Napoléon Bonaparte

ceannaire míleata Francach, agus Impire na Fraince 1804–1814 agus 1815

Bhí Napoléon Bonaparte, nó Napóilean mar a thugtar air i nGaeilge (15 Lúnasa 17695 Bealtaine 1821), nó Bónaí i nGaeilge Thír Chonaill fadó, ar dhuine de na ginearáil a d’fhear cogadh ar son Réabhlóide na Fraince.

Napoléon Bonaparte
Napoleon I of France by Andrea Appiani.jpg
head of state of France (en) Aistrigh


First Consul (en) Aistrigh

Samhain 10, 1799 - Bealtaine 18, 1804
100. uachtarán

1800 - 1800
Raphael Bienvenu Sabatier (en) Aistrigh - Claude Louis Berthollet
Emperor of the French (en) Aistrigh

Bealtaine 18, 1804 - Aibreán 6, 1814
monarc na hIodáile

Márta 17, 1805 - Aibreán 11, 1814
18. Comh-Phrionsa na Fraince

1806 - Eanáir 26, 1812
Louis XVI na Fraince - luach ar iarraidh →
Emperor of the French (en) Aistrigh

Márta 20, 1815 - Meitheamh 22, 1815
18. Comh-Phrionsa na Fraince

Márta 20, 1815 - Meitheamh 22, 1815
Louis XVIII of France (en) Aistrigh - Napoléon II
Saol
Ainm iomlánNapulione Buonaparte agus Napoleone di Buonaparte
Eolas breitheAjaccio, 15 Lúnasa 1769, 1769
NáisiúntachtAn Chéad Phoblacht Fhrancach
Céad Impireacht na Fraince
Ríocht na Fraince
Áit chónaitheSan Héilin
Ajaccio
Páras
Elba
Teanga dhúchaisCorsaicis
BásLongwood House (en) Aistrigh, 5 Bealtaine 1821, 1821
Áit adhlacthaCathédrale Saint-Louis-des-Invalides (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse ghoile)
Muintir
AthairCarlo Bonaparte
MáthairMaria-Letizia Bonaparte
Céile/CéilíJoséphine de Beauharnais (en) Aistrigh  (Márta 8, 1796, Márta 9, 1796 -  Nollaig 16, 1809)
Marie Louise I, Duchess of Parma (en) Aistrigh  (Aibreán 1, 1810 -  Bealtaine 5, 1821)
Páirtí/PáirtitheMarie Walewska (en) Aistrigh
Pauline Fourès (en) Aistrigh
Emilie Kraus von Wolfsberg (en) Aistrigh
Elisabeth de Vaudey (en) Aistrigh
Eléonore Denuelle de La Plaigne (en) Aistrigh
Giuseppina Grassini (en) Aistrigh
Albine de Montholon (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Teaghlach
TreibhTeaghlach Bonaparte
Oideachas
Alma materÉcole Militaire, Paris
(1784 -
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmpolaiteoir, státaire, oifigeach míleata, bailitheoir ealaíne, impire, , míleatach, ceannaire míleata agus monarc
Airde168 cm
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh na nEolaíochtaí
Seirbhís mhíleata
CéimBriogáidire-ghinearál
divisional general (en) Aistrigh
Throid sé/sí agCogaí Napoléon
French Revolutionary Wars (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
dias
IMDbnm1927416
Napoleon signature.svg
Napoléon Bonaparte

Bhí sé ina cheannaire ar an bhFrainc ó dheireadh na bliana 1799 ar aghaidh, agus ina Impire ar na Francaigh (Empereur des Français) is ina Rí ar an Iodáil ón mbliain 1804 go dtí an bhliain 1814, agus arís sa bhliain 1815, faoin ainm Napoléon I.

Napoleon le Antoine-Jean Gros.

Roimh an RéabhlóidCuir in Eagar

Rugadh Napoleone di Buonaparte in Ajaccio na Corsaice ar 15 Lúnasa 1769. Carlo Maria Buonaparte, dlíodóir, ba ea a athair; Maria Letizia Ramolino a mháthair. De thimpiste staire a tháinig an t-oileán i seilbh na Fraince, ó cheannaigh sí siúd ó Genova é sa bhliain 1768. Bhain muintir Bonaparte le mionuaisle na háite (ba noblesse de robe iad), rud ab éigean do Charles Bonaparte a chruthú roimh dá mhac dul isteach i gcoláiste míleata sa bhliain 1779 - an École royale militaire de Brienne-le-Château,

Sa bhliain 1784 d'éirigh leis sa scrúdú ar son an École Militaire i bPáras. An bhliain dár gcionn cailleadh a athair, agus de dhíobháil airgid bhí air cúrsa dhá bhliain a chríochnú i gceann bliana amháin. Chuir sé a chuid scrúduithe de i Mí Mheán Fómhair agus fuair post mar fholeifteanant sa reisimint airtléire la Fère a bhí lonnaithe in Valence-sur-Rhône, agus ansin in Auxonne.

Blianta tosaigh na RéabhlóideCuir in Eagar

Bhí Napoléon in aois a naoi mbliana déag sa bhliain 1789, nuair a thosaigh Réabhlóid na Fraince, agus ba é an chéad rud ar thug sé faoi círéib áitiúil a chur faoi chois in Auxonne ar 19 Iúil 1789.

D'fhill sé ar an gCorsaic agus rinne a chion sa chogadh idir réabhlóidithe, ríogaithe agus náisiúnaithe. Bhí rún ag na náisiúnaithe Poblacht na Corsaice a athbhunú; Pasquale Paoli a bhí mar cheannaire orthu agus mar náisiúnaí Corsaiceach chuaigh Napoléon ina leith. D'éirigh eatarthu nuair a chuir an Chomhdháil Náisiúnta an Rí chun báis; creachadh teach mhuintir Bonaparte, agus ar 10 Meitheamh 1793 thug Napoléon agus a mhuintir a n-aghaidh ar Thoulon.

Imshuí ToulonCuir in Eagar

13 VendémiaireCuir in Eagar

 
Paul Barras

Ar an 13 Vendémiaire, Bliain IV (5 Meán Fómhair 1795), chuaigh ríogaithe chun ceannairce i bPáras in éadan na Stiúrthóireachta (la Directoire), rialtas réabhlóideach na tíre ag an am. Paul Barras a bhí i gceannas ar na trúpaí a bhí dílis don Stiúrthóireacht, agus chuir seisean Napoléon i bhfeighil na n-oibríochtaí. D'iarr Napóilean ar Joachim Murat gunnaí móra a bhailiú le chéile agus suíodh iad ag ceann na sráideanna ar aghaidh na Comhdhála Náisiúnta amach sna Tuileries. Ruaigeadh na ceannaircigh le grán, maraíodh mórán acu, agus tugadh suntas do Napoléon mar oifigeach cumasach.

An Céad Fheachtas IodálachCuir in Eagar

Ceapadh Napoléon mar cheannaire ar arm na hintíre; thaispeáin sé an miotal a bhí ann mar oifigeach airtléire agus feidhm á baint aige as gunnaí móra mar fhórsa soghluaiste chun tacú leis an gcos-slua. Sa bhliain 1796 phós sé Joséphine de Beauharnais, agus ise ba chionsiocair lena cheapadh mar cheannaire Arm na hIodáile: bhí eolas aige cheana ar an tír (de bharr a bheith ag troid ann cúpla bliain roimhe sin) agus bhí sé in ann na fir a spreagadh.

Bhí an Iodáil faoi smacht na hOstaire, ach i gceann bliana nó mar sin bhí an lámh uachtair faighte aige ar chúig arm Ostaireacha, agus gan ach a leath-oiread fear aige go minic. Bhí clú air agus tionchar aige ag filleadh abhaile dó; ar a chomhairle féin (agus é faoi anáil an pholaiteora stuama Talleyrand) d'éirigh an Stiúrthóireacht as an ionradh a bhíothas le déanamh ar an mBreatain, scéim a bhí á beartú acu le tamall. Socraíodh ar Napoléon a chur chun na hÉigipte, mar a mbeadh sé in ann bealach na nIndiacha a chosc ar na Briotanaigh. I ndáiríre, b’áil leis an rialtas é a chur as an mbealach toisc gnaoi na ndaoine a bheith air.

 
Eglise St. Roch

Feachtas ÉigipteachCuir in Eagar

Bhain Napoléon Caireo amach sa bhliain 1798 agus slua eolaithe in éineacht leis chun nósanna agus seandachtaí na tíre a iniúchadh. Rinne na heolaithe an-obair; ní raibh an rath céanna ar Napóilean agus a chuid ginearál i gcónaí. Cuireadh ceannairc i gCaireo faoi chois gan trócaire; sa tSiria rug Napóilean bua ar na fórsaí Otamánacha, agus básaíodh timpeall 2,500 príosúnach; idir an dá linn scrios an Bhreatain an cabhlach Francach ag cath Akoubir (1798), agus chuaigh i bpáirt leis na hOtamánaigh. Bhuaigh siad ar an nGinearál Menou sa tSiria sa bhliain 1801 agus a arm siúd lagaithe go mór ag an bhfiabhras.

ConsalachtCuir in Eagar

Bhí Napoléon ar ais sa Fhrainc faoin mbliain 1799 agus chuaigh i gcomhairle le Talleyrand, fear a raibh an-dul amach aige ar chúrsaí.

Ba léir gurb é Napoléon a bhí thuas anois sa saol polaitiúil, agus bhí a rian sin ar an mBunreacht nua a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1799 – bunreacht a raibh dealramh an daonlathais air ach a thug an chumhacht do Napoléon féin mar Phríomh-Chonsal.

Bhí suim ag teacht aige i Meiriceá; bhí fonn ar an bhFrainc leas a bhaint as limistéar leathan Louisiana, agus ba ghá greim a choinneáil ar oileán Saint-Domingue (Haití) chuige. B’éigean tairbhe a bhaint as daoir ghorma chun na coilíneachtaí a chur chun cinn, fiú agus an daoirse cealaithe, ach ceileadh an t-eolas sin. Chuaigh na Francaigh i ngleic leis an nGinearál gorm Toussaint Louverture; ba dhian an cogadh é, agus fiú nuair a gabhadh Toussaint lean an comhrac. Ba é an fiabhras ba mhó a lagaigh na Francaigh, agus buaileadh iad faoi dheireadh. D’éirigh Napoléon tuirseach den scéal agus dhíol Louisiana leis na Stáit Aontaithe sa bhliain 1803.

 
Ghéill Napoleon don Bhreatain faoi dheireadh

ImpireCuir in Eagar

Ar an 2 Nollaig 1804, oirníodh Napoleon Bonaparte mar Impire na Fraince san ardeaglais Notre Dame i bPáras.

Rialaigh Napoléon an Fhrainc mar Phríomh-Chonsal (Premier Consul) Phoblacht na Fraince ó 11 Samhain 1799 go dtí 18 Bealtaine 1804, agus ansin mar Impire na bhFrancach (Empereur des Français) agus Rí na hIodáile (faoin teideal Napoléon I) idir 18 Bealtaine 1804 agus 6 Aibreán 1814 agus arís ar feadh tréimhse ghearr ó 20 Márta go dtí 22 Meitheamh 1815.

Bhí éirim thar cách i Napoléon mar cheannaire míleata. Tá cáil air de bharr an ratha agus an míratha a tháinig ar a chuid feachtas. I gceann deich mbliana nó beagán os a chionn, smachtaigh Napoléon an chuid is mó d’iarthar agus de lár na hIlchríocha le gabháltais agus le comhaontais, nó go ndearna sé ionradh tubaisteach ar an Rúis i ngeimhreadh na bliana 1812, tubaiste ar tháinig díomua eile ar a muin: Cath na Náisiún, a tharla gar do Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1813.

I gceann cúpla mí chuir comhghuaillíocht a naimhde brú air an choróin a thabhairt suas, agus gan de rogha aige ach imeacht ina dheoraí chuig Oileán Eilbe. D’éirigh leis teacht ar ais ina shean-neart, éacht a dtugtar “an céad lá” (les cent jours) air, ach buadh air i gcath Waterloo sa Bheilg ar 18 Meitheamh 1815.

Ghéill sé don Bhreatain. Cuireadh ar deoraíocht é chuig oileán San Héilin, áit a bhfuair sé bás. Othras peipteach agus ailse ghoile ba thrúig bháis dó, is cosúil.[1]

OidhreachtCuir in Eagar

Lasmuigh dá ndearna sé de ghaisce cogaidh, cuimhnítear ar Napoléon mar an té a bheartaigh an Cód Napóileanach, córas cuimsitheach dlí a tháinig in ionad seanreachtaíocht na Fraince.

Is iomaí tuairim atá ag staraithe agus eile de Napoléon: monarc meabhrach tuisceanach, tíoránach, duine a choisc an Réabhlóid (dúirt sé féin go raibh sí “curtha i gcrích”), creachadóir a bhí ciontach as bás na dtáinte, riarthóir a chuir bonn leis an bhFrainc atá anois ann: duine neamhchoitianta, mar sin, a thuill idir mholadh agus dhímholadh.

 
Longwood, an teach ar oileán San Héiln inar chaith Napoléon Bonaparte 5 go leith bliana ar deoraíocht

Cheap Napoléon gaolta dá chuid mar mhonarcaí i dtíortha difriúla. Níor bhuan i réim iad, ach bhí nia leis Napoleon III, ina Impire ar an bhFrainc agus ar a cuid coilíneachtaí amach sa 19ú haois.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Cullen, William (2008). Is Arsenic an Aphrodisiac?. Royal Society of Chemistry. ISBN 978-0-85404-363-7.