The Guardian
Nuachtán laethúil náisiúnta sa Ríocht Aontaithe is ea The Guardian. Go dtí 1959, foilsíodh é faoin ainm Manchester Guardian. Nuachtán de chuid an Guardian Media Group atá ann in éineacht le The Observer agus The Guardian Weekly. Is iad The Scott Trust Limited úinéirí an Guardian Media Group; cuireadh ar bun é chun neamhspleáchas The Guardian a chosaint "go deo". Cuirtear na brabúis isteach san iriseoireacht seachas iad a roinnt ar na sealbhóirí.[1]
Cineál | nuachtán laethúil |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Am tosaigh | 5 Bealtaine 1821 |
Bunaitheoir(í) | John Edward Taylor |
Úinéir | Guardian Media Group |
Áit a fhoilsithe | an Ríocht Aontaithe |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | táblóideach |
Eatramh foilsithe | 1 lá |
Príomheagarthóir | Katharine Viner (2015–) |
Foilsitheoir | Guardian Media Group |
Idé-eolaíocht | An Nualiobrálachas |
Ainmniúcháin agus gradaim | |
Gradaim |
|
Aitheantóirí | |
ISSN | 0261-3077 agus 1354-4322 |
OCLC | 476290235 agus 60623878 |
Suíomh | theguardian.com |
Is í Katharine Viner eagarthóir The Guardian; tháinig sí ar chomharbas ar Alan Rusbridger sa bhliain 2015.[2][3] Tá leaganacha Briotanacha, Astrálacha (Guardian Australia) agus Meiriceánacha (Guardian US) den nuachtán le fáil ar líne. I mí Lúnasa 2013, scaipeadh isteach is amach le 189,000 cóip den leagan cló den The Guardian ar an meán gach lá, níos lú ná an The Daily Telegraph agus The Times, ach níos mó ná The Independent.[4] I nDeireadh Fómhair na bliana 2014, b'é The Guardian an cúigiú nuachtán is mó léitheoirí ar domhan le 42.6 milliún léitheoirí.[5] Sa Ríocht Aontaithe, léann 9 milliún duine na leaganacha cló agus ar líne de The Guardian.[6]
Stair
cuir in eagarChuir John Edward Taylor, ceannaí cadáis i Manchain, an nuachtán ar bun sa bhliain 1821 le tacaíocht ón gCiorcal Beag, grúpa lucht gnó liobrálach sa chathair chéanna.
Eagarthóirí
cuir in eagar- John Edward Taylor (1821–1844)
- Jeremiah Garnett (1844–1861)
- John Taylor (1861–1872)
- Charles Prestwich Scott (1872–1929)
- Ted Scott (1929–1932)
- William Percival Crozier (1932–1944)
- Alfred Powell Wadsworth (1944–1956)
- Alastair Hetherington (1956–1975)
- Peter Preston (1975–1995)
- Alan Rusbridger (1995–2015)
- Katharine Viner (2015–)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "The Scott Trust: values and history". The Guardian.
- ↑ "Guardian appoints Katharine Viner as editor-in-chief | Media".
- ↑ "'Farewell, readers': Alan Rusbridger on leaving the Guardian after two decades at the helm".
- ↑ National Newspapers Report, June 2013, published by the Audit Bureau of Circulation, http://abc.fileburst.com/publishedreports/National%20Newspapers%20Report%202013-06.pdf Curtha i gcartlann 2016-01-25 ar an Wayback Machine Accessed 12 July 2013. NB Registration required.
- ↑ "The Guardian overtakes New York Times in comScore traffic figures".
- ↑ "The Guardian reaches nearly 9 million readers across print and online".
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |