An Chorsaic
Is í an Chorsaic (Corsaicis: Corsica, Fraincis: Corse) an ceathrú hoileán is mó sa Mheánmhuir (i ndiaidh na Sicile, an tSairdín agus na Cipire). Tá sí suite amuigh ó chósta thoir na hIodáile agus thoir theas ón Fhrainc, agus taobh ó thuaidh d'oileán na Sardíne.[1]
![]() | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Corsica (co) ![]() | |||||||||
|
|||||||||
![]() ![]() | |||||||||
| |||||||||
Suíomh | |||||||||
| |||||||||
| |||||||||
Príomhchathair |
Ajaccio ![]() | ||||||||
Daonra | |||||||||
Iomlán |
338,554 (2018) ![]() | ||||||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Chorsaicis ![]() | ||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||
Cuid de |
An Fhrainc ![]() | ||||||||
Achar dromchla |
8,680 km² ![]() | ||||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
An Mheánmhuir ![]() | ||||||||
Pointe is airde |
Monte Cinto (en) ![]() ![]() | ||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||
Cruthú | Eanáir 1, 1972 | ||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||
Comhlacht feidhmiúcháin |
Executive Council of Corsica (en) ![]() ![]() | ||||||||
Comhlacht reachtach |
Corsican Assembly (en) ![]() ![]() | ||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||
Eile | |||||||||
| |||||||||
Láithreán gréasáin |
corse.fr ![]() |
Tá 275,000 duine ina gcónaí ann.
StairCuir in Eagar
Rugadh Napoleon Bonaparte ann sa bhliain 1769, i bpríomhchathair an oileáin, Ajaccio. An teach ina raibh a mhuintir ina chónaí san am, is é sin Maison Bonaparte, is músaem é inniu.
RiaracháinCuir in Eagar
Áirítear an Chorsaic ar réigiún de chuid na Fraince, cé gurb é an stádas atá ag an oileán sa dlí ná collectivité territoriale, is é sin, "tiomsaitheacht chríche". Ciallaíonn sin mar shampla go bhfuil "dáil" nó "parlaimint" na Corsaice, an Assamblea di Corsica, níos cumhachtaí ná mar a bhíonn na tionóil réigiúnacha san Fhrainc de ghnáth.
Is iad Ajaccio agus Bastia an dá chathair is mó san oileán. Sna blianta 1975-2018 bhí an t-oileán roinnte ina dhá chúige, mar atá, Haute-Corse ("Uachtar na Corsaice") agus Corse-du-Sud ("Corsaic Theas"), agus ba í Bastia príomhchathair Haute-Corse.
Tháinig deireadh leis an deighilt seo sa bhliain 2018, áfach, agus is aon aonad riaracháin amháin é an t-oileán arís.
TeangachaCuir in Eagar
Is í an Fhraincis is mó a labhraítear san oileán inniu, ach tá a dteanga féin ag muintir na Corsaice, an Chorsaicis, cé nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag céatadán beag ag bunadh an oileáin inniu.
Is iad na canúintí úd Gallurese agus Sassarese i dTuaisceart na Sairdíne na teangacha is mó gaol leis an gCorsaicis, agus deir cuid de na teangeolaithe go bhfuil siad - an teanga Gallurese ach go háirithe - níos cóngaraí don Chorsaicis ná don tSairdínis.
Tá cosúlachtaí go leor idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na Corsaicise sa gCorsaic.[2]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Diarmuid Johnson. "Corsica – Oileán faoi Rún" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-08-23.
- ↑ Maitiú Ó Coimín. "‘Namhaid na Poblachta an fhéiniúlacht teanga’ Stádas oifigiúil diúltaithe don Chorsaicis ag Macron" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-08-23.