François Hollande

státaire Francach

Is polaiteoir Francach é François Hollande (IPA: \fʁɑ̃swa ɔlɑ̃d\; Rouen, 12 Lúnasa 1954). Is sóisialaí go smior é. Ba uachtarán na Fraince idir 2012 agus 2017 é.

Infotaula de personaFrançois Hollande

(2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) François Gérard Georges Nicolas Hollande Cuir in eagar ar Wikidata
12 Lúnasa 1954
70 bliana d'aois
Rouen, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Phoblacht na Fraince
15 Bealtaine 2012 – 14 Bealtaine 2017
← Nicolas SarkozyEmmanuel Macron →
Comh-Phrionsa na Fraince
15 Bealtaine 2012 – 14 Bealtaine 2017
← Nicolas SarkozyEmmanuel Macron →
In éineacht le: Joan Enric Vives Sicília
Conseiller général canton de Vigeois
20 Márta 2008 – 2012
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
20 Meitheamh 2007 – 14 Bealtaine 2012 – Sophie Dessus (en) Aistrigh →

Toghcheantar: Corrèze's 1st Constituency (en) Aistrigh
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
19 Meitheamh 2002 – 19 Meitheamh 2007

Toghcheantar: Corrèze's 1st Constituency (en) Aistrigh
Méara Tulle
17 Márta 2001 – 17 Márta 2008
← Raymond-Max AubertBernard Combes →
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: An Páirtí Sóisialach

20 Iúil 1999 – 17 Nollaig 1999
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: An Fhrainc

First Secretary of the French Socialist Party (en) Aistrigh
27 Samhain 1997 – 26 Samhain 2008
← Lionel JospinMartine Aubry →
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
12 Meitheamh 1997 – 18 Meitheamh 2002
← Lucien Renaudie

Toghcheantar: Corrèze's 1st Constituency (en) Aistrigh
Ball de Thionól Náisiúnta na Fraince
23 Meitheamh 1988 – 1 Aibreán 1993
← luach ar iarraidh – Raymond-Max Aubert →

Toghcheantar: Corrèze's 1st Constituency (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas agus agnóiseachas
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole nationale d'administration (1978–1980)
Ollscoil Panthéon-Assas
Jean-Baptiste-de-La-Salle de Rouen School (en) Aistrigh
HEC Paris (–1975)
Institut d'études politiques de Paris
lycée Pasteur de Neuilly-sur-Seine Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePalais de l'Élysée
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Airde1.73 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Suíomh oibre Strasbourg
Palais de l'Élysée
An Bhruiséil
Páras Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstátaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Sóisialach (1979–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Ghlac sé/sí páirt i
21 Eanáir 2015Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileValérie Trierweiler
Ségolène Royal
Julie Gayet (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSégolène Royal (1978–2007)
Valérie Trierweiler (2007–2014)
Julie Gayet (2014–2022) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJulien Hollande
 ( Ségolène Royal)
Thomas Hollande
 ( Ségolène Royal)
Flora Hollande
 ( Ségolène Royal)
Clémence Hollande
 ( Ségolène Royal) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorges Hollande  agus Nicole Tribert
SiblínPhilippe Hollande
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1186879 Allocine: 235419 Metacritic: person/francois-hollande
Facebook: francoishollande.fr Twitter: fhollande Instagram: fhollande Flickr: 65490374@N04 Musicbrainz: efe893c6-b93a-44b4-bee7-90c849b972bd Cuir in eagar ar Wikidata
Meancóga agus scannail go leor le linn a thréimhse mbéal an phobail,, mar sh. glacadh grianghraf de sa bhliain 2006 ag léamh "Stair na Fraince 'pour les nuls'" (do na hamadáin)[1][2]
 
François Hollande agus a chéad bhean, Segolene Royale, a chéad pháirtí, sa bhliain 2007[3][4]

Tús a shaoil

cuir in eagar
 
Bhí ollbhua ag na Sóisialaithe i 2012

Céimí de chuid l'Université Panthéon-Assas (Paris 2) is ea é (licence en droit).[5]

D'fhreastail sé ansin ar HEC, an Institut d'Études Politiques ("Sciences Po") de Paris agus École Nationale d'Administration (ENA) freisin.

Tar éis dó céim a bhaint amach ón ENA sa bhliain 1980 (sa seachtú háit ina rang) ghlac sé post sa Cour des comptes, oifig iniúchóireachta náisiúnta na Fraince, a bhfuil feidhmeanna gar-bhreithiúnacha aici. Rinneadh conseiller référendaire de sa bhliain 1984.

Polaitíocht

cuir in eagar

Ghlac Hollande páirt ghníomhach sa Pháirtí Sóisialach ó thús na 1970idí. Le linn dó a bheith ar saoire fhadtéarmach ón Cour des comptes, bhí róil pholaitiúla éagsúla aige (mar shampla, mar shainchomhairleoir don Uachtarán Mitterand agus, ina dhiaidh sin, mar bhall den Tionól Náisiúnta (1988-93, 1997-2012).

Ina theannta sin, bhí sé ina Chéad-Rúnaí ar an bPáirtí Sóisialach, idir 1997 agus 2008, ina mhéara ar Tulle (2001-2008), baile beag, agus ina Uachtarán ar chomhairle roinne Corrèze (2008-12).

Mar bhall den Cour des comptes, bhí sé de cheart aige cleachtadh mar dhlíodóir, má ba mhian leis, agus scaoileadh é chun é sin a dhéanamh ar feadh roinnt míonna sa bhliain 1997. Bhí sé ina dhlíodóir le Mignard, Teitgen, Grisoni et associés, sula ndearnadh Chéad-Rúnaí an Pháirtí Shóisialaigh de.

 
Scannal Valérie Trierweiler i 2013

Uachtaránacht

cuir in eagar

Toghadh mar Uachtarán na Fraince é ar an séú lá de mhí na Bealtaine 2012. Bhí ollbhua ag na Sóisialaithe an bhliain sin.

I measc na rudaí is suntasaí a bhain sé amach, faightear an comhionannas pósta (in éineacht le comhchearta chun uchtála) agus leasuithe ar dhlí na fostaíochta agus ar chóras na bpinsean, rudaí ar mian leis an Uachtarán Macron dul níos faide leo.

Le linn do Hollande a bheith ina Uachtarán, chuir roinnt ionsaithe sceimhlitheoireachta móra isteach ar an bhFrainc; tar éis na n-ionsaithe ar Pháras i mí na Samhna 2015, d'fhógair sé staid éigeandála, a chuaigh in éag i mí na Samhna 2017.

Gnaoi an phobail

cuir in eagar

Sna blianta 2015/2016, bhí Hollande i mbun rialtais nach raibh gnaoi an phobail air ag an am agus tharraing Hollande míghean air féin.

Thit sé sna pobalbhreitheanna ón suíomh ard a bhain sé amach ar dtús, a fhad le ráta sástachta 4% maidir lena uachtaránachta ag point áirithe sna míonna deireanacha a raibh sé in oifig.

Ní raibh "aon mhuinín ag vótóirí as an bPáirtí Sóisialach tar éis tréimhse uachtaránachta Francois Hollande agus [bhí] an páirtí in ísle brí faoi mar [a bhí] Páirtí an Lucht Oibre anseo in Éirinn".[6]

Mar sin, ní raibh Hollande ag iarraidh go n-atoghfaí é agus ní raibh sé san iomaíocht sa toghchán 2017.. I mí na Nollag 2016, d'fhógair sé nach mbeadh sé ag iarraidh go n-atoghfaí é ina Uachtarán. Toghadh Emmanuel Macron ina áit i 2017.

 
Julie Gayet, festival de Cannes, 2009.  Fear mór ban a bhí i Hollande sna 2010idí[4]

Iar-Uachtarán

cuir in eagar

Mar iar-Uachtarán, tá sé ina bhall den Conseil constitutionnel, ach roghnaigh sé gan páirt a ghlacadh ann.

Chuaigh Hollande ar scor ón Cour des comptes go hoifigiúil i mí na Bealtaine 2017.

Saol pearsanta

cuir in eagar

Fear mór ban atá i Hollande.

Bhí caidreamh ag Hollande le Ségolène Royal (an tUachtarán réigiúnach do Poitou-Charentes), agus tá ceathrar clainne acu.[7] Go gairid i ndiaidh an toghcháin sa bhliain 2007, scair siad óna chéile. Bhí caidreamh eile ag François Hollande le hiriseoir, Valérie Trierweiler, agus b'shin an fáth a scair siad.

Phós Hollande Julie Gayet níos deanaí.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Que lit François Hollande ?" (fr-FR). Les Inrocks. Dáta rochtana: 2022-08-12.
  2. "Sarkozy et Royal mitraillés sur les plages" (fr). Le Temps (2006-08-11). Dáta rochtana: 2022-08-12.
  3. Lara Marlowe. "Inside Hollande’s love triangle" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-08-12.
  4. 4.0 4.1 Prisma Média. "François Hollande : ce jour où Ségolène Royal l’a demandé en mariage… à la télé - Gala" (fr). Gala.fr. Dáta rochtana: 2022-08-12.
  5. Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-12.
  6. Eoin Ó Murchú (24 Aibreán 2017). "Osna faoisimh ligthe san Eoraip agus Macron ar cheann an rása" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-12.
  7. Prisma Média. "François Hollande : ce jour où Ségolène Royal l’a demandé en mariage… à la télé - Gala" (fr). Gala.fr. Dáta rochtana: 2022-08-12.