Baineann an t-alt seo le féile Chríostaí na Nollag. Tá eolas faoi Mí na Nollag le fáil ar leathanach eile.


Saoire i bhféilire na Críostaíochta is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis), fhéile bhliantúil lena gceiliúrtar breith Íosa Críost ar an 25 Nollaig.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Nollaig
Íomhá
Cineállá féile Críostaí
saoire phoiblí
federal holiday in the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séBreith Chríost Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí agus Christmastide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
25 Nollaig (Eaglais Chaitliceach Rómhánach)
December 25 (en) Aistrigh
19 Eanáir (Armenian Patriarchate of Jerusalem (en) Aistrigh)
24 Nollaig (an Danmhairg, an tSualainn, an Ghearmáin)
6 Eanáir
Koiak 29 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Haischlib#Christmas agus #Xmas Cuir in eagar ar Wikidata

De réir na soiscéal, rugadh Íosa don Mhaighdean Muire sa Bheithil, áit a raibh sí féin agus a fear céile Iósaf ar lóistín i ndiaidh dóibh an áit a bhaint amach le clárú i ndaonáireamh Rómhánach. De réir mar a deir lucht leanúna na Críostaíochta, tháinig tairngreacht na bhfáithe Giúdacha isteach fíor nuair a rugadh Íosa, nó bhí sé sa tairngreacht go dtiocfadh Slánaitheoir de theach agus de threabhchas Dháiví chun an saoil. Inniu, is saoire mhór phoiblí í an Nollaig ar fud an domhain, fiú ina lán de na tíortha nach bhfuil cónaí ar mhórán Críostaithe iontu. Ábhar mór díospóireachta é i gcónaí, cén t-am a saolaíodh Íosa i ndáiríre, nó níl na saineolaithe cinnte faoin mbliain cheart féin.

An Triúr Saoithe ag tabhairt cuairte ar Íosa Críost ar Oíche Nollag Bheag tar éis a bhreithe lá Nollag

Sanasaíocht cuir in eagar

Sean-Ghaeilge Notlaic, ón Laidin Natalicia, ón mbriathar Laidine (g)nasci, ón bhfréamh Ind-Eorpaise *gen-.

Ó Natalicia:

Dáta an cheiliúrtha cuir in eagar

Thosaigh iarrachtaí cearta ar dháta breith Chríost a shocrú timpeall dhá chéad bliain tar éis a bháis, agus an eaglais Chaitliceach ag socrú a cuid féilte agus traidisiúin. Ceiliúrtar an Nollaig anois ar 25 Nollaig sna heaglaisí Caitliceacha agus de bhunús Chaitliceach ar fad: na heaglaisí (Ceartchreidmheacha, Caitliceacha, agus Protastúnacha). Mar níor ghlac an chuid is mó de na heaglaisí Ceartchreidmheacha na hathraithe a bhain le Féilire Ghréagóra nó le Féilire Athchóirithe Iúil, is ar an dáta poiblí 7 Eanáir a thiteann 25 Mí na Nollag sa bhFéilire Eaglasta acusan sna blianta 1900 go 2099.

Tá difríochtaí freisin i gcomóradh poiblí na Nollag. I Sasana agus in Éirinn, tosaíonn dáréag lá na Nollag ar lá Nollag, agus déantar fleá agus féasta ar feadh an achair go dtí Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan mar a thugtar freisin air.

Tá féile na Nollag imithe i bhfad i dtíortha áirithe, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Sasana, agus i SAM tosaíonn an ceannach agus an maisiú go díreach i ndiaidh Lá an Altaithe. Leanann sé ón Nollag go dtí Lá Cinn Bliana, faoi cóisir ag baile agus ag obair, agus bíonn a chuid comóradh féin ag dul le Lá Cinn Bliana. In Albain, tugtar Hogmanay ar Oíche Chinn Bhliana, agus más aon ní, is mó an chomóradh a dhéantar ar an bhféile sin ná ar an Nollaig féin. Tugtar Oíche Nollag ar 24 Mí na Nollag. Tugtar "Boxing Day" ar 26 Mí na Nollag i bhformhór na dtíortha ina labhraítear Béarla, ach Lá 'le Stiofán i dtíortha Chaitliceacha de ghnáth. Uaireanta tugtar Lá an Dreoilín air in Éirinn. San Ísiltír, sa Ghearmáin, i gCríoch Lochlann agus sa Pholainn, tugtar Céad lá na Nollag agus Dara lá na Nollag ar Nollaig 25 agus Nollaig 26 faoi seach (m.sh. "Erster/Zweiter Weihnachtstag" i nGearmáinis).

Nósanna agus ceiliúradh cuir in eagar

Tá an-chuid nósanna le bunús creidimh, pobail nó náisiúnta mórthimpeall na Nollag. Thosaigh an crann Nollag sa Ghearmáin. Tháinig nósanna eile ar nós Liamhás na Nollag, cuileann, agus tabhairt bronntanais ón bhféile lár-gheimhridh níos luaithe a bhí imeasc na bpágánach, Yule agus an cheiliúradh ar an ngrianstad a bhí bhí coitianta i dtuaisceart na hEorpa i bhfad sular tháinig an Chríostaíocht. Seachas cosc a chur leis na féilte seo, thug an Pápa Gréagóir I cead do mhisinéirí Críostaíochta míniú Críostaíocht a thabhairt dóibh, fad is a ligfí don chuid is mó de na nósanna a bhain leo leanúint ar aghaidh gan bhac. 1 Tá cúpla eaglais Críostaíochta, Finnéithe Iáivé ina measc, agus roinnt grúpaí Piúratánacha, a bhreathnaíonn ar an Nollaig mar fhéile págánach nach dtagann ón mBíobla, agus nach gceiliúrann í mar gheall air sin.

Nósanna saolta cuir in eagar

Mar gur tháinig go leor de nósanna na Nollag i dtuaisceart na hEorpa, baineann go leor acu le geimhreadh an Leathchruinne Thuaidh, agus mar sin baintear an-fheidhm as rudaí geimhridh ar nós sneachta, cuileann agus a leithéid in ornáidí agus i bpictiúir de Dhaidí na Nollag.

Daidí na Nollag agus figiúir eile a thugann bronntanais cuir in eagar

Tagann an choincheap de fhigiúr ceilte a thugann bronntanais do leanaí ó San Nioclás, easpag cineálta ón 4ú haois san Áise Bheag. Chuir muintir na hOllainne tús le San Nioclás a thugadh bronntanais ag a fhéile ar 6 Nollaig. I Meiriceá Thuaidh, ghlac coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo ina gcomóradh Nollag, agus rinneadh Santa Claus, de 'Sintaklaas na nOllannach. I dtraidisiún na mBéarlóirí seo i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar carr sleamhnáin arna tharraingt ag réinfhianna, dreapann sé anuas an simléir, agus fágann sé féiríní do leanaí, agus itheann sé an bia agus (gan amhras ar bith) an deoch a fhágtar lena choinne. Tá ceangal lárnach idir an carachtair seo agus an té Eorpach Daidí na Nollag. Tugann sé an bhliain ag déanamh bréagáin, agus ag coinneáil liostaí ar iompar na leanaí. I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga i gcearta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus tagann páistí ag lorg bronntanais uaidh.

I gcuid mór tíortha, is ar Fhéile San Niocláis a thugtar na bronntanais. Ina leithéid d´áiteanna, mar san Ísiltír agus go leor den nGearmáin, fágtar gur mó d´fhéile creidimh an Nollaig féin. Ach in Éirinn sa sean-saol, agus fós i dtíortha eile ar nós codanna den Ghearmáin, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas.

Tabhairt bronntanas agus cártaí cuir in eagar

Tugtar bronntanais i mbeagnach gach áit ina gceiliúrtar an Nollaig. I go leor tíortha, fágann leanaí soithí folmha Oíche Nollag le go líonfadh Daidí na Nollag le féiríní beaga iad, ar nós bréagáin, milseáin nó torthaí. Sna Stáit Aontaithe, crochann leanaí stoca Nollag ar an dtinteán, mar go dtagann Daidí na Nollag anuas an simléir an oíche sin le iad a líonadh. I dtíortha eile, fágann leanaí bróga folmha amuigh ag feitheamh lena chuairt. Ach ní hé Daidí na Nollag amháin a bhronnann féiríní, mar go mbíonn bronntanais ag cairde agus ag muintir dá chéile.

Tá an-tábhacht ag cártaí Nollag sna SAM, in Éirinn agus sa Bhreatain, go minic le cairdeas a choinneáil le gaolta agus le cairde i bhfad i gcéin, maille le daoine a dhéanann gnó le chéile. Tugann a lán pictiúr an chlainne leis an gcárta, agus uaireanta airgead nó nuachtlitir a thugann a n-éachtaí agus a n-aistir ar feadh na bliana.

Ornáidí cuir in eagar

 
Teach oirnéalaithe don Nollaig in Yate, Sasana

Déanann a lán daoine maisiú ar a gcuid tithe le crann Nollag le soilse agus ornáidí Nollag, agus crochann siad duilleoga agus craobhacha de chrainn a fhanann glas sa gheimhreadh, go háirithe cuileann agus drualus. I Meiriceá Thuaidh, agus anois sa Bhreatain agus in Éirinn, cuireann daoine go leor soilse ar an taobh amuigh dá gcuid tithe, agus iad go minic i bhfoirm fir sneachta, Daidí na Nollag agus a charráiste á tharraingt ag réinfhianna, agus íomhánna eile Nollag.

Tá ceangal fada ag an poinséitia leis an Nollaig, maille leis an gcuileann, an amaryllis agus cachtas Nollag.

Gnéithe sóisialta agus siamsaíochta cuir in eagar

I go leor tíortha, bíonn cóisir agus damhsaí ag scoileanna, gnóthaí, agus ag pobail éagsúla. De ghnáth tarlaíonn siad i rith na coicíse roimh na Nollag. Bíonn drámaí Nollag ag grúpaí áirithe, mar shampla le breith an linbh Íosa. Téann complachtaí amach ag canadh carúil Nollag. In Éirinn tá an nós ann dul amach ar an dreoilín lá 'le Stiofán. Déanann daoine eile obair charthanacha, ar nós cuidiú le cistineacha a dhéanann freastal ar na mboicht, nó ag lorg síntiúis d´eagrais.

An t-am a dhéantar bronntanais Nollag a thairiscint cuir in eagar

Tugann an t-amhrán Béarla Twelve Days of Christmas le fios go raibh nós in áiteanna bronntanais a thabhairt 'chuile lá ó Nollaig go Nollaig Bheag. Ach níl anseo ach ceann amháin de na nósanna le bronntanais.

Sa chuid is mó den domhan, tugtar bronntanais ar oíche Nollag (24 Nollaig) nó ar maidin lae Nollag. I dtíortha ina n-aithnítear San Nioclás mar bhronntóir, déantar an bronnadh ar an 5 Nollaig nó ar an 6 Nollaig. Sa Spáinn, agus i dtíortha eile a leanann a nósanna, is iad na Trí Ríthe (nó an Triúr Eagnaithe) a thugann na bronntanais ar Nollaig Bheag. Sa Ríocht Aontaithe go dtí le gairid, thugtaí bronntanais do dhaoine lasmuigh den chlann ar Boxing Day, 26 Nollaig.

Bia cuir in eagar

Ar lá Nollag, is gnáth béile mór le miasa Nollag ar leith a chur ar an mbord, agus tá a nósmhaireacht féin ag gach tír, nach mór. Tugtar milseáin, cnónna agus a leithéid don Nollaig go minic freisin. Ach, i dtíre eile bíonn an fhéile ar an 24ú Mí na Nollag cosúil leis An Pholainn agus An Ghearmáin.

Nósanna agus ceiliúrtha eaglasta cuir in eagar

Tosaíonn na ceiliúrtha eaglasta leis an Aidbhint, le feitheamh le breith Chríost, ag deireadh mí Shamhna, agus bíonn seirbhísí eaglasta ar leith dó. Bíonn carúil Aidbhinte lena linn go minic. Baintear feidhm as féilirí Aidbhinte sa cheiliúradh freisin, agus milseáin agus seacláid iontu do leanaí. Díreach roimh na Nollag, bíonn go leor seirbhísí Nollag i séipéil, ina mbíonn iomainn Nollag agus carúil Nollag á sheinneadh. I gCambridge Shasana, reachtaítear an fhéile Nine Lessons and Carols. Ar Oíche Nollag agus Lá Nollag, ceiliúrtar, mar shampla, Aifreann na Gine nó Aifreann Bhreith Chríost. Tagann séasúr eaglasta na Nollag chun deiridh le féile Nollaig Bhig nó Oíche Chinn an Dá Lá Déag, an lá ar thug na cuairt ar an leanbh Íosa.

Tá a leithéid de thábhacht is de shult ag baint leis an Nollaig, go gcuireann creidimh eile a bhféilte geimhridh féin ar aghaidh ina choinne. Is é an ceann is soiléire díobh seo ná Chanukah an Ghiúdachais, lena mbaineann traidisiún bronnadh sa teallach ón 20ú haois ar aghaidh.

Nósanna agus ceiliúrtha náisiúnta[2] cuir in eagar

Nollaig in Éirinn[3][4] cuir in eagar

An leathchruinne ó dheas cuir in eagar

I dtíortha na leathchruinne ó dheas, ceiliúrtar an Nollaig i gcónaí ar 25 Mí na Nollag, cé go bhfuil sé i lár an tsamhraidh acusan. Ar ndóigh, ní cosúil leis an nós sa leathchruinne ó thuaidh é seo, agus bítear ag róstadh turcaí ar an trá agus ag iompar éadaí Daidí na Nollag san Astráil uaireanta.

Stáit Aontaithe Mheiriceá cuir in eagar

I measc na rudaí a chuireann muintir SAM suim iontu, tá an crann Nollag ollmhór agus an oighear scátála ag Láithreán Rockefeller i Nua-Eabhrac, agus na hornáidí Nollag sa Teach Geal in Washington, DC. Cé gur measa an brú díolachán i SAM ná beagnach aon áit ar domhain, is gnáth go bhfanann teallaigh go dtí Lá Tabhairt an Bhuíochais (Thanksgiving) chun tosú ag maisiú tí agus ag cur crann Nollag in airde.

 
Daidí na Nollag, 1914 sa tSeapáin

An Áise cuir in eagar

Sa tSín, is é 25 Mí na Nollag dáta sínithe Bhunreachta Phoblachta na Síne i 1947. Ceiliúrtar an saoire oifigiúil ar an lá sin go leathan ar nós na Nollag. Ghlac an tSeapáin go leathan le Daidí na Nollag an domhain iarthair lena cheiliúradh seicteach ar an Nollaig, ach is saoire níos tábhachtaí é Lá Cinn Bliana.

Tuaisceart agus Oirthear na hEorpa cuir in eagar

Sa Ghearmáin agus san Ísiltír, is cosúil ceiliúradh Lá San Nioclás go luath i mí na Nollag le Nollaig domhain an Bhéarla. Tá Sinterklaasavond (tráthnóna San Niocláis) na hOllainne is níos tábhachtaí ansin ná an Nollaig, cé go bhfuil cuid de mhuintir na hÍsiltíre ag ceiliúradh Oíche Nollag le Daidí na Nollag chomh maith le cúpla bliain anuas. Tugann Sinterklaas, atá bunaithe ar San Nioclás na staire agus óna shíolraíonn ¨Santa¨ Shasana agus Mheiriceá, bronntanais sa tráthnóna ar Eanáir 5ú do gach páiste a bhí múinte. Caitheann sé éadach dearg easpaig, maraon le mitre dearg, agus déanann sé marcaíocht ar chapall bán thar mullach na dtithe, agus go leor cuiditheoirí mailíseacha leis ar a dtugtar 'zwarte Pieten' (Peadar dubha). In áiteanna sa Ghearmáin, san Ostair, agus san Eilvéis, tagann Knecht Ruprecht scanrúil freisin.

Braitheann ceiliúradh na Nollag sa Ghearmáin ar an dúiche. Sa chuid is mó de na dúichí, ceiliúrtar Lá San Nioclás. Déantar mion-cheiliúradh ar Nikolaus de ghnáth. cuireann go leor leanaí búta, ar a dtugtar Nikolaus-Stiefel, lasmuigh dá ndoirse ar oíche 5 Mí na Nollaig. Sa deisceart, tugann an Christkind féiríní do leanaí ar maidin an 24ú de Nollaig, agus tugtar bronntanais eile nuair a nochtar an crann Nollag. Maidir le cúrsaí gnó, d´fhéadfaí ceantar táirgeadh bronntanais Nollag a thabhairt ar an Striezelmarkt, agus é ag tairiscint rudaí ar leith ó cheantar Dresden, idir chriadóireacht agus priontaí agus bianna blasta a sheoltar ar fud an domhain.

Teoiricí faoi bhunús dáta na Nollag cuir in eagar

Cuireadh go leor dátaí ar aghaidh do cheiliúradh na Nollag. Ní ghlacann gach aoinne le haon míniúchán amháin ar an fáth a cheiliúrtar ar an 25ú lá de Nollaig í. Imeasc na dteoiricí tá siadso:

  • Tugann an alt Catholic Encyclopedia ar "Christmas" áit dúinn le tosú le stair na féile. Níl an Nollaig ar na liostaí féilte is luaithe, iadsan le Irenaeus agus le Tertullian. Tagann an fhianaise is luaithe ar cheiliúradh lae breithe Chríost ó Alexandria, timpeall 200 A.D., nuair a mheas Clement Alexandria gur thug diageolaithe Éigipteacha áirithe tomhais an-ait, ní h-amháin ar an mbliain, ach ar an lá ar a rugadh Críost.2 De réir Clement, bhíodar á lonnú ar 25ú Pachon (Bealtaine 20ú) sa 28ú bhliain de réim Augustus. Ba é Epiphany a bhí á cheiliúradh ag lucht leantha Basil, ar 15 nó 11 Tybi (Eanáir 6 nó 10). Faoi aimsir chomhairle Nicea, 325 A.D. shocraigh eaglais Alexandrian dies Nativitatis et Epiphaniae. Tháinig féile mhí na Nollag chun na hÉigipte sa 5ú haois. San oirthear, thug muintir na hAirméine cúl láimhe do fhéile na Nollag i bhfabhar do fhéile Epiphany. I Iarúsailéim, thug Egeria, oilthire ón 4ú haois as Bordeaux, fianaise ar cheiliúradh ar fhéile na Toirbhirte, daichead lá ó Eanáir 6ú, agus is cosúil gurb shin é an dáta a thugtaí ansin ar bhreith Chríost. Ag Antioch, is dóichí sa bhliain 386, ghríosaigh Naomh Eoin Chrysostom an pobal le comóradh a dhéanamh ar bhreith Chríost ar an 25ú de mhí na Nollag, agus is cosúil go raibh cuid den phobal á chomóradh ar an gcaoi sin le 10 mbliana ar a laghad.
  • Ghlac na céad Críostaithe le lá ar rugadh roinnte déithe págánacha, ar nós Osiris, Iúpatar, agus Plutus, nó ar deineadh ceiliúradh ar an sean-taoiseach diagúil Nimrod.
  • Glacadh le dáta na bhféilte lár-geimhridh, ar nós Yule (Lá Fhéile Geóla) na Gearmáine agus an fhéile Rómhánach Féile breithe na Gréine nár cloídh, a cheiliúrtar ar an lae i ndiaidh grianstad an gheimhridh, nó an fhéile Rómhánach Saturnalia.
  • Tagann sé ón traidisiún gur rugadh Íosa le linn Féile Giúdach sa Soilse (Hanukkah, an 25ú lá de Kislev agus tús Tevet). Glactar go leathan gur ionann Kislev beagnach le mí na Nollag an lae inniu. Faoin Sean Féilire Iúlach, agus scoláirí go minic ag glacadh gur rugadh Íosa sa bhliain 5 RC, bheadh an 25ú de Kislev ar an 25ú de mhí Shamhna.
  • Ar dáta Aoine an Chéasta, an lá ar cailleadh Íosa Críost, atá dáta na Nollag bunaithe. Os rud é nach luaitear an dáta ar cailleadh Íosa sna soiscéil, rinne na céad Críostaithe iarracht ar é a mheas, agus ba iad mí Márta 25ú nó mí Aibreán 6ú na tomhais a rinne siad as an bhfianaise a bhí idir lámha acu. Le dáta breith Íosa a mheas ansin, leanadar an seantraidisiún go gcailltí fáidhe an Sean Tiomna ag aois iomlán, is é sin comhaimsear a nginiúint nó a lae breithe. Rinneadar réasúnú gur cailleadh Íosa ar chomhaimsir an Incarnation (a ionchollú), agus mar sin bheadh a lá breithe naoi mí i ndiaidh dáta Aoine an Chéasta—cé acu Nollaig 25ú nó Eanáir 6ú. Mar sin, ní h-amháin nár thóg na Críostaithe dáta na Nollag ó na Págánaigh, ach tá scoláirí áirithe ag rá gur é tharla a mhalairt glan. [Féach Duchesne (1902) agus Talley (1986).]

Nollaig sa litríocht agus scannánaíocht cuir in eagar

Ceol cuir in eagar

Scannáín cuir in eagar

Foinsí tagartha cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Cosnótaí cuir in eagar

  • 1 San 8ú haois, ina chuntas Historia ecclesiastica gentis Anglorum ("Stair Eaglasta na Sasanach"), tugann an eaglasach Sasanach Bede cóip de litir ón bPápa Gríogóir I go Naomh Mellitus, a bhí ar a bhealach go Sasana chun obair misinéireachta a dhéanamh leis na hAngla-Sacsanaigh neamh-Chríostúla. Tugann an Pápa a bharúil gur éasca do phágánaigh a thiontú go dtí an Chríostaíocht má ligtear dóibh cuid desna chleachtaithe págánacha a choinneáil ina bhfoirmeacha, ach iad a athmhúnlú go spriodúil i dtreo an Aon-Dia amháin, seachas i dtreo Déithe na bpágánach (ar a dtugann an Pápa "diabhail" orthu), "sa chaoi gur, fad is a cheadaítear sásaimh poiblí dóibh, gur éasca ar féidir leo dul le faoisimh bunúis grás Dé". [1] Glacann am Pápa lena leithéid de chleachtaithe tiontaithe a bheith de réir an Bhíobla, ag rá go ndearna Dia an rud céanna leis na sean Iosraelítighs agus a gcuid íobairtí págánacha.
  • 2 i Stromateis, I, xxi i P.G., VIII, 888

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: Nollaig" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-12-24.
  2. NÓS (5ú Nollaig 2015). "Nósanna na Nollag timpeall na hEorpa!" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-01-19.
  3. "Troscadh Oíche Nollag Mór · CBÉ 0224 (Part 1) · The Main Manuscript Collection" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2023-12-23.
  4. Molscéal (1996). "Síle Mhic Niallais cur síos ar an Nollaig fadó". Dáta rochtana: 2023.