Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis (oikos nó teach agus nomos nó dlí). Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú chéad déag.

'Soláthar agus éileamh', léaráid ag léiriú na héifeachtaí a éiríonn as éileamh méadaithe

Díríonn an eacnamaíocht ar iompar agus idirghníomhú na ngníomhairí eacnamaíocha agus conas a oibríonn an geilleagar. Ag teacht leis an bhfócas seo, is minic a dhéanann príomh-téacsleabhair idirdhealú idir micreacnamaíocht agus maicreacnamaíocht.

Anailísíonn an eacnamaíocht an geilleagar ar fad (a chiallaíonn táirgeadh comhiomlán, tomhaltas, coigiltis, agus infheistíocht) agus na saincheisteanna a dhéanann difear dí, lena n-áirítear dífhostaíocht na n-acmhainní (saothair, caipiteal, agus talamh), boilsciú, fás eacnamaíoch, agus na beartais phoiblí a thugann aghaidh ar na saincheisteanna seo (beartais airgeadaíochta, fioscacha, agus eile).

Micreacnamaíocht cuir in eagar

Scrúdaíonn an micreacnamaíocht iompar na n-eilimintí bunúsacha sa gheilleagar, lena n-áirítear gníomhairí aonair agus margaí, ar na hidirghníomhaíochtaí, agus torthaí na n-idirghníomhaíochtaí. D'fhéadfadh a bheith san mar gníomhairí aonair, mar shampla; teaghlaigh, gnólachtaí, ceannaitheoirí, agus díoltóirí.

Féach freisin cuir in eagar

Soláthar agus éileamh

Tagairtí cuir in eagar