The Times
Is nuachtán laethúil Briotanach é The Times. Tá ceanncheathrú an nuachtáin suite i Londain agus tagraítear dó go minic mar "The London Times" nó "The Times of London". Cuireadh an nuachtán ar bun faoin teideal The Daily Universal Register, agus ar 1 Eanáir 1788 thosaigh na foilsitheoirí ag baint úsáide as an ainm atá air inniu. Is é an chuideachta Times Newspapers a fhoilsíonn The Times agus a chomhpháipéar The Sunday Times (a cuireadh ar bun sa bhliain 1821), agus is fochuideachta é Times Newspapers de chuid News UK (é féin ina chuid de News Corp.) ón mbliain 1981 i leith. Níl an fhoireann eagarthóireachta céanna ag an The Times agus The Sunday Times. bunaíodh iad go neamhspleách ar a chéile agus ní théann an úinéireacht choiteann siar ach go 1967.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |