Páipéir Phanama
Bailiúchán mór cáipéisí rúnda de chuid Mossack Fonseca, comhlacht dlí Panamach, ab ea na Páipéir Phanama (Béarla: Panama Papers),
Sceith duine gan aithne na milliún cáipéis maidir le 214,000 comhlacht eischósta a thagann faoi chúram an chomhlachta dlí Mossack Fonseca i bPanama le nuachtan sa Ghearmáin in 2015. Roinneadh an t-eolas le seirbhísí nuachta fud fad na cruinne, agus foilsíodh na sonraí in 2016.[1]
Scannal
cuir in eagarBhris an scéal mór caimiléireachta amach ar an 3 Aibreán 2016 don chéad uair. Ach thosaigh an scéal sa bhliain 2015 nuair a thug foinse rúnda na "Páipéir" don Süddeutsche Zeitung (SZ), nuachtán Gearmánach. Ansin roinn SZ an eolas leis an gCuibhreannas Idirnáisiúnta Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ) agus nuachtáin timpeall an domhain, an Irish Times ina measc.
Bhí 214,000 comhlacht luaite sna 11.5 milliún cáipéis, 2.6 teiribheart (TB) de shonraí san iomlán. Chuaigh cuid acu siar chomh fada leis na 1970idí agus scríobhadh cuid eile chomh déanach leis an mbliain 2016.
Rinneadh staidéar fúthu ar feadh bliain amháin. D'oibrigh timpeall is 400 iriseoir de chuid 107 eagraíocht meán in breis agus 80 tír ar na cáipéisí.
Nochtaigh na cáipéisí an bealach a cuireadh maoine gnólachtaí, scaireanna, brabúis, agus imghabháil cánach i bhfolach ar mhaitheas ceannairí stáit agus polaiteoirí eile nach iad, chomh maith le lucht airgeadais, gnó, spóirt agus ealaíne.[2]
Mossack Fonseca
cuir in eagarAn comhlacht dlí as Panama, Mossack Fonseca a chuir na comhaid ar fáil.
Tá sé ar cheann na comhlachtaí is mó ar domhan a chuireann seirbhísí airgeadais ar fáil agus a bhfuil saineolas faoi leith aige ar chuntas eischósta.
In Éirinn
cuir in eagarTuairiscaíodh san Irish Times go raibh ainmneacha na gcéadta comhlacht agus duine as Éirinn a raibh maoin in Éirinn agus thar lear acu luaite sna comhaid.[3]
Duine díobh is ea iar-straitéisí Fhine Gael Frank Flannery a dúirt go bhfuair sé iasacht £625,000 STG ó Bhanc na hÉireann i Londain le teach a cheannach.[4][5] Duine seisean go ndearna sé athmhaoiniú ar an iasacht sin agus gur íoc sé chuile phingin ar ais sa gcuntas céanna. Dúirt sé nach raibh a fhios aige tada faoi chuntas in Oileáin Bhriotanacha na Maighdeana agus gur gnóthaí príobháideacha a bhí ann.[3]
Sa Bhreatain
cuir in eagarIs saoránaigh de chuid na Breataine sciar suntasach dóibh siúd a chuir a maoin i dtaisce sna tearmainn cánach.[1] Mar shampla, tháinig sé chun solais sna cáipéisí go raibh scaireanna ag David Cameron i gcuideachta eischósta a athar, Blairmore Holdings, nár dhéarbhaigh sé le linn a fheachtais toghchánaíocht in 2011.
Tá ceisteanna á gcur ar Cameron faoin ‘bhronntanas’ £200,000 a fuair sé óna mháthair i ndiaidh bhás a athar. ‘Dodgy Dave’ a bháist an Feisire ón Lucht Oibre, Dennis Skinner, air sular caitheamh as Teach na Parlaiminte inné é.
Freagairt
cuir in eagarDúirt Oxfam Ireland gur tháinig chun solais an córas lofa cánach a bhí ar fud na cruinne.[3][6]
I measc na ndaoine a bhí bainteach ag an am a foilsíodh tuairisc Süddeutsche Zeitung, bhí ceannairí reatha cúig thír (an Airgintín, an Araib Shádach, na hÉimíríochtaí Arabacha Aontaithe, an Íoslainn, agus an Úcráin).
D'éirigh príomh-aire na hÍoslainne, Sigmundur Gunnlaugsson, as a oifig ar an 5 Aibreán 2016 mar thoradh ar an scannal a chothaigh an tuairisc san Íoslainn.
Cóiré Thuaidh
cuir in eagarLéirigh na cáipéisí go raibh cliantchomhlachtaí ag Mossack Fonseca sa gCóiré Thuaidh. Bhí siad seo ar liosta státchiste na Stát Aontaithe den dream nach bhféadfaí a bheith iontaobhach astu agus a gcaithfí a bheith aireach fúthu. Bhí baint ag roinnt comhlachtaí le clár núicléach na Cóiré Thuaidh.[7]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Cameron faoi bhrú le Cáipéisí Phanama < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-04-02.
- ↑ Süddeutsche Zeitung. "All you need to know about the Panama Papers" (en). Süddeutsche.de. Dáta rochtana: 2022-12-20.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2016-04-04). ""Córas cánach lochtach"-Oxfam" (as ga).
- ↑ Michelle Hennessy. "The Panama Papers: The Irish connection" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2022-12-20.
- ↑ "Panama Papers: Fianna Fail says Frank Flannery must be held to account" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-20.
- ↑ sinnfein.ie (2019). "FORÓGRA SHINN FÉIN, 2019". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-04-05). "Meiriceá ag géarú ar chomhlachtaí cláraithe thar lear" (as ga).