Ruathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023

Ar an 8 Eanáir 2023, thug lucht tacaíochta an iaruachtaráin Jair Bolsonaro ruathar ar institiúidí an stáit i mBraisilia sa Bhrasaíl, na tithe comhdhála, áras an uachtaráin agus cúirt uachtarach na tíre. Bhris na "Bolsonaristas" isteach sna foirgnimh stáit sin agus rinneadh scrios orthu. Bhí na foirgnimh fágtha ina sceathrach acu.[1] Níor éirigh leo coup d'état a chur i bhfeidhm.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRuathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 15° 47′ 59″ S, 47° 51′ 51″ O / 15.7997°S,47.8641°W / -15.7997; -47.8641
Cineálagóid
ionsaí
iarracht coup d'état Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid decoup demonstrations and protests in Brazil after the 2022 elections (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2023
Dáta na bliana8 Eanáir 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPraça dos Três Poderes, An Bhrasaíl (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Brasília, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe4,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Sprioccoup míleata agus coup d'état Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe40 Cuir in eagar ar Wikidata
DamáistitheBird (en) Aistrigh
Bandeira do Brasil (en) Aistrigh
National Congress Palace (en) Aistrigh
Palácio do Planalto (en) Aistrigh
Supremo Tribunal Federal building (en) Aistrigh
Bailarina (en) Aistrigh
Araguaia (en) Aistrigh
As Mulatas (en) Aistrigh
A Justiça (en) Aistrigh
O Flautista (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Scriostapendulum clock gifted to João VI of Portugal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
1,418 (11 Eanáir 2023) Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí lucht tacaíochta Bolsonaro míshásta le toradh na dtoghchán sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair, tráth a fuair Lula an ceann is fearr ar Bolsonaro a bhí i gcumhacht ar feadh ceithre bliana roimhe sin. Chreid na Bolsonaristas gur toghchán cam a bhí ann.

míle murdar ann

Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington sa bhliain 2021, cé nár éirigh leosan an rialtas a chur as cumhacht ach oiread.[2]

 
Na Bolsonaristas, slua ollmhór, roimh Palácio do Congresso
Scrios

Imeachtaí

cuir in eagar

Tugadh ar a laghad 4,000 leantóir breise isteach ar bhusanna chun páirt a ghlacadh san ionradh. Ar na meáin shóisialta a eagraíodh an rud ar fad, i dtimpeallacht lán teoiricí comhcheilge.[3]

Shínigh Uachtarán na Brasaíle Lula ordú a thugann cumhachtaí speisialta don rialtas agus do na póilíní in Brasília an t-ord poiblí a chur ar bun arís sa chathair. Tharla caismirtí idir na fórsaí slándála agus lucht tacaíochta Bolsonaro agus gabhadh os cionn 300 loitiméir.

Lula ag labhairt níos déanaí

Iarracht ar 'Coup d'Etat'

cuir in eagar

Coup d’état a bhí ar intinn ag na loitiméirí, is cosúil[3]. Tháinig deireadh le deachtóireacht na nGinearál thiar i 1988 agus bhí an lucht agóide ag súil go mór le idirghabháil mhíleata. Cháin Bolsonaro an ruathar ar na foirgnimh chomh maith agus shéan sé nár ghríosaigh sé an slua. Dúirt sé, áfach, go raibh sé de cheart ag daoine léirsiú go síochánta.

Níor mhair an éirí amach ach cúpla uair an chloig ach cáineadh go láidir í sa Bhrasaíl agus thar lear. Dúirt Uachtarán na Brasaíle Lula gur "fogha faisisteach" a bhí san ionsaí ar na foirgnimh stáit. Chuir sé Gobharnóir na Dúiche Feidearálaí agus príomhoifigeach Slándála Poiblí na dúiche céanna as oifig go sealadach toisc nach raibh dóthain póilíní ar fáil – d’aon ghnó, gach seans – chun srian a choinneáil leis na loitiméirí.[3]

Níos déanaí

cuir in eagar

In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Nuacht RTÉ (2023-01-09). "An Bhrasaíl: foirgnimh stáit ina sceathrach tar éis ruathair" (as ga-IE). 
  2. Conradh na Gaeilge (14 Eanáir 2023). "Nuacht Mhall (podcast), Tiobraid Árann" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-01-17.
  3. 3.0 3.1 3.2 Alex Hijmans (9 Eanáir 2023). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ionsaí déanta ag sceimhlitheoirí ar institiúidí an daonlathais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-09.
  4. Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.