Nicolas Sarkozy
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Ba uachtarán na Fraince idir 2007 agus 2012 é Nicolas Sarkozy, an 23ú uachtarán na Fraince (rugadh Nicolas Paul Stéphane Sarközy de Nagy-Bocsa ar an 28 Eanáir 1955, 17ú arrondissement, Páras, An Fhrainc).
Nicolas Sarkozy | |
![]() | |
In oifig 16 Bealtaine 2007 - 15 Bealtaine 2012 | |
Réamhtheachtaí: | Jacques Chirac |
Comharba: | François Hollande |
Dáta breithe | 28 Eanáir 1955 |
Áit bhreithe | Páras An Fhrainc |
Páirtí | UDR (1974) RPR (1976) UMP (2004) |
Céile | (1) Marie-Dominique Culioli (1982-1996 colscartha) (2) Cécilia Ciganer-Albeniz (1996-2007 colscartha) (3) Carla Bruni Tedeschi (2008-) |
Síniú![]() |
Fuair sé an ceann is fearr ar Ségolène Royal sa dara babhta den toghchán uachtaránachta ar an 6 Bealtaine 2007. Tháinig sé i gcomharbacht ar Jacques Chirac ar an 16 Bealtaine 2007.
Roimh a uachtaránacht, ba é ceannaire an UMP (Aontacht chun Gluaiseachta Coitianta) é. Ceapadh mar Aire Gnóthaí Baile é sa chéad rialtas de chuid Jean-Pierre Raffarin ó Bealtaine 2002 go Márta 2004 agus ansin ceapadh mar Aire Airgeadais é i rialtas deireanach Raffarin ó Márta 2004 go Bealtaine 2005. Ceapadh arís mar Aire Gnóthaí Baile é i rialtas Dominique de Villepin (2005-2007).
Ba Uachtarán Chomhairle Ginearálta départment (contae) Hauts-de-Seine é ó 2004 go 2007 agus ba mhéara é ar Neuilly-sur-Seine, ceann de na communes (bailte) is saibhre sa Fhrainc ó 1983 go 2002. Ceapadh é mar Aire Cáinaisnéise é i rialtas Édouard Balladur (RPR, réamhtheachtaí an UMP) i rith téarma deireanach Francois Mitterand.
Tá Sarkozy go mór i bhfábhar dlí agus oird agus ba mhaith leis geilleagar na Fraince a athbheochan. Gheall sé go neartófar an entente cordiale leis an Ríocht Aontaithe agus go mbeadh níos mó comhoibrithe leis na Stáit Aontaithe.
Tugtar an leasainm Sarko air go forleathan.