Reáchtáladh olltoghchán, toghcháin réigiúnacha agus toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl idir Meán Fómhair - Deireadh Fómhair 2022. Fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar ar Jair Bolsonaro tar éis ceithre bliana. Ach ba ar éigean é: ní raibh dhá faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle 2022.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ToghchánOlltoghchán na Brasaíle, 2022
Am2 Deireadh Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgrúpa toghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanUachtarán na Brasaíle. Téarma in oifig: 4 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Brazilian federal deputy (en) Aistrigh. Téarma in oifig: 4 bliain
Seanadóir na Brasaíle. Téarma in oifig: 8 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
A Uachtarán na Brasaíle Cuir in eagar ar Wikidata
Electorate (en)156,453,354 Cuir in eagar ar Wikidata
123,682,372Percentage point (en) 0.63
B Brazilian federal deputy Cuir in eagar ar Wikidata
Electorate (en)156,446,127 Cuir in eagar ar Wikidata
123,679,629Percentage point (en) 0.35
Total valid votes (en)    Number of blank votes (en) 1,964,764   Number of spoilt votes (en) 3,487,847
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata Cuir in eagar ar Wikidata
 ← 2018 Cuir in eagar ar Wikidataan Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata 2026 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  → 
Lula agus Bolsonaro, 2022
Teach na dteachtaí - ó chlé go deas: Lula: 123 Ciro: 17 Simone Tebet: 72 Neutros: 52 Soraya Thronicke: 59 Felipe D'Avila: 3 Bolsonaro: 186 Padre Kelmon: 1

Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, i bhfad amach ar an eite dheis. Bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta Bolsonaro le linn 2020-2022. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime.[2]

An toghchán uachtaránachta

cuir in eagar

Bhí sé deimhnithe gurbh é iarrthóir na heite clé, Luiz Inácio Lula da Silva, a bhuaigh an toghchán uachtaránachta ar 31 Deireadh Fómhair 2022. Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro ón eite dheis.[3] D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am.[4] Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.

Chuir Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula, ag tnúth go mór le leanacht den chomhoibriú idir Éire agus an Bhrasaíl.

Iarmhairtí

cuir in eagar

Ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
  2. Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
  3. Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE). 
  4. Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
  5. Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.