenskyy sa bhliain 2019

Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[7], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine.

Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Macron 66% na nguthanna, é á chur ina Uachtarán na Fraince. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.[9]

Insealbhaíodh Macron ina uachtarán ar an 14 Bealtaine.[10]

Toghchán 2022Cuir in Eagar

Ar 10 Aibreán 2022, vótáil 28% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23% i bhfabhar Le Pen.[11] Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile.[12]

 
Macron agus Boris Johnson, G7 Biarritz, Lúnasa 2019

Ar 24 Aibreán 2022, bhí Macron atofa mar uachtarán ar an bhFrainc, an chéad uachtarán reatha ar éirigh leis 2 thoghchán a bhuachan i ndiaidh a chéile ó 2002,[13][14]

Chloígh Macron a chéille comhraic,Marine Le Pen sa dara babhta vótála d'uachtaránacht na tíre; 59% de sciar an vóta a fuair Macron. Díol imní dó gur thit a thacaíocht ón toghchán deiridh ansin i 2017; bhí tacaíocht Le Pen agus an páirtí atá i bhfad ar dheis, méadaithe (34% sa bhliain 2017, 41̤̤̤% in 2022).[15][16]

Ba é an teachtaireacht a bhí ag Macron roimh an vótáil ná go gcaithfí stop a chur le fás pholaitíocht na heite fíordheise agus stádas na Fraince go hidirnáisiúnta a chosaint.. D’éirigh níos fearr le Macron ná mar bhí á thuar sna pobalbhreitheanna.[17]

Dúirt Macron go n-aontódh sé an tír agus go mbeadh sé ansin mar cheannaire don chosmhuintir uilig.[13]

 
Macron ag dul i ngleic le Trump, G7 Biarritz, Lúnasa 2019

PolasaitheCuir in Eagar

Toghadh Macron go dtí Pálás an Élysée bunaithe ar a gheallúint nach polaiteoir den eite dheis ná don eite chlé a bhí ann, ná go deimhin polaiteoir den seandéanamh ar chor ar bith.[18]

  • Teastaíonn ó Macron go mbeadh an tAontas Eorpach níos aontaithe agus níos láidre.[19]
  • Tá an tUachtarán Macron á chur féin chun cinn ó toghadh é mar cheannródaí ó thaobh athrú aeráide.[18]
  • Ghlac daoine leis na leasuithe ar dhlíthe saothair i dtús a thréimhse mar Uachtarán, rud nár éirigh le hiliomad Uachtarán roimhe a chur i bhfeidhm.[18]
  • Tá Macron glan in aghaidh Putin. Sa bhliain 2022,d’iarr Macron go gcuirfeadh tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm mar go raibh sé soiléir go ndearnadh “coireanna cogaidh” an Úcráin agus Putin freagrach as.[20]

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Peig.ie, 8 Bealtaine 2017
  2. Abhár: L'Inté­rêt géné­ral, lecture et prin­cipes de la philo­so­phie du droit de Hegel. Université de Nanterre.
  3. Le Monde, 24/04/2017
  4. Peig.ie, 8 Bealtaine 2017
  5. 'Rud déistineach thar arrachtach' roghnaithe ag muintir na Fraince', Meon Eile, 8 Bealtaine 2017
  6. interieur.gouv.fr (2017). "Résultats de l'élection Présidentielle 2017" (fr). TF1 INFO. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  7. Bairbre Ní Chiosáin ar Ráidio na Gaeltachta, 9 Bealtaine 2017
  8. Peig.ie, 8 Bealtaine 2017
  9. Bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007 (Peig.ie, 8 Bealtaine 2017).
  10. D’ici à la passation des pouvoirs, une semaine chargée pour le nouveau président Macron, Le Monde, 09/05/2017
  11. "Élection présidentielle 2022 : retrouvez tous les résultats" (fr). Ministère de l'Intérieur. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  12. Cathal Mac Coille (23 aib 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  13. 13.0 13.1 Nuacht RTÉ (2022-04-25). "'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron" (as ga). 
  14. Máirín Ní Ghadhra (15 Aib 2022). "Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  15. "2017 French presidential election" (as en) (2022-04-25). Wikipedia. 
  16. Níor atoghadh uachtarán sa Fhrainc ó 2002, nuair a d’áitigh Jacques Chirac ar vótálaithe a raibh an ghráin acu air vótáil ar a shon d’fhonn iarrthóir an Front National, Jean-Marie Le Pen a shárú.
  17. "Macron i gcoinne Le Pen sa dara babhta de thoghchán na Fraince" (ga-IE). Tuairisc.ie (11 aib 2022). Dáta rochtana: 2022-04-25.
  18. 18.0 18.1 18.2 Máirín Ní Ghadhra (28 Samhain 2018). "An loinnir ag imeacht de Macron agus agus céim bhacach ina République en Marche" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  19. Máirín Ní Ghadhra (21 Ean 2022). "Macron ag súil le buntáiste na hEorpa ag baile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  20. "Cinedhíothú ar mhuintir na hÚcráine ar bun ag an Rúis – Volodymyr Zelensky" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.